Maoiniú nua ar fáil le haghaidh oibreacha caomhnaithe i bhFine Gall

Tá iarratais á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall mar chuid de Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2025 (SIOT) a thairgeann maoiniú d’oibreacha caomhnaithe agus deisiúcháin ar Struchtúir Chosanta agus foirgnimh a fheabhsaíonn Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta laistigh de réigiún Fhine Gall.

Conservation

I 2024, leithdháileadh beagnach €260,000 ar 42 tionscadal ar fud Fhine Gall, ag tacú le tionscnaimh éagsúla faoi Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha, deontais “Stitch in Time”, agus an Ciste um Struchtúir Stairiúla. Bhí ról ríthábhachtach ag na deontais seo maidir le hoidhreacht shaibhir ailtireachta Fhine Gall a chaomhnú.

Tá iarratais ar mhaoiniú SIOT á lorg ag Oifigigh Chaomhnaithe Ailtireachta Fhine Gall, Helena Bergin agus Bronagh Lanigan. Dúirt Helena: “Ar fud Fhine Gall tá seanfhoirgnimh nó struchtúir inspéise a chuireann go dearfach le carachtar na háite nó a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo don phobal áitiúil. D’fhonn a chinntiú go seasfaidh siad go síoraí seasta tá sé tábhachtach go gcoinneofar i gcaoi mhaith iad.

“Le blianta beaga anuas, bhí ról lárnach ag Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha maidir le cabhrú le húinéirí na hoibreacha caomhnaithe cuí a dhéanamh agus tacú leo ina ról mar chaomhnóirí oidhreacht