Le teacht Séasúr na Snámha, tá Fine Gall ag iarraidh go mbeadh gach éinne sábháilte agus freagrach cois farraige

De réir mar a thosaíonn séasúr na snámha le teacht an dea-aimsir, iarrann Fine Gall ort cabhrú linn timpeallacht sábháilte agus taitneamhach na trá a chruthú do chách.

beach

*Torthaí Cáilíochta den Scoth maidir leis an Uisce Snámha ó gach sampla réamhséasúir is déanaí a bailíodh i mí na Bealtaine 2024. Uasdátuithe le feiceáil ag Tránna agus Uisce Snámha . Faigh trá duit féin i bhFine Gall anseo 

Agus séasúr oifigiúil na snámha ag tosú inniu, ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall aitheantas a thabhairt don ról fíor-riachtanach atá ag na gardaí tarrthála maidir le sábháilteacht agus folláine na tránna a chinntiú feadh cósta 88 km  Fhine Gall a shíneann ó Bhinn Éadair sa deisceart go dtí Baile Brigín i dtuaisceart an chontae.

Teann na mílte daoine chuig tránna chun a scíth a ligean agus chun taitneamh a bhaint as an uisce, agus tá gardaí tarrthála ann chun súil ghéar a choinneáil ar shnámhóirí. Cé go mb’fhéidir nach mbíonn siad i gcónaí ag freagairt d’eachtra gníomhach san uisce, is tábhachtach a mheabhrú go mbíonn na gardaí tarrthála ag obair i gcónaí trí ghuaiseacha féideartha a fheiceáil sula n-éiríonn siad contúirteach agus, i gcásanna áirithe, bagrach don bheatha.

Beidh gardaí tarrthála ar dualgas i mbliana ag amanna éagsúla ag an 10 limistéar aitheanta na snámha  i bhFine Gall, agus tabharfar tosaíocht d’fhoireann a chur ag obair ag tránna an Bhrait Ghoirm, siad sin Trá Bhaile Carraige i nDomhnach Bat agus Trá na Veilvite i bPort Mearnóg. Beidh foireann ar dualgas chomh maith ar Thrá Mhullach Íde, cé nach limistéar snámha aitheanta í, agus beidh bratach dhearg seasta ar foluain aici toisc nach gceadaítear snámh de bharr na sruthanna contúirteacha, an trácht mara agus cainéal domhain aici.

Earcaíocht na nGardaí Tarrthála

Is oth linn a rá nár thug an chéad fheachtas na hearcaíochta againne líon riachtanach na ngardaí tarrthála dúinn chun gach stáisiúin a oscailt ;e haghaidh séasúr na snámha atá le teacht. Ós rud é go bhfágfadh ganntanas seo na ngardaí tarrthála roinnt tránna gan maoirsiú le linn an tsamhraidh, tá feachtas eile na earcaíochta á reáchtáil againn faoi láthair. Tá iarratais á lorg faoi láthair ó iarrthóirí a bhfuil an tteastas garda tarrthála trá acu agus ar mhaith leo oibriú ar ár dtránna le linn séasúr na snámha. Sé an nasc um iarratas a dhéanamh ar an bpost seo mar gharda tarrthála na trá ná Comhairle Contae Fhine Gall | Poist | Cuardaigh anseo an ghairm bheatha is foirfe duit - Eolas faoin bPost | Déan Iarratas ar Phost an Gharda Tarrthála Trá

Is iontach an deis duit tosú ar do ghairm bheatha ná obair mar Ghardaí Tarrthála Trá más mian leat obair leis na seirbhísí éigeandála, in earnáil an leighís nó in earnáil eile dá leithéid. Is mór an buntáiste duit freagracht an phoist agus na scileanna idirphearsanta a mbeidh á fhorbairt agat i rith an tsamhraidh. Seachas a bheith ag déileáil le muintir an phobail agus an gharchabhair a chur ar fáil dóíbh, beidh tú i dteagmháil leis na seirbhísí éigeandála i rith an tsamhraidh.

Seo thíos cuid den aiseolas ó roinnt Gardaí Tarrthála Trá a bhí ag obair linn i rith séasúr 2023 na snámha:

‘Is deis iontach é an obair mar Gharda Tarrthála Trá do Chomhairle Contae Fhine Gall. Téann tú i mbun oibre le raon éagsúil na ndaoine gach lá amuigh faoin aer agus is féidir leat a bheith ag obair in áit eile an dár gcionn den chuid is mó, rud atá iontach. Ag feidhmiú mar gharda tarrthála, is féidir leat cabhrú le muintir an phobail, scileanna tábhachtacha an tsaoil a fhoghlaim agus scileanna ar leith a fhorbairt, ar nós féinmhuinín feabhsaithe, féinfhiúntas, féinghnóthachtáil, a bheith in ann déileáil le hardleibhéil an struis, cinntitheacht, cinnteoireacht, agus fios a bheith againn go bhfuil tacaíocht iomlán CCFG againn i ngach rud a dhéanaimid.'

