Maoiniú €20m bronnta ar Fhine Gall ón Údarás Náisiúnta Iompair
Tá maoiniú de €20m leithdháilte ar Chomhairle Contae Fhine Gall ón Údarás Náisiúnta Iompair chun scéimeanna taistil ghníomhaigh a sholáthar go leanúnach i 2025.
Agus €294m san iomlán á bronnadh ar údaráis áitiúla, tacóidh an maoiniú seo le raon scéimeanna siúil agus rothaíochta lena n-áirítear timpeallachtaí feabhsaithe do choisithe, lánaí rothaíochta deighilte nua, droichid choisithe agus rothaíochta agus trasrianta coisithe.
Agus é ag fáiltiú roimh an bhfógra seo, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: ’’ Tá an-áthas orainn go bhfuaireamar an maoiniú seo ón UNI. Is tacaíocht shuntasach é dár dtiomantas do Thaisteal Gníomhach i bhFine Gall. Tá go leor buntáistí ag baint le Taisteal Gníomhach don phobal ar fad, is uirlis riachtanach é chun dul i ngleic le téamh domhanda agus timpeallacht níos sláintiúla a chur ar fáil do gach duine. Ba mhaith linn iarracht mhór a dhéanamh agus níos mó a dhéanamh, mar sin glacfaimid go toilteanach le gach maoiniú is féidir linn a fháil.’’
Bronnadh an maoiniú seo ar 48 tionscadal éagsúil i gceantar Fhine Gall agus cuimsíonn sé infheistíochtaí éagsúla Taisteal Gníomhach ar nós Bealach Cósta Fhine Gall, Droichead Coisithe agus Rothaíochta Dhomhnach Bat, Rotharbhealach Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill i mBaile Brigín, Bonneagar Rothaíochtha Bhóthar Fhaoldroma agus Plean Taistil Ghníomhaigh na Sceirí.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: ‘’Tá an maoiniú seo ag teacht lenár bhfís straitéiseach chun pobal inbhuanaithe agus inrochtana a chruthú. Trí infheistíocht a dhéanamh i dTaisteal Gníomhach, táimid ag leagan na bunchloiche do líonra iompair a théann chun sochair an phobail ar fad. Tá ár bhfoirne Taisteal Gníomhach agus Bonneagar Straitéiseach ag obair go fíordhian chun go leor príomhfhorbairtí a chur chun cinn, mar Fheabhsúcháin Nascachta R132 agus an Scéim Siúil agus Rothaíochta ó Ascaill Achadh na Gréine go dtí An Dara Loc Déag i gCaisleán Cnucha, agus táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh sheachadadh na dtionscadal seo’’.
Gheobhaidh 16 scoil maoiniú faoin gClár Slite Sábháilte chun na Scoile a bhfuil sé mar aidhm aige saincheisteanna leanúnacha sábháilteachta agus brú tráchta ag geata na scoile a fheabhsú. Díríonn sé freisin ar bhealaí chun na scoile a fheabhsú trí bhonneagar siúil agus rothaíochta a fheabhsú.
Dar le David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí don Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt ag Comhairle Contae Fhine Gall: ‘Trí infheistíocht a dhéanamh i dTaisteal Gníomhach, táimid ag cinntiú go bhfuil sé níos fusa agus níos tarraingtí do shaoránaigh Fhine Gall siúl, úsáid a bhaint as rothaí agus rothaíocht. Tá sé mar thosaíocht againn folláine ár n-úsáideoirí bóithre is leochailí a chinntiú. Ligeann an maoiniú seo dúinn aghaidh a thabhairt ar chúiseanna imní faoi shábháilteacht trí bhonneagar Taisteal Gníomhach a sholáthar atá inrochtana do chách.’’
Dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir Seirbhísí um Pleanáil agus Bonneagar Straitéiseach ag Comhairle Contae Fhine Gall: ‘’Ligeann an maoiniú seo ón ÚNI dúinn dul chun cinn a dhéanamh ar mhórthionscadail ar nós Slí an Mhóinéir Leathain agus Bealach Cósta Fhine Gall, a chuireann roghanna taistil inbhuanaithe chun cinn do mhuintir Fhine Gall. Molaimid do gach duine úsáid a bhaint as an líonra bonneagair siúil agus rothaíochta a leanfaimid ar aghaidh ag cruthú, a bhfuil tionchar dearfach aige ar ár n-aeráid.’’
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair chun Taisteal Gníomhach a chur i bhfeidhm sa laethúil mar chuid de ghnáthghnáthaimh. Trí athdhearadh a dhéanamh ar ár líonra taistil chun é a dhéanamh níos sábháilte agus níos fáiltiúla do dhaoine ag siúl nó ag rothaíocht, spreagaimid taisteal inbhuanaithe ar fud ár bpobal ar fad.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi thaisteal gníomhach agus faoi thionscadail bhonneagair straitéisigh i bhFine Gall, tabhair cuairt ar Active Travel | Fingal County Council