Imeachtaí spreagúla i bhFine Gall don fhéile méadaithe Teach Ar Oscailt (Open House) Bhaile Átha Cliath

Swords Castle

I measc buaicphointí na n-imeachtaí a mbeidh ar siúl, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Fhine Gall mar chuid de Teach Ar Oscailt Bhaile Átha Cliath na bliana seo, an fhéile ailtireachta in aisce de chuid Fhondúireacht Ailtireachta na hÉireann, tá turais threoraithe ag cur béime ar chaomhnú agus ar fhorbairt Cheathrú Chultúrtha Shoird, lena n-áirítear Caisleán Shoird agus an Leabharlann Carnegie, atá á athchóiriú le húsáid mar spás ealaíon nua; turais ar an obair a caomhantais ag Caisleán Mhullach Íde agus na Tithe Gloine athchóirithe ag Caisleán Ard Giolláin; chomh maith le turais ar thionscadail tithíochta poiblí i mBaile an Rólaigh agus i Mullach Eadrad.

Tá an fhéile Teach Ar Oscailt Bhaile Átha Cliath ar siúl ar fud chathair agus chontae Bhaile Átha Cliath ar feadh tréimhse mhéadaithe naoi lá méadaithe i mbliana, ó n7 go dtí an 15 Deireadh Fómhair.

Tá 150+ foirgneamh agus spás sa iomlán le fáil i gclár na bliana 2023 ar féidir le gach éinne cuairt a thabhairt orthu agus taithí a fháil orthu saor in aisce i mí Dheireadh Fómhair seo chugainn, le turais siúlóide, turais báid, taispeántais, scannáin, podchraoltaí, léachtaí, ceardlanna agus imeachtaí eile, lena n-áirítear roinnt acu ar siúl i bhFine Gall.

Leagfaidh na turais ar Chaisleán Shoird agus ar an Leabharlann Carnegie béim ar an obair caomhantais arna dearadh ag Rannóg na nAiltirí i gComhairle Contae Fhine Gall. Ar siúl anois le sé bhliain anuas, baineann siad le hoibreacha comhdhlúthaithe ar an tsaoirseacht, rochtain phoiblí fheabhsaithe agus ar fheabhsúcháin tírdhreacha d'fhonn cur leis an suíomh agus léirmhíniú a chur ar fáil air. Tá caomhnú agus athchóiriú á dhéanamh ar Leabharlann Carnegie Sord lena húsáid mar spás ealaíon laistigh den Cheathrú Chultúrtha nua i Sord.

Léireoidh na turais ar an Tithíocht Phoiblí Nua ag Fearann an Teampaill, Mullach Eadrad céim chríochnaithe 2A  den Phlean tithíochta níos fairsinge um Bhainistíocht na Talún  den fhorbairt Fhearann an Teampaill. Áirítear le Céim 2A 67 n-áit chónaithe i meascán  aon-, dhá-, trí-, agus ceithre-sheomra leaba i dtrí bhloc uirbeacha. Áiríonn an togra aonaid dhá- agus trí-stór ag imeascú le Páirc Avondale atá ann cheana féin, le tithe aon-stór ar thaobh laistiar den suíomh ag breathnú amach ar Abhann bPincíní.

Leagfaidh na turais ar an Tithíocht Phoiblí Nua ag Baile an Rólaigh béim ar ghnéithe aoischairdiúla ar leith an tionscnaimh seo. Arna chríochnú ag Roinn Ailtirí Chomhairle Contae Fhine Gall sa bhliain 2020, tá 26 teach shóisialta nua san áireamh i dtionscadal Bhaile an Rólaigh, 16 acu arna n-oiriúnú don dearadh uilíoch agus aoischairdiúil, le seomraí codlata ar an mbunurlár agus cithfholcadáin inrochtana iontu. Dáileadh mórán na dtithe seo ar thionóntaí níos aosta nó ar orthu siúd ag laghdú an mhéid chónaithe acu, nó rinneadh á n-oiriúnú do thionóntaí a bhfuil riachtanais ar leith acu ar liosta feithimh na tithíochta sóisialta.

Díreoidh na turais ar Chaisleán Mhullach Íde ar an obair chaomhantais ar an Halla Mór — an seomra stáit is maorga san fhoirgneamh chaisleáin stairiúil seo  — a rinneadh anuraidh. Séard a bhí i gceist leis seo ná oibreacha casta caomhnaithe lena n-áirítear athdhíonadh, deisiú cloiche agus siúinéireachta, athmhaisiú intí, agus córais fheabhsaithe na timpeallachta inmheánacha d'fhonn bailiúchán tábhachtach an tsaothar ealaíne atá ar iasacht ó Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann a choimeád agus a thaispeáint.

Leagfaidh na turais ar Theach an Droichid Nua, Domhnach Bat aird ar an obair caomhantais atá ag teacht chun críche faoi láthair ag léiriú na hoibreacha deisiúcháin aghaidheanna atá ar tí críochnaithe, chomh maith le hathdhíonadh críochnaithe an tí agus caomhnú na siúinéireachta. Rachaidh an turas isteach sa teach féin freisin, le cuairt a tabhairt ar roinnt de na príomhsheomraí.

