Grianghraif de Fhine Gall san am atá thart Snapshots of Fingal's Past

An bhfuil grianghraif agat d’áiteanna, daoine, imeachtaí, saol laethúil, spórt, feirmeoireacht, tionsclaíocht agus ceardaíocht Fhine Gall? Tá Líonra Oidhreachta Fhine Gall maraon le hOifig Oidhreachta Fhine Gall ag iarraidh grianghraif a fháil dár n-am atá thart agus na scéalta a insíonn siad, le haghaidh taispeántas fíorúil.

Snapshots

‘Pleanáilte ar dtús mar ócáid bheo, b’éigean dúinn dul i ngleic leis na cúinsí atá ann faoi láthair’ a dúirt Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker. ‘Mar thionscnamh don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta 15-23 Lúnasa, inseoimid scéalta ár n-am atá thart trí thaispeántas fíorúil ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall’.

Chun páirt a ghlacadh ann, teastaíonn do ghrianghraif uainn agus alt gearr nach mó ná 500 focal a insíonn an scéal taobh thiar den ghrianghraf. Is féidir leat do ghrianghraif a sheoladh i ríomhphost go díreach chuig an Oifigeach Oidhreachta ag [email protected] . Is féidir linn a shocrú freisin go ndéanfar do ghrianghraif a scanadh agus a sheoladh ar ais chugat. Is é an spriocdháta le grianghraif a chur isteach ná 20ú Iúil 2020. Is deis í seo na scéalta gasta sin a ghabhadh ar cheamara don todhchaí a thaifeadadh agus a roinnt agus imeachtaí san am atá thart a fhágann gur áit fíorspeisialta í Fine Gall le maireachtáil a mheabhrú do dhaoine.

Tuilleadh Eolais

Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Fhine Gall, ríomhphost [email protected]   fón 086-7784669