Leabhar Comhbhróin don Saighdiúir Singil Seán Rooney

D’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, Leabhar Comhbhróin do shaoránaigh ó Fhine Gall ar mian leo a gcomhbhrón a chur in iúl do mhuintir an tSaighdiúra Shingil Séan Rooney, a fuair bás le déanaí agus é i mbun dualgais síochánaíochta ar son na Náisiún Aontaithe sa Liobáin.

Déanfar gach teachtaireacht comhbhróin a phriontáil agus a chur ar aghaidh i Leabhar Comhbhróin chuig muintir Rooney.

Fanfaidh an leabhar ar oscailt go dtí Dé hAoine, 27 Eanáir 2022.

Cliceáil anseo chun an leabhar comhbhróin digiteach a shíniú.

Tá Leabhair Chomhbhróin ar fáil freisin le síniú in oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall i Sord agus i mBaile Bhlainséir.