I measc na n-imeachtaí nua eile ar chlár Teach Ar Oscailt Bhaile Átha Cliath na bliana seo, tá:

Sraith nua de chomhráite am lóin dar teideal ‘Bord Ar Oscailt’ ag spreagadh roinnt na scéalta agus na smaointe ar Bhaile Átha Cliath mar ‘chathair oscailte’ lánpháirtíochta. Ar siúl ag 2 An Chuarshráid, Barra an Teampaill ón 9 go dtí an 13 Deireadh Fómhair, is féidir dul isteach i bpléití le bia faoi stiúir na saineolaithe ar théamaí an aosaithe, na tithíochta, na gníomhaithe ar son na haeráide, na cruthaitheachta agus an chirt, agus an tsúgartha. Siad a mbeidh mar óstach ar na comhráite ná Rose Anne Kenny, seanliachta agus Príomh-Stiúrthóir bunaithe an staidéir daoine fásta is fairsinge in Éirinn ar thaithí an aosaithe in Éirinn, ; Katherine O’Donnell, acadúil, scríbhneoir agus gníomhaí an chirt; Seán McCabe, Ceannasaí Ceartais na hAeráide agus hInbhuanaitheachta le Club Peile Bóihéimigh; David Madden, comhúdar In Defense of Housing (Ag Cosaint na Tithíochta) ; agus Aaron Copeland, Stiúrthóir Cruthaitheach na comhlachta ar neamhbhrabús A Playful City (Cathair Spraíúil).

Beidh Teach Ar Oscailt Bhaile Átha Cliath ag óstáil tráthnóna ar leith de chuid Fhondúireacht Ailtireachta na hÉireann New Now Next (Nua Anois Ag Teacht) dar teideal ‘Cities Have Feelings (Braitheann na Cathracha Chomh Maith)’ ar an 14 Deireadh Fómhair ag Pictiúrlann an Lighthouse, Margadh na Feirme. I measc iad siúd ag glacadh páirte, tá Finn Williams, Ailtire Cathrach Malmö agus comhbhunaitheoir Public Practice, ar fiontar sóisialta é atá bunaithe sa RA a earcaíonn gairmithe pleanála chun dul isteach in údaráis áitiúla le dearcadh chun cinn acu. In éineacht le Williams beidh an t-ealaíontóir físiúil, file agus craoltóir ó Londain Rhael ‘LionHeart’ Cape, a bhfuil a chuid saothair dírithe ar thionchar na timpeallachta tógtha ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine. Trí chomhrá agus scannán, léireoidh an tráthnóna conas a chruthaítear agus a chothaítear na ceanglais mhothúchánacha, fhisiciúla agus shóisialta idir an mhuintir agus an chathair.

Dúirt Emmett Scanlon, Stiúrthóir Fhondúireacht Ailtireachta na hÉireann: “Is tráthanna iontacha fócais agus áthais iad féilte na hailtireachta, áit a insítear chomhthaithí an tsaoil trí scéalta na muintire agus na háite. Díríonn príomhfhéile Fhondúireacht Ailtireachta na hÉireann, Teach Oscailte Baile Átha Cliath, ar insint na scéalta a mbaineann le breis agus 1.5 milliún duine ina gcónaí i gcuideachta na bhfoirgneamh agus na timpeallacht tógtha. Is bealach í an fhéile seo le teacht ar chroí Bhaile Átha Cliath, croílár na méide atá tábhachtach. Tá mórán ailtireachta le ceiliúradh againn agus mórán daoine le cur chun cinn ar fud Bhaile Átha Cliath, ach séard tá i míniú na bhfocal féin ‘teach’ agus ‘ar oscailt’, flaithiúil agus bunúsach, ná ag iarracht orainn i mbliana aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath, á admháil mar atá sé i láthair na huaire agus á shamhlú mar an mBaile Átha Cliath atá uainn. Tá súil agam go nglacfaidh níos mó daoine ná riamh páirt i dTeach Ar Oscailt Bhaile Átha Cliath mar go dtugann cathair agus contae álainn, inbhuanaithe agus cuimsitheach cuireadh do gach éinne againne a bheith mar chuid de lena chéile.”

Dúirt Fionnuala May, Ailtire Contae, Comhairle Contae Fhine Gall: “Cuireann sé áthas mór ar Chomhairle Contae Fhine Gall páirt a ghlacadh i gclár Teach Ar Oscailt Bhaile Átha Cliath arís i mbliana agus táimid ag súil le cuid d’ailtireacht éagsúil an cheantair a chur in iúl don phobal.”

Tá gach imeacht de chuid Teach Ar Oscailt Bhaile Átha Cliath saor in aisce, ach ní mór áirithint a dhéanamh ar roinnt acu roimh ré. Is féidir sonraí iomlána an chláir, lena n-áirítear iad siúd a mbaineann leis na turais buail isteach agus leis na himeachtaí, a fheiceáil ar an suíomh Gréasáin OpenHouseDublin.com.