Gradaim Bhaile Bhaile Brigín 2019
D'óstáil Coiste Idirchaidrimh Pobail Bhaile Brigín Gradaim Bhaile Brigín Déardaoin an 5 Nollaig 2019 in Óstán Bracken Court. D'éirigh go hiontach leis na Gradaim Bhaile a bhíodh á n-óstáil go hiondúil thar na blianta ag Comhairle Bhaile Brigín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne acu.
Tá Coiste Idirchaidrimh Pobail Bhaile Brigín comhdhéanta de ghrúpaí áitiúla ionadaíocha pobail agus gnó, iad ag obair i gcomhar le comhaltaí tofa cheantar Bhaile Brigín. Tacaíonn Comhairle Contae Fhine Gall leis an ngrúpa seo chun fóram a éascú ina ndéantar saincheisteanna áitiúla a ardú agus a athbhreithniú go rialta. Bhí an Comh. Gráinne Maguire agus an Comh. Tony Murphy i láthair ar an oíche thar ceann na Comhairle agus chuir an Príomhfheidhmeannach, AnnMarie Farrelly, tús le hócáid na ngradam.
Is deis iontach iad Gradaim Bhaile Brigín do phobal Bhaile Brigín daoine a ainmniú a bhfuil aitheantas tuillte acu mar gheall ar a gcuid éachtaí i réimsí na nEalaíon agus an Chultúir, Feabhsuithe Baile, Spóirt agus Pobail.
Tá na Gradaim dírithe ar aitheantas a thabhairt do dhaoine a bhfuil ionadaíocht déanta acu ar an bpobal ag leibhéal áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta, do dhaoine a thugann tacaíocht do dhaoine eile ar bhonn deonach, d'[oibreacha carthanacha , do ghnóthachtála ealaíne nó spóirt nó do rathúlacht gnó.
LIOSTA BHUAITEOIRÍ NA NDUAISEANNA
GRADAIM na nEALAÍON an CHULTÚIR & an CHEOIL
Buaiteoir Chatagóir na nEalaíon - Alexandra Ranecka, An dara háit - Grúpa Ealaíne Theach Solais Fhine Gall
Buaiteoir Chatagóir an Cheoil - Sarah May Rogers (Acadamh Ceoil Cadence) - an dara háit Louise Lamari (Ball de Chór Sea Change)
GRADAIM GHNÓLACHT MIONDÍOLA/ SEIRBHÍSE NA BLIANA
Gnólacht Miondíola/Seirbhíse na Bliana - Pappagalio
An Gnólacht is Fearr Curtha i Láthair - Sherry Fitzgerald Cumisky
Gradam Dianiarrachta Áitiúla - Eoghan Brady agus Ronan Kelly
An dara háit - Diarmuid Fenton agus Anne Nightingale
Gradam Cathrach - Denise Sherlock, Geraldine Phillips & Simona Barlescu
GRADAIM NA mBAILTE SLACHTMHARA - NA hEASTÁIT IS FEARR CURTHA I LATHAIR
1ú Eastát Lann Bheachair & Caisleán Bhrí Mór
2ú Arda Fancourt
3ú Cúirt na Teamhrach
GRADAIM SPÓIRT
Teastais Ghnóthachtála Spóirt
Daniel Kenny
Finnan Wherity
Cumann Uí Dhuibhir Óg
Ailene Fanning
Cailíní an Ghléib Thuaidh
Aaron Reilly
Beyond Jiu Jitsu
Cumann Uí Dhuibhir, Foireann na mBan faoi 16
St Mary's Baton Twirlers
Foireann Shóisearach na Bliana - Cumann Uí Dhuibhir, Foireann Iománaíochta faoi 15 / Man O War Buachaillí faoi 16
Foireann Shinsearach na Bliana - Club Rothaíochta Velo
(John McCormack, Eddie Guildea, David Dargle & Martin Casey)
Lúthchleasaí Sóisearach na Bliana - Sara Burke
Lúthchleasaí Sinsearach - Siobhan O Connor
GRADAIM CHUIMHNEACHÁIN FRANNY HOGAN - Emily Whelan
GRADAIM COMHPHOBAIL & IMEASCTHA
Teastais Aitheantais
34ú/161ú Grúpa Gasóg Bhaile Brigín - 90 bliain
34ú/161ú Ghrúpa Gasóg Bhaile Brigín Patról an Phoic
St Mary's Baton Twirlers- 40 bliain
Grúpa Pobail na Bliana - Ace Tiomsaitheoirí Airgid
Duine Pobail na Bliana - Charlie Curtis
Imeacht Pobail na bliana - Camino “Fánaithe”
Gradam Choiste Idirchaidrimh Bhaile Brigín - Michael Connolly
Gradam Stephen Scariff - Briogáid Dóiteáin Bhaile Brigín