Imeacht in Áras an Chontae mar chuid den Cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i bhFine Gall in 2022

Déanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ceiliúradh ar an nGaeilge agus an cultúr i rith Sheachtain na Gaeilge, a bheidh ar siúl ón 1 go dtí an 17 Márta 2022

Seachtain na Gaeilge Poster 2022

Déanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ceiliúradh ar an nGaeilge agus an cultúr i rith Sheachtain na Gaeilge, a bheidh ar siúl ón 1 go dtí an 17 Márta 2022.  Ag leanúint ó 2021, nuair a bhí na himeachtaí go léir ar líne, tá gliondar croí orainn filleadh ar roinnt imeachtaí i bpearsan, tráthnóna ceoil ina measc in Áras an Chontae i Sord a chuirfidh leis na himeachtaí iontacha ar líne a d’eagraigh Leabharlanna Fhine Gall.  Is éard a ndíríonn Seachtain na Gaeilge go príomha air ná grá don teanga a athmhúscailt agus a úsáid na teanga a spreagadh agus déanfaimid seo laistigh den chomhairle agus trí imeachtaí agus cur chun cinn ar ár gcainéil mheán sóisialta éagsúla le gach duine a spreagadh pé Gaeilge atá acu a úsáid – Bain Triail Aisti. 

Cairde le Seachtain na Gaeilge i bhFine Gall le fada an lá iad Antaine Ó Faracháin agus Nollaig Mac Cárthaigh agus tá gliondar croí orainn a bheith in ann fáilte a chur rompu arís eile go hÁras an Chontae chun tráthnóna ceoil, amhrán agus Gaeilge a chur ar siúl Dé Céadaoin, an 9 Márta ó 7 go dtí 9pm.Canann Antaine Ó Faracháin sa stíl thraidisiúnta i mBéarla agus i nGaeilge agus cuireann sé féile amhrán Sean-Nóis Chois Life ar siúl. Is sárphíobaire agus cainteoir líofa Gaeilge é Nollaig agus tá ardmheas air mar cheoltóir a mhúineann an phíb uilleann agus cloistear go minic é ag seinm ag seisiúin.  Tá fáilte roimh gach duine – déan teagmháil le [email protected] le háit a chur in áirithe.  Cuirfimid siúlóid dhátheangach ar siúl freisin i dtailte áille Chaisleán Ard Giolláin ag 11am Dé Máirt, an 15 Márta leis an bpríomhgharraíodóir, Doiminice.

Cuirfidh Leabharlanna Fhine Gall tús lena gcuid imeachtaí leis an Iriseoir Edel Coffey agus í ag comhrá i mBéarla agus i mbeagán Gaeilge le Manchán ar Zoom faoin leabhar is déanaí a scríobh sé, ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and Other Irish Words For Nature’, agus is féidir le gach duine éisteacht leis an gcomhrá seo Dé Máirt, an 1 Márta @8pm. Is é an nasc áirithinte ar Eventbrite: https://www.eventbrite.ie/e/249331686787 .  Cuirfear Tús Eolais ar fáil ar Scratch as Gaeilge/Códú Scratch trí Ghaeilge do dhaoine 10-12 bhliain d’aois Dé Sathairn, an 5 Márta ag 11am https://www.eventbrite.ie/e/252099786247 agus is féidir leat éisteacht leis an údar Gaeilge Carmel Uí Cheallaigh ag caint go dátheangach faoina Leabhair an-spéisiúla Ghaeilge Comórtha Céad Bliain ar YouTube ag https://youtu.be/8usz53PzYaA

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Seána Ó Rodaigh: “Tá Seachtain na Gaeilge linn arís! Táim ag súil go mór le teacht le chéile go pearsanta an bhliain seo chun ár dteanga is cultúr a cheiliúradh. Mar is eol dúinn tá pobal na Gaeilge ag méadú i bhFine Gall agus is iontach an rud é. Gné an-tábhachtach dár gcultúr ag gach tráth í an Ghaeilge, ach baineann an-tábhacht le Seachtain na Gaeilge mar gheall go gcruthaíonn sé bís agus díriú a gcuirtear fáilte rompu gach bliain. Is álainn gur féidir linn tosú ag casadh lena chéile i bpearsan arís le taitneamh a bhaint as an teanga ag imeachtaí beo agus leanúint le sult a bhaint as ábhar ar líne tar éis srianta a bheith i bhfeidhm le dhá bhliain anuas ní hamháin dár bpobal Gaeilge atá ag fás i bhFine Gall ach do chách. Beatha Teanga í a Labhairt.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Tá bís orm gur féidir linn filleadh ar an traidisiún ina gcuirtear fáilte roimh dhíograiseoirí Gaeilge i bhFine Gall go hÁras an Chontae le haghaidh Sheachtain na Gaeilge i mbliana agus tá súil agam go mbainfidh siad taitneamh as ár n-ábhar ar líne ilchineálach freisin. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do thacú leis an nGaeilge agus leis an gcultúr i bhFine Gall. 

Is féidir teacht ar shonraí iomlána fúthu seo agus faoi imeachtaí eile le haghaidh Sheachtain na Gaeilge ar ár láithreán gréasáin https://www.fingal.ie/seachtainnagaeilge2022.  Bí cinnte sinn a leanúint ar Facebook agus Twitter chun súil a chaitheamh ar ár n-ábhar laethúil sna meáin shóisialta. Díreoidh ár n-ábhar ar líne go léir go príomha ar an teanga agus an cultúr a cheiliúradh agus a chur chun cinn agus beidh go leor ábhar ar fáil le taitneamh a bhaint astu ar ár Meáin Shóisialta, Logainm an Lae agus Seanfhocal an Lae agus ábhar ó Oifig Spóirt Fhine Gall san áireamh.

Chun teacht ar shonraí iomlána faoi Sheachtain na Gaeilge, féach https://peig.ie/event-category/snag/ 

Chun teacht ar eolas breise, déan teagmháil le Bernie Kelly ag [email protected] :

Faigh amach níos mó anseo

Manchan Magan
seachtain na gaeilge