Leantar le dul chun cinn a dhéanamh ar an athrú ó bhonn ar an mbaile is óige in Éirinn

Dhá bhliain tar éis Plean Athnuachana Ár mBaile Bhrigín 2019-2025 a sheoladh, tá cruth ag teacht ar an athrú ó bhonn atá á dhéanamh ar an mbaile is óige in Éirinn, agus tá dul chun cinn suntasach déanta ar réimse spriocanna i ngach ceann de na cúig piléar atá sa Phlean.

Aerial shot of Balbriggan from the south towards the Harbour

Dhá bhliain tar éis Plean Athnuachana Ár mBaile Bhrigín 2019-2025 a sheoladh, tá cruth ag teacht ar an athrú ó bhonn atá á dhéanamh ar an mbaile is óige in Éirinn, agus tá dul chun cinn suntasach déanta ar réimse spriocanna i ngach ceann de na cúig piléar atá sa Phlean.

Is é an dul chun cinn is déanaí atá déanta sa ríocht phoiblí ná tús a chur le foirgneamh tréigthe O’Shea sa Chuan a leagan agus táthar ag súil go mbeidh an obair sin críochnaithe faoi dheireadh Eanáir 2022.

Le linn na tréimhse 2020- 2027, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag súil le hinfheistíocht réamh-mheasta de €54m - €57m a dhéanamh san iomlan i mBaile Bhrigín. Go dtí seo, tá ceannacháin réadmhaoine de €3.9m déanta ag an gComhairle sa bhaile, agus áirítear ceannacháin do thionscadail athfhorbartha straitéiseacha ar nós láithreán O’Shea, na foirgnimh ag De Bruns (ina bhfuil 6, 8, 8A, 10 & 12 Sráid an Droichid), 14 Sráid an Droichid agus 2-4 Sráid Bhaile Átha Cliath.

Bhuail Grúpa Ceannaireachta Bhaile Bhrigín, ar a bhfuil an tOllamh Brian MacCraith ina chathaoirleach, le chéile inniu chun nuashonruithe a phlé maidir le Cúig Philéar an Phlean: An Geilleagar Áitiúil, Oideachas agus Scileanna, Cúrsaí Pobail, Imeascadh & Sláinte, an Ríocht Phoiblí agus Baile Bhrigín Sábháilte.

Sna laethanta atá romhainn, beidh an  bhileog ‘An Chéad Rud Eile’ á seoladh go dtí tithe agus gnólachtaí i mBaile Bhrigín ina mbeidh sonraí maidir le dul chun cinn ar an bplean athnuachana agus an t-athrú ó bhonn fisiciúil atá ag tarlú. Tá uasghrádú déanta freisin ar an suíomh gréasáin Ár mBaile Bhrigín agus tá sonraí ann maidir le doimhneacht agus scóip na hoibre chun feabhas a chur ar cheantair phoiblí an bhaile, gnólachtaí a mhealladh agus conas cur le cáilíocht an tsaoil.

Tá an fhís uaillmhianach sa Phlean Athnuachana ann mar thoradh ar an rannpháirteachas pobail stairiúil a tharla, inar leag os cionn 25% d’áitritheoirí Bhaile Bhrigín amach na roghanna a bhí acu i dtaca le todchaí an bhaile.

Bhí rogha ann maidir le feabhsuithe agus an rogha ab fhearr le daoine de gach aois ná an Phríomhshráid a athrú ó bhonn agus í a cheangal le ceantar Cuain nuashamhlaithe. Is cleachtadh rannpháirteachais é seo a  ndéantar aithris air i mbailte ar fud na tíre.

Rinneadh infheistíocht shuntasach le dhá bhliain anuas, agus tá dhá chlós súgartha nua, páirc scátála agus athchóiriú mór déanta ar Leabharlann Bhaile Bhrigín. Ina theanna sin, baineadh athearraíocht as aghaidh siopa folamh atá anois mar Ár Mol Baile Bhrigín. Is léiriú iad an méid thuas ar an tús atá curtha ag an gComhairle le feabhsuithe fisiciúla ar fud an bhaile.

I 2-4 Sráid Bhaile Átha Cliath déanfar spás ealaíona cruthaitheacha agus digiteacha, rud a neartóidh ceathrú poiblí agus cathartha an bhaile. Táthar ag súil le foireann dearaidh a cheapadh don tionscadal faoi dheireadh 2021, agus táthar ag súil go mbeidh an tionscadal athfhorbartha  €3.3 milliún críochnaithe roimh 2024.

Idir an dá linn, ceannaíodh na foirgnimh ag De Bruns ar Shráid an Droichid i nDeireadh Fómhair 2020 in éineacht le beagnach heicteár amháin de spás glas nádúrtha agus abhainn ar thaobh na Páirce Millpond agus taobh thiar di.

Ceannaíodh 14 Sráid an Droichid i Meán Fómhair 2021 agus beidh Foireann Dearaidh Chomhtháite, atá le ceapadh in 2022, ag déanamh maoirseachta ar athfhorbairt an láithreáin seo agus ar chroílár uirbeach an bhaile. Beidh conair ghlas ag síneadh taobh le hAbhainn na Raithní agus ceanglófar Sráid an Droichid,  Sráid na Cé agus an Cuan.

“Anois go bhfuilimid i mbun oibre le dhá bhliain anuas, is féidir linn an sórt dul chun cinn a fheiceáil a bhí samhlaithe ag muintir Bhaile Bhrigín nuair a spreagamar iad chun bheith páirteach agus deis labhartha a ghlacadh maidir le forbairt an bhaile,” a dúirt an tOllamh Brian MacCraith, Cathaoirleach Ghrúpa Ceannaireachta Bhaile Bhrigín.

“Tá sciar mór den phobal tar éis teacht le chéile chun féidearthachtaí a shamhlú dá mbaile, agus anois is féidir dul chun cinn suntasach a fheiceáil i dtaca leis seo.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is é ceann de na tosaíochtaí is tábhachtaí atá againn, infheistíocht a dhéanamh chunn Baile Bhrigín a athnuachan agus táimid tiomanta leanúint leis an bhfás a chur chun cinn do ghnólachtaí agus d’áitritheoirí an bhaile.

“Sa phlean athnuachana atá i bhfeidhm, leagtar amach roinnt eochairthionscadail a chuireann cruth i ndáiríre ar an bhforbairt a dhéanfar i mBaile Bhrigín – leanimid orainn ag obair go dlúth lenár bpáirtithe leasmhara chun áiseanna feabhsaithe a sheachadadh, rud a chuirfidh le cáil an bhaile mar áit iontach chun bheith i do chónaí, bheith ag obair agus bheith i mbun gnó.”

Dúirt Emer O'Gorman, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíoch, Fiontair, Turasóireachta agus Cultúir: “Beidh an dul chun cinn atá bainte amach maidir leis na cúig piléar atá sa Phlean Athnuachana do Bhaile Bhrigín ina oidhreacht don bhaile a mhairfidh i bhfad.

“Leanfar le dul chun cinn a dhéanamh ar an ngeilleagar áitiúil, ar oideachas agus oiliúint, ar ghnóthaí poiblí agus imeascadh, ar an ríocht phoiblí agus ar Bhaile Bhrigín Sábháilte, chun an saghas baile a sholáthar do mhuintear Bhaile Bhrigín a bhí samhlaithe acu ag tús an turais seo.”

A copy of the What’s next leaflet is available here: What Next Town Rejuvenation Plan Update 2021  

Whats Next Balbriggan Cover