J130 tona d’Fheithiclí a bhfuil a Ré Caite (FRC) dumpáilte ag láithreán tógtha ó Fhine Gall mar thoradh ar oibríocht chomhpháirteach

Tugadh oibríocht mhór Feithiclí a bhfuil a Ré Caite (FRC) i gcrích an tseachtain seo ag Lóiste Sciobóil i bhFionnghlas, nuair a bhain Aonad Forfheidhmiúchán Dramhaíola Chomhairle Contae Fhine Gall 80 carr agus 65 feithicil tráchtála ón láithreán i mBaile Átha Cliath 11.

Baineadh 130 tona dramhaíola ón láithreán mar chuid den oibríocht agus tugadh an dramhaíl chomh fada le saoráid dramhaíola ceadúnaithe lena diúscairt. Rinneadh na feithiclí tréigthe a dhíchóimeáil go mídhleathach rud ba chúis le truailliú an chomhshaoil. Bhí dramhaíl á dó ar an láithreán freisin.

Nuair a bhí an láithreán glanta cuireadh fálú slándála mórthimpeall air agus beirmeacha cré ionas nach mbeadh daoine in ann dul isteach sa láithreán arís. Úsáidfear meascán de chigireachtaí forfheidhmiúchán dramhaíola, suirbhéanna dróin agus patróil de chuid an Gharda Síochána chun tuilleadh gníomhaíochta mídhleathaí ag an láithreán a chosc.

Baineadh tairbhe as cur chuige ilghníomhaireachta a raibh An Garda Síochana, Na Custaim, Coimirce Shóisialach, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, an Príomhúdarás Réigiúnach Forfheidhmiúcháin Dramhaíola (WERLA), an Oifig Náisiúnta um Sheoladh Trasteorann (NTFSO), oifigigh Forfheidhmiúcháin Dramhaíola Fhine Gall agus measúnóirí feithicle páirteach ann.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Leasmhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Daniel Whooley: “Oibríocht shuntasach ba ea í seo ar éirigh thar cionn léi de bhrí gur cuireadh an obair i gcrích i dteannta le príomhghníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin i bhFine Gall. Níl sé inghlactha go bhfuil an méid seo coireachta dramhaíola ag tarlú, go háirithe de bhrí go bhfuil ábhair ghuaiseacha i gceist go minic agus gur féidir le húinéirí seancharranna iad a fhágáil in ionad údaraithe saor in aisce.

“Ní hamháin go gcosnaíonn an cineál seo dumpála mídhleathaí go leor airgid le glanadh, cruthaíonn sé guais thromchúiseach don timpeallacht agus do phobail ar fud Fhine Gall. Is mian liom buíochas a ghabháil leis na daoine ar fad a bhfuil iarracht á déanamh acu dul i ngleic leis an bhfadhb seo sa phobal agus as cabhrú linn a chinntiú gur féidir linn na hoibríochtaí coiriúla seo a aimsiú agus stop a chur leo.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Dave Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Taisteal Gníomhach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is buntáiste mór é a bheith in ann deireadh a chur le dumpáil neamhúdaraithe FRCanna sa cheantar seo de bhrí go raibh an chuma ar an áit gur clós mangarae le haghaidh seancharranna a bhí ann. Tá tús áite á thabhairt againn fós do dhíriú ar an gcineál seo gníomhaíochta coiriúla, agus dá bhrí sin, táim buíoch as an gcomhoibriú idirghníomhaireachta a bhí mar bhonn leis an oibríocht seo.”

Is ar an úinéir atá an fhreagracht dhlíthiúil a c(h)arr a thabhairt chomh fada le saoráid chóireála údaraithe (SCÚ) a bheidh in ann an fheithicil a dhiúscairt go sábháilte agus teastas maidir le scriosadh feithicle a eisiúint. Is saoráidí ceadaithe iad SCÚanna atá údaraithe chun feithiclí a bhfuil a ré caite a chóireáil agus a athshlánú. Tá an bonneagar riachtanach acu chun déileáil le FRCanna ionas gur féidir iad a dhíchóimeáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus ar bhealach a chiallaíonn go bhfuiltear ag fáil réidh le hábhair ghuaiseacha.

Is Tosaíocht Náisiúnta Forfheidhmiúchán Dramhaíola le haghaidh 2021 é déileáil le láithreáin FRC neamhúdaraithe, de bhrí go gcruthaíonn siad riosca suntasach don chomhshaol. Bíonn ábhair ghuaiseacha éagsúla le fáil in FRCanna cosúil le cadhnraí aigéid luaidhe,  tiontairí catalaíocha agus sreabháin lena n-áirítear ola bhealaithe, fuarthán, leacht coscán a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar an timpeallacht mura ndéantar iad a dhíthruailliú agus a dhiúscairt i gceart.

Tá Aonad Forfheidhmiúchán Dramhaíola Fhine Gall ag leanúint le hiarrachtaí a dhéanamh díriú ar chlóis mhídhleathacha FRC agus tá 60 láithreán glanta agus dúnta le dhá bhliain anuas mar chuid de thionscadal leanúnach FRC. I ndáil le feithiclí a dhumpáiltear go mídhleathach, eiseofar fógra íocaíochta seasta don úinéir cláraithe nó i ndiaidh ciontaithe achomair sa chúirt dúiche, d’fhéadfadh go mbeadh fíneáil suas le €5,000 le híoc.

Is féidir le húinéirí seancharranna iad a dhiúscairt saor in aisce ag SCÚ, agus tá trí SCÚ lonnaithe i bhFine Gall:

·         Gannon’s City Recovery & Recycling Services Ltd: www.gannonscityrecovery.ie

·         Industrial, Agri & Engineering Salvage Ltd. (IAES): www.scrapmycar.ie

·         St. Margaret’s Recycling and Transfer Centre Ltd.: www.stmargaretsrecycling.ie

 

Tá tuilleadh eolais faoi Fheithiclí a bhfuil a Ré Caite le fáil ag ELVES nó trí theagmháil a dhéanamh le Rannóg Timpeallachta Chomhairle Contae Fhine Gall trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] .