Leagann an Chomhairle amach moltaí do bhealach nua Taistil Ghníomhaigh i gCaisleán Cnucha
Tá moladh foilsithe ag Comhairle Contae Fhine Gall do bhealach rothaíochta agus siúil nua ó Ascaill Achadh na Gréine go dtí an An Dara Loc Déag i gCaisleán Cnucha. Tá an Chomhairle ag iarraidh ar an bpobal a bhfreagraí ar an togra a roinnt.
Cabhróidh an bealach nua le daoine de gach cumas mothú sábháilte agus iad ag siúl agus ag rothaíocht. Soláthroidh sé nascacht níos fearr freisin le siopadóireacht áitiúl, scoileanna, spóirt agus an gréasán iompair phoiblí níos leithne le haghaidh comaitéireachta agus turais níos faide.
Deir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh, ‘Léiríonn fianaise ó áiteanna ar fud na hEorpa agus áiteanna eile in Éirinn ina bhfuil taisteal gníomhach mar thosaíocht go dteastaíonn bonneagar rothaíochta agus siúil níos fearr ó phobail agus go bhfuil gá acu leis. Trí níos mó rotharbhealaí, cosáin, trasbhealaí sábháilte agus timpealláin a oireann don rothaíocht a sholáthar, beidh siúl agus rothaíocht ina rogha éasca don oiread daoine agus is féidir.’
Deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly ‘Is infheistíocht shuntasach i gceantar Chaisleán Cnucha é Bealach Rothaíochta agus Siúil Ascaill Achadh na Gréine go dtí An Dara Loc Déag. Tá taighde déanta againn, le cúnamh ón ESRI, ar an mbealach is fearr le daoine a spreagadh an t-aistriú a dhéanamh ó bheith ag úsáid an ghluaisteáin i gcónaí go dtí rogha a dhéanamh ina ionad sin siúl nó rothaíocht ar thurais áitiúla. Insíonn an taighde sin dúinn nuair a bhíonn rochtain ag daoine ar bhealaí siúil agus ar rotharbhealaí ardchaighdeáin óna mbaile do dtí a siopaí áitiúla, scoileanna, bialanna agus áiseanna eile, go mbainfidh siad úsáid astu. Trí líonra na gcosán agus na rotharbhealaí a leathnú agus a fheabhsú i mBaile Átha Cliath 15 tá athrú dearfach á thabhairt againn go Fine Gall.’
Deir David Storey, Stiúrthóir na Roinne Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taistil Ghníomhaigh agus Spóirt gur dearadh an bealach nua ag cur riachtanais áitiúla san áireamh. ‘Cuimsíonn an scéim seo níos mó ná 2km de rotharbhealaí cosanta nua agus cosáin uasghrádaithe ach níos tábhachtaí fós, áirítear leis neart feabhsaithe sábháilteachta ar bhóithre a bhfuil gá leo sa cheantar. Tá a fhios againn gurb iad na daoine is leocháilí inár bpobal ná leanaí, daoine a bhfuil soghluaiseacht laghdaithe acu agus daoine scothaosta. Trí thrácht a mhoilliú, na hachair chun an bóthar a thrasnú a dhéanamh níos giorra agus trasrianta síogacha a sholáthar táimid ag pleanáil le haghaidh siúil agus rothaíochta níos sábhailte. Táimid ag déanamh athruithe freisin ar stadanna bus chun deireadh a chur leis an bpointe coimhlinte idir rothaithe agus busanna.’
Tá an Chomhairle tar éis scríobh chuig cónaitheoirí agus gnólachtaí áitiúla chun iad a chur ar an eolas faoin scéim atá beartaithe.
Tá an comhairliúchán poiblí oscailte go dtí 23.59 Dé hAoine, an 13ú Meán Fómhair 2024. Spreagtar cónaitheoirí, gnólachtaí, eagraíochtaí pobail agus daoine eile féachaint ar an moladh agus a dtuairimí a chur in iúl don Chomhairle. Féadfar aigneachtaí a dhéanamh ar líne ar thairseach comhairliúcháin Fhine Gall. De rogha air sin, is féidir iad a chur ar ríomhphost nó a chur tríd an bpost chuig foireann an tionscadail.
Is féidir eolas iomlán ar an tionscadal a fháil ag: https://www.fingal.ie/activetravel/auburnavenue