Leagann Fine Gall amach uaillmhianta chun líon na gcrann a mhéadú ar fud an chontae

D’fhoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall straitéis 10 mbliana nua. Tá sé mar aidhm ag an bplean seo cabhrú le líon na gcrann ar fud thuaisceart Bhaile Átha Cliath a mhéadú agus a chinntiú go bhfágfar an contae is óige in Éirinn i mbail níos fearr nuair a thugtar do na glúnta atá le teacht í.

Mayor of Fingal Seána Ó’ Rodaigh

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh

 

D’fhoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall straitéis 10 mbliana nua. Tá sé mar aidhm ag an bplean seo cabhrú le líon na gcrann ar fud thuaisceart Bhaile Átha Cliath a mhéadú agus a chinntiú go bhfágfar an contae is óige in Éirinn i mbail níos fearr nuair a thugtar do na glúnta atá le teacht í.

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, an straitéis crann ‘Foraois Fhine Gall’ ag ócáid speisialta pobail chun crann a chur sna Sceirí chun buaic Sheachtain Náisiúnta na gCrann a chomóradh. I rith na seachtaine, dháil an chomhairle timpeall 16,000 crann saor in aisce ar chónaitheoirí Fhine Gall le cur sa bhaile. Tugadh speicis dhúchasacha dóibh cosúil le Fearnóg, Sceach Gheal agus Beith.

Agus clúdach an cheannbhrait crainn i bhFine Gall ag 6.5% faoi láthair, tá an chomhairle ag iarraidh líon na gcrann sa chontae a mhéadú go suntasach agus a chinntiú go seachadfar crainn ní amháin a mhaireann ach atá faoi bhláth. Dúirt an Chomhairle go bhfuil súil acu go gcosnóidh agus go bhfeabhsóidh an tasc nua crainn agus coillearnacha an chontae chun an tairbhe is mó a bhaint as na crainn agus as an gcarachtar a thugann siad don chontae.

Agus an straitéis uaillmhianach á sheoladh aige, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Ó Rodaigh, go bhfuil a fhios acu cé chomh luachmhar agus atá crainn chun cabhrú le hathrú aeráide a chomhrac, agus gurb é sin an fáth go bhfuil siad ag iarraidh a chinntiú go bhfuil siad ag déanamh an oiread agus is féidir chun ceann dá sócmhainní nádúrtha is tábhachtaí a mhéadú.

Dúirt sé freisin nach mbíonn sé ródhéanach riamh crann a phlandáil agus go bhfuil tionchar dearfach acu, go háirithe ar an gcomhshaol agus ar mhaolú an athraithe aeráide, agus mar sin dá mhéad crann is féidir leo a thabhairt isteach ar fud an chontae is amhlaidh is fearr é chun an eacnamaíocht, athléimneacht shóisialta agus chomhshaoil Fhine Gall a chosaint do na glúnta atá le teacht.

Brendan, Molly and Sarah Jane Muldoon

Brendan, Molly agus Sarah Jane Muldoon

 

Déantar tagairt ar fud na straitéise nua do thionscnaimh agus d'oideachas faoin gcaoi a gcuireann crainn le maolú agus le hoiriúnú don athrú aeráide. Tá an straitéis seo deartha freisin chun cur le polasaithe eile atá i bhfeidhm ag an gComhairle.

Chomh maith le crainn dúchasacha a thabhairt amach, tá ceardlanna maidir le plandáil crann á maoiniú ag Fine Gall agus tá siad ag obair le scoileanna áitiúla freisin chun cabhrú le daoine a chur ar an eolas faoi thábhacht na gcrann agus spreagadh a thabhairt do líon níos mó tionscadal pobalbhunaithe atá dírithe ar na crainn go léir atá faoi chúram na Comhairle a chosaint agus a fheabhsú.

Dúirt Kevin Halpenny, Ceannfort Sinsearach Páirceanna do Chomhairle Contae Fhine Gall, go leagann straitéis Fhoraois Fhine Gall a n-uaillmhianta soiléire amach agus cuireann sé ceangal ar an gcomhairle líon na gcrann atá á gcur in oiread áiteanna chomh praiticiúil agus is féidir a mhéadú. Dúirt sé freisin go gcabhróidh baint amach na n-aidhmeanna seo chun cur le bithéagsúlacht an Chontae agus acmhainn fhoraoise uirbigh atá dea-bhainistithe agus faoi bhláth a chruthú, díreach ar leac an dorais sa chathair is mó daonra sa tír.

Faoi láthair, tá timpeall 2,000 heicteár de spás oscailte poiblí ag Comhairle Contae Fhine Gall agus is tírdhreacha oidhreachta cuid mhór díobh. Déanann siad bainistiú freisin ar thart ar 70,000 crann sráide a chuidíonn le carachtar tírdhreacha na mbailte agus na sráidbhailte ar fud an chontae a mhúnlú.

D’fhéadfaí Foraois Fhine Gall, Straitéis Crann d’Fhine Gall a fheiceáil anois ar shuíomh gréasáin na Comhairle: https://bit.ly/3NsvSug

 

Millennium Park (002)

Aerial View of Millennium Park, D15.

Aerial View of Newbridge House, Demesne

Aerial View of Newbridge House, Demesne