Leabhair maidir le Margaret Evans agus Sophia Parnell-Evans le Gerard Ronan Seolta

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, dhá leabhar nua go hoifigiúil leis an údar áitiúil Gerard Ronan dar teideal Margaret Evans – Poet of Portrane agus Sophia Parnell-Evans – Feminism, Politics and Farming in 19th Century Portrane Dé Céadaoin, an 4 Márta i Leabharlann Dhomhnach Bat. Foilsíodh na leabhair seo i gcomhoibriú le Comhairle Contae Fhine Gall. 

Gerard Ronan Launch

Bhí na leabhair maidir le Margaret agus Sophia Evans mar thoradh ar fhiosrú a rinne Gerard Ronan ar na cúinsí a bhain leis an gCloigtheach ag Port Reachrann a thógáil.

Státseirbhíseach 60 bliain d’aois atá ar scor é Gerard Ronan agus tá sé ina údar le trí leabhar a foilsíodh roimhe seo: The Round Towers of Fingal agus William Kelly of Portrane, a foilsíodh in 2019, agus The Irish Zorro, a foilsíodh mar leabhar faoi chlúdach crua in 2004 agus bhí sé ar dhuine de na príomh-rannpháirtithe i gClár Faisnéise de chuid National Geographic a bhí bunaithe go mór ar an leabhar sin mar chuid den tsraith teilifíse Mystery Files.  Taispeántar an clár faisnéise go fóill ó am go ham ar chainéil teilifíse National Geographic agus Smithsonian.  Bhí The Irish Zorro ina ghné faoi dhó ar chlár raidió ‘The Book on One’ de chuid RTÉ. Bhí sé faoi chaibidil ar an gclár an chéad uair ón 6 go dtí an 10 Nollaig 2004 agus arís eile ón 17 go dtí an 21 Bealtaine 2010 agus ar chlár faisnéise ar Newstalk Radio an 2 agus an 3 Meitheamh 2019. Cónaíonn sé i nDomhnach Bat.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien:  “Cuirfidh an dá leabhar seo, anuas ar an scéal a insítear iontu faoin gCloigtheach íocónach i bPort Reachrann a thógáil, léargas iontach ar fáil ar shaol na beirte ban ar leith seo agus ar an saol go déanach san 18ú agus go luath sa 19ú haois i bPort Reachrann agus níos faide i gcéin.”

Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail, “Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall, trínár Seirbhís Leabharlainne, chun tacú le foilsiú leabhar ar nós na leabhar seo, a chuireann eolas ar fáil ar an saol i bhFine Gall san am atá imithe thart, agus is eol dom go mbeidh spéis mhór iontu.”

Dúirt an Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin, Helen O’Donnell, “Is oiriúnach go bhfuil an dá leabhar seo faoi bheirt bhan Éireannach ar leith á seoladh an tseachtain chéanna a dhéanfar Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh i mbliana Dé Domhnaigh, an 8 Márta.”  
 

G ronan Launch

MARGARET EVANS (1750-1846) - Poet of Portrane

Bhí pionós an bháis i ndán do Hampden Evans, a chónaigh i dTeach Phort Reachrann i ndiaidh gur gabhadh é i ngeall ar ardtréas mar gheall ar an bpáirt a ghlac sé in éirí amach na bliana 1798 go dtí gur tugadh faoiseamh ó bhreith báis dó agus rinneadh é a chur ar deoraíocht dá shaol ina ionad sin.  B’éigean dá bhean chéile (Margaret) agus dá iníon é a leanúint agus chaith sé 12 bhliain dheacra ag aistriú ón nGearmáin go dtí an Fhrainc agus ó theach ar cíos go teach eile ar cíos, go dtí go raibh cead acu, ar deireadh, chun filleadh. Bhí ar Margaret Evans, a bhí scartha óna mic agus a deirfiúracha, cairde nua a dhéanamh, i gcathair nua, áit a raibh meonta i dtaobh fhuascailt na mban i bhfad ní ba chéimnithí ná mar a bhí sa chathair inar rugadh í.  Léirítear smaointe mná ina cuid dánta a bhfuil streachailt uirthi chun a beannachtaí a aithint fad a bhíonn uirthi cur fúithi arís agus arís eile agus i ndiaidh dá cuid leanaí bás a fháil.  Is i gcairdeas ban eile, ar leathanaigh an Bhíobla, agus i ndisciplín mheabhrach na filíochta a bhraitheann sí sólás, i ndiaidh go dteipeann uirthi an saghas sóláis agus an tacaíocht mhothúchánach sin a fháil óna fear céile.  Scríobhadh na dánta seo in ómós do mhná eile agus ar son mná eile, a bheag nó a mhór, agus ní chuirtear in iúl iontu díreach a gean a bhrath sí dá cuid leanaí agus dá cairde mná, ach an gean don ról ríthábhachtach a ghlacann an fhilíocht i saol mhná san ochtú haois déag agus go luath sa naoú haois déag. Tugann a dánta léargas uathúil dúinn ar shaol agus deoraíocht Phrotastúnaigh, agus teaghlaigh Éireannaigh Aontaithe an-mhór le rá.

 

SOPHIA PARNELL-EVANS (1780-1853) - Feminism, Politics and Farming in 19th Century Portrane

Ba í Sophia Parnell-Evans an t-aon iníon le Sir John Parnell agus seanaintín le Charles Stewart Parnell. Chuir sí fiontraíocht mhór agus rathúil feirmeoireachta ar siúl i dtréimhse nach raibh amhlaidh á déanamh ach ag fíorbheagán ban.  Chas sí le beirt Bhanríon, iarbhean chéile Napoleon agus ba chara í leis an bhfeimineach radacach Margaret King.  Ba chara í le muintir Darwin agus Condorcet, agus b’iníon agus deirfiúr í le triúr de na polaiteoirí ba mhó le rá lena linn, agus ba bhean chéile í le polaiteoir eile.  Ba smaointeoir radacach agus liobrálach í ina ceart féin, agus bhunaigh sé dhá bhunscoil i nDomhnach Bat agus chabhraigh sí leis na tionchair a d’imir an Gorta Mór ina ceantar áitiúil a laghdú.  Chistigh sí agus spreag sí turgnaimh thalmhaíochta Liam Kelly ó Phort Reachrann.  Rinne an cloigtheach agus dealbh bhrád marmair cuimhneacháin a thóg sí i gcuimhne ar a fear céile dílis, an Feisire Parlaiminte George Evans, traidisiún tógála túr a athbheochan nach raibh ar siúl ar feadh seacht gcéad bliain roimhe sin.  Mar gheall gur sheanaintín í le Charles Stewart Parnell, bhí trácht uirthi, fiú, ar leathanaigh "Finnegan's Wake" le Joyce mar "greataunt Sophy” ‘an cleasaí’.  Tá an dealbh bhrád a rinne sí dá fear céile, a bhí suite taobh istigh den túr i dtosach, lonnaithe i ngairdín garnia a fir chéile anois i dTuaisceart na Breataine Bige.