Lifeguard female

Soláthar na nGardaí Tarrthála agus comhairle ina leith

Cuirtear i gcuimhne do lucht na trá sa chás ina bhfuil an bratach dhearg os cionn an bratach buí ar foluain ó stáisiún an gharda tarrthála, go bhfuil garda tarrthála i láthair agus gur sábháilte é snámh ann. Ciallaíonn am bratach dearg amháin go bhfuil garda tarrthála ar dualgas, ach nach sábháilte é snámh ann. Muna bhfuil aon bhratach le feiceáil, chiallaítear nach bhfuil garda tarrthála ar dualgas. Ní bhíonn garda tarrthála ar dualgas ach amháin le linn míonna an tsamhraidh ó 11rn go dtí 7in mar a leanas:

  • Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh i rith mí Mheithimh
  • Gach lá i rith mi Iúil agus mí Lúnasa (tabhair faoi deara, braithenn a leithéid ar infhaighteacht na foirne)
  • An chéad dá deireadh seachtaine i mí Mheán Fómhair (Tránna an Bhrat Gorm amháin)

Ta an fhaisnéis faoi fheidhmiú Stáisiúin an Gharda Tarrthála don tseachtain seo le feiceáil ag Soláthar na nGardaí Tarrthála .

Imríonn gardaí tarrthála ról ríthábhachtach agus, go minic, éagsúil maidir le sábháilteacht an lucht a chinntiú, go háirithe toisc gurb minic iad na chéad fhreagróirí i gcásanna éigeandála. Is féidir le héinne freagrach ar an trá cabhrú leo a gcuid dualgas a dhéanamh, agus sin an fáth go bhfuil fonn ar an gComhairle an lucht trá a spreagadh a bheith ar aire agus ar airdeall agus meas a bheith acu ar údarás na ngardaí tarrthála. Trí oibriú le chéile, is féidir linn taithí shábháilte agus taitneamhach na trá a chothú do chách.

Velvet Strand, Portmarnock

Ag fanacht slán ar an trá

D'fhonn sábháilteacht na trá a mhéadú agus líon na nguaiseacha féideartha a laghdú, iarann Fine Gall ag iarraidh ar an lucht trá na leideanna seo a leanas a choinneáil i gcuimhne acu:

  • Bí ag snámh ach i limistéir shainithe amháin: Bí ag snámh i gcónaí ach amháin  i limistéir atá faoi mhaoirseacht garda tarrthála agus glac le gach comharthaí nó bratach a léiríonn stadas reatha an uisce ar nós sruthanna contúirteacha nó fo-shruthanna.
  • Coinnigh súil ghéar ar leanaí: Má tá tú ar an trá le leanaí, déan maoirsiú géar orthu i gcónaí agus cinntigh go dtuigeann siad agus go gcloíonn siad le rialacha na sábháilteachta. Is féidir le bá tarlú laistigh de soicind, agus is riachtanach í an mhaoirseacht leanúnach  d'fhonn timpistí a chosc. Moltar a chinntiú go bhfuil siad laistigh de lámh láimhe i gcónaí.
  • Lean treoracha an gharda tarrthála: Tabhair aird ghéar ar threoracha an gharda tarrthála, toisc go bhfuil sé ar eolas maith maith faoi choinníollacha na háite agus gur féidir leis treoir a chur ar fáil duit maidir le  do shábháilteacht a chinntiú.
  • Ná tabhair bréagáin inséidte leat ar an trá: Cé gur féidir an-chraic a bhaint as earraí inséidte, níl siad deartha le haghaidh na farraige agus is beag an ghaoth a thógann sé lená scuabadh amach - i bhfad níos tapúla ná mar is féidir leat snámh nó stuáil ar ais ar an gchladach. Níl sé ar mhaithe éinne a bheith ina chúis le lán-misean cuardaigh agus tarrthála de chuid Gharda Cósta na hÉireann.
  • Seachain an alcól agus na drugaí: Tá cosc ​​ar alcól a ól faoi fhodhlíthe na trá de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall. Ina theannta sin, cuireann iompar iad siúd a ndéanann neamhaird ar na fodhlíthe agus a ólann an iomarca taithí an-mhíthaitneamhach agus uaireanta bagrach ar chuairteoirí eile, go háirithe teaghlaigh, ar an trá. Cuimhnigh go gcuireann an t-alcól agus na drugaí isteach ar an mbreithiúnas agus ar an gchomhordú agat freisin, rud a mhéadaíonn baol na dtimpistí san uisce. Fan sobráilte agus bain airdeall agus taitneamh as an trá.
  • Tabhair aird ar an aimsir: Déan réamhaisnéis na haimsire a sheiceáil sula dtéann tú ar an trá agus bí réidh le haghaidh aon athrú tobann. Seachain snámh le linn stoirmeacha nó nuair a bhíonn sruthanna láidre i bhfeidhm.
  • Foghlaim bunshábháilteacht uisce: Muna snámhóir láidir tú, smaoinigh ar cheachtanna snámha a ghlacadh nó bun teicnící sábháilteacht an uisce a fhoghlaim.
  • Fan so-hiodráitithe agus bain úsáid as cosaint gréine: Cosain tú féin ó ghathanna díobhálacha na gréine trí ghrianscéithe, hata agus spéaclaí gréine a chaitheamh. Ól an dóthain uisce ionas go bhfanfá so-hiodráitithe chun na tinnis a mbaineann le an teas a sheachaint.
  • Ná fág aon lorg i do dhiaidh: Cuir meas ar an timpeallacht tríná glanadh suas i do dhiaidh agus gach bruscar a dhiúscairt sna boscaí bruscair ainmnithe. Tabhair do chuid bhruscair abhaile leat, má tá na boscaí bruscair againn lán. Chomh maith leis sin, ná tabhair beárbaiciú leat ar ár gcuid tránna, mar d’fhéadfadh dónna tromchúiseacha a bheith mar thoradh orthu má fhágtar iad ina ndiaidh.
  • Bí aireach: I gcás nach bhfuil aon gharda tarrthála ag obair sa cheantar agus go mbíonn tú i gcruachás nó go bhfeiceann tú duine eile i gcruachás, glaoigh ar 999 nó 112 agus iarr ar an nGarda Cósta.

