Lorgaíonn Comhairle Contae Fhine Gall tuairimí an phobail maidir le rialtas áitiúil digiteach

Tá straitéis náisiúnta nua á húsáid chun todhchaí na seirbhísí digiteacha sa rialtas áitiúil a threorú. Larrtar ar an bpobal aiseolas a fháil maidir le conas feabhas a chur ar sheirbhísí digiteacha.

Digital Services Survey Video

Lorgaíonn Comhairle Contae Fhine Gall tuairimí an phobail maidir le rialtas áitiúil digiteach

Tá straitéis náisiúnta nua á húsáid chun todhchaí na seirbhísí digiteacha sa rialtas áitiúil a threorú. Larrtar ar an bpobal aiseolas a fháil maidir le conas feabhas a chur ar sheirbhísí digiteacha

 

Ba mhaith le húdaráis áitiúla lena n-áirítear Comhairle Contae Fhine Gall tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáideann tú seirbhísí digiteacha agus ar líne faoi láthair agus ar an gcaoi ar mhaith leat seirbhísí digiteacha rialtais áitiúil a úsáid amach anseo.

 

Tá Straitéis nua Dhigiteach agus TFC á cruthú don rialtas áitiúil. Tá sé mar aidhm ag an straitéis seo cumhacht dhigiteach a úsáid chun feabhas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn údaráis áitiúla, agus seirbhísí a sholáthar ar bhealaí atá níos fearr don phobal agus do ghnólachtaí.

 

Ba mhaith le húdaráis áitiúla cloisteáil ón bpobal agus ó ghnólachtaí chun tuiscint níos fearr a fháil ar a gcuid riachtanas agus chun cabhrú le bonn eolais a chur faoi Straitéis nua Dhigiteach agus TFC de chuid an Rialtais Áitiúil.

 

Cuideoidh torthaí an tsuirbhé le húdaráis áitiúla:

  • Seirbhísí rialtais áitiúil ar líne níos fearr a sholáthar;
  • Pleanáil do thodhchaí na teicneolaíochta digití agus TFC sa rialtas áitiúil;
  • Tuiscint a fháil ar cad a oibríonn go maith do bhaill an phobail nó do ghnólachtaí; agus,
  • Tuiscint a fháil ar an áit a gcaithfimid níos mó a dhéanamh chun cabhrú le daoine seirbhísí rialtais áitiúil ar líne a úsáid agus rochtain a fháil orthu.

 

Is féidir an suirbhé a chomhlánú ar líne ag www.lgma.ie.

Beidh an comhairliúchán ar siúl ar feadh díreach os cionn trí seachtaine agus tá an dáta deiridh sceidealaithe le haghaidh Dé hAoine an 11 Lúnasa 2023.

 

Agus é ag tathant ar an bpobal agus ar ghnólachtaí i bhFine Gall páirt a ghlacadh sa suirbhé, dúirt Ceannasaí na Seirbhísí Digiteacha, Fergus Healy, “Beidh tionchar mór ag an straitéis Dhigiteach agus TFC don rialtas áitiúil ar an gcaoi a n-oibríonn údaráis áitiúla agus a soláthraíonn siad seirbhísí. Gabhfaimid guth ár gcustaiméirí chun bonn eolais a chur faoi dhearadh agus sheachadadh Claochlú Digiteach atá dírithe ar an gcustaiméir. Tá deiseanna ollmhóra ag baint le cúrsaí digiteacha agus TFC agus ba mhaith linn leas a bhaint astu chun leasa gach duine sa tsochaí. Mar sin, abair do chuid mar gheall ar an straitéis thábhachtach seo."

Straitéis Dhigiteach agus TFC an Rialtais Áitiúil

Beidh an Straitéis nua don Rialtas Áitiúil Digiteach agus TFC dírithe ar an gcaoi ar féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach tacú le húdaráis áitiúla ina gcuid oibre agus i soláthar seirbhísí don phobal. Clúdóidh sé freisin an chaoi ar féidir le Teicneolaíocht Dhigiteach agus TFC ár n áiteanna poiblí a fheabhsú, trí thionscnaimh Phobail Chliste agus uasmhéadú a dhéanamh ar na deiseanna a chuirtear i láthair tríd an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda a chur i bhfeidhm.

 

I measc cuid de na príomhréimsí fócais don Straitéis Dhigiteach agus TFC nua tá:
 

  • Spriocanna uaillmhianacha chun seirbhísí rialtais áitiúil a chur ar fáil ar líne
  • Cibearshlándáil a fheabhsú
  • Nuálaíocht a spreagadh agus a chothú
  • Sonraí a úsáid chun seirbhísí a fheabhsú agus chun bonn eolais níos fearr a chur faoi chinnteoireacht
  • Tacú le cathracha, réigiúin agus pobail chliste níos inbhuanaithe.

 

Tá an straitéis nua á forbairt ag na 31 údarás áitiúil i gcomhpháirtíocht leis an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) agus leis an gCumann Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA) le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Foilseofar é i bhfómhar 2023 agus beidh sé ina phlean don tréimhse 2023-2030, ina leagfar amach an comhthéacs straitéiseach d'fhorbairt na teicneolaíochta digití agus TFC sa rialtas áitiúil thar an tréimhse sin.

Digital local government survey Gaeilge
Digital Services Survey Stock Image
Digital Services Survey Stock Image 2
Digital Services Survey Stock Image 3
Digital Services Survey Stock Image 4