Ionad spóirt nua €2m á oscailt i gCaisleán Cnucha

D’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, Ionad spóirt nua den scoth i gceantar Bhaile Átha Cliath 15 go hoifigiúil inniu, atá deartha chun freastal ar riachtanais éagsúla spórt an phobail áitiúil.

The new Porterstown sports hub has been opened

D’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, Ionad spóirt nua den scoth i gceantar Bhaile Átha Cliath 15 go hoifigiúil inniu, atá deartha chun freastal ar riachtanais éagsúla spórt an phobail áitiúil.

Tá raon reatha den scoth agus páirc spóirt uile-aimsire mar chuid den tionscadal €2 mhilliún seo atá suite i bPáirc Bhaile an Phóirtéaraigh, Caisleán Cnucha, a chuireann ardán eisceachtúil ar fáil do lúthchleasaithe ag gach leibhéal chun barr feabhais a bhaint amach. I láthair ag an oscailt freisin bhí Comhairleoirí áitiúla, an tAire Jack Chambers, an tAire Roderic O’Gorman, ionadaithe ó chlubanna spóirt agus daoine ó phobal Chaisleán Cnucha.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal dána seo - a thóg thart ar bhliain le cur i gcrích - timpeallacht a chruthú a spreagann folláine coirp, rannpháirtíocht an phobail agus barr fhrabhas sa spórt. Cuireann an ionad rian den scoth ar fáil, rud a chinntíonn go mbeidh deis ag lúthchleasaithe oiliúint agus dul san iomaíocht ag an leibhéal is airde. Cuirfidh an pháirc spóirt uile-aimsire, atá suite laistigh den raon reatha, ionad den scoth ar fáil d’fhoirne áitiúla, rud a chuirfidh le taithí iomlán na peile.

Agus fáilte á chur aige roimh oscailt an tsaoráid spóirt is déanaí i bhFine Gall, dúirt an Méara Howard Mahony: “Táim thar a bheith bródúil as seasamh anseo inniu chun ionad iontach seo an spóirt a oscailt go hoifigiúil. Séard atá i seachadadh an phríomhthionscadail seo ná léiriú an díograis againne chun stíl shláintiúil agus ghníomhach mhaireachtála a chothú dár gcónaitheoirí i gCaisleán Cnucha agus sa cheantar Bhaile Átha Cliath 15 máguaird. Is áit í ina ndéanfar aislingí a fhíorú, ina sárófar curiarrachtaí, agus ina gcothófar buanna an spóirt. Táim lánchinnte go spreagfaidh mol úrscothach na fóillíochta seo an pobal againne chun dul i mbun spóirt agus go bhfreastalóidh sé mar ionad le haghaidh éachtaí den scoth sa lúthchleasaíocht.”

On your marks, get set for the new Porterstown sports facility

Leag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, béim ar an tábhacht a baineann le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar spóirt: "Creidimid i gcumas an spóirt le haghaidh saolta a athrú agus le haighaidh pobail a thabhairt le chéile. Tháinig an t-ionad eisceachtúil seo ann dúinn mar thoradh ar chomhiarrachtaí na hoibre agus ar dhúthracht ár gcuid Chomhairleoirí, foireann na Comhairle agus ár gcomhpháirtithe. Trí ionaid nua-aimseartha agus cuimsitheach an spóirt mar seo a chur ar fáil, tá timpeallacht á chruthú againn nach spreagann an gníomhaíocht fhisiciúil amháin ach a chothaíonn meoin na meithle i measc pobal Bhaile Átha Cliath 15 chomh maith trí mhol iontach seo an spóirt a chur ar fáil do gach éinne a chónaíonn ann."

Garsprioc suntasach atá  i gcríochnú an tionscadail seo do phobal Chaisleán Cnucha agus is teist é ar dhíogras leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall stíl shláintiúil agus ghníomhach na maireachtála a chur chun cinn. Ní hamháin go gcuireann an t-ionad spóirt áiseanna den chéad scoth ar fáil ach is léiriú freisin é ar spiorad bríomhar cónaitheoirí na háite agus ar an ngrá acu don spórt.

Dúirt Ceannfort Sinsearach na bPáirceanna, Kevin Halpenny: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na  daoine ar leith agus leis na heagraíochtaí ar fad a ghlac páirt san áis iontach seo a thabhairt chun críche. Ba mhór an tionchar a d'imir léargais ríthábhachtacha na nghrúpaí áitiúla agus dea-obair foirne ionas go freastalófar ar leasanna éagsúla pobail áitiúil an spóirt. Is cinnte mbeidh Mol Áineasa Bhaile an Phóirtéaraighgur ina bhunchloch do phobal na háite, bíodh mar lúthchleasaithe, lucht féachana nó cuairteoirí iad, agus é ag cur rud éigin ar fáil do gach éinne le haghaidh taitneamh a bhaint as an ionad iontach seo.”

MAyor of Fingal Cllr Howard Mahony has officially opened the Porterstown Recreational Hub