Má chloíonn tú leis na treoirlínte seo agus má fhanann tú freagrach ar an trá, is féidir linn go léir cur le taithí níos sábháilte agus níos taitneamhaí an tsamhraidh . Ná déan dearmad gur féidir le gníomhartha gach éinne tionchar suntasach a imirt ar ár gcuid fholláine féin agus gach éinne eile a chinntiú. Teastaíonn ó Fhine Gall timpeallacht na trá shábháilte agus thaitneamhach a chothú do chách, agus, mar sin, cuimhnigh gur orainn a bhfuil an fhreagracht as ár gcuid shábháilteacht chomh maith agus ní ar na gardaí tarrthála amháin.

Park Responsibly and think of others

As part of its efforts to ensure the enjoyment of our beaches for all members of the public, An Garda Síochána will be working together with Fingal County Council under their Parking Control Bye-Laws and Parks and Open Spaces Bye-Laws to:

  • sábháilteacht agus muinín an phobail a fheabhsú
  • monatóireacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar sháruithe ar Thrácht ar Bhóithre agus ar Pháirceáil
  • ól an alcóil i spásanna poiblí a chomhrac
  • maolú a dhéanamh ar an iompar frithshóisialta

Le linn na tréimhse seo, beidh an Chomhairle agus Aonad Póilíneachta Bóithre an Gharda Síochána ar dualgas chun na limistéir neamh-pháirceála a fhorfheidhmiú agus monatóireacht a dhéanamh ar an trácht. Eisíodh líon mór na bhfíneálacha le linn samhradh na bliana 2023 maidir le fodhlíthe na trá agus na páirceála, rud a d’fhág an turas ar an trá níos costasaí ná mar ba ghá.

Agus an dea-aimsir le leanúint ar aghaidh thar dheireadh seachtaine fada an Mheithimh, meastar go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaoine ag teacht ar an trá. Ba cheart d’éinne atá ag teacht seiceáil a dhéanamh freisin ar an bhfhaisnéis maidir le cáilíocht an uisce atá ar fáil ag beaches.ie. Léirigh torthaí tástála réamhshéasúir go raibh na huiscí snámha ar fad a ndéantar monatóireacht orthu ar fheabhas faoi láthair.

Tá suíomhanna na dtránna i bhFine Gall le feiceáil ag: https://www.fingal.ie/visitor/trips/find-beach

Tá tuilleadh eolais faoinár dtránna agus faoin uisce snámha le feiceáil ag Beaches and Bathing Water

Tá tuilleadh eolais faoinár ngardaí tárrthála le feiceáil ag: https://youtu.be/5G-VwSrPgCM

 

 

 

Skerries Square