Maithiúnas Oíche Shamhna 2019
Glacfar le hábhair indóite (leapacha, toilg, doirse adhmaid etc.) saor in aisce ag Ionaid Athchúrsála Chomhairle Contae Fhine Gall ó chónaitheoirí Fhine Gall ar na laethanta seo a leanas:-
Dé Máirt, an 22 Deireadh Fómhair go dtí Dé Céadaoin, an 23 Deireadh Fómhair 2019
Dé Máirt, an 29 Deireadh Fómhair go dtí Dé Céadaoin, an 30 Deireadh Fómhair 2019
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ndéanfar an iontráil deiridh isteach sna hIonaid Athchúrsála idir na dátaí seo tráth nach déanaí ná uair an chloig roimh am dúnta mar gheall ar an méid mór feithiclí a bhfuil súil leo, i.e. 3pm i gCúil Mhín agus 7pm in Ionad Athchúrsála an Inbhir.
Cuirtear an lamháltas seo ar fáil mar iarracht chun an méid ábhair a laghdú a d’fhéadfaí a dhiúscairt i dtinte cnámh go háitiúil, a chruthaíonn baol sláinte agus sábháilteachta agus a dhéanann díobháil do spásanna oscailte poiblí.
Beidh ar chónaitheoirí ar mian leo go gcuirfear an tseirbhís seo ar fáil dóibh cruthúnas seolta a sholáthar.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gceadaítear veaineanna ná feithiclí tráchtála chun Ionaid Athchúrsála a iontráil gan é a bheith socraithe roimh ré.
UAIREANTA OSCAILTE
Ionad Athchúrsála Chúil Mhín Ionad Athchúrsála an Inbhir
Dé Luain Ar oscailt ó 9am go 4pm Ar oscailt ó 8am go 8pm
Dé Máirt Ar oscailt ó 9am go 4pm Ar oscailt ó 8am go 8pm
Dé Céadaoin Ar oscailt ó 9am go 4pm Ar oscailt ó 8am go 8pm
Déardaoin Ar oscailt ó 9am go 4pm Ar oscailt ó 8am go 8pm
Dé hAoine Ar oscailt ó 9am go 4pm Ar oscailt ó 8am go 8pm
Dé Sathairn Ar oscailt ó 9am go 4pm Ar oscailt ó 8am go 6pm
Dé Domhnaigh agus Saoirí Bainc Dúnta Dúnta |
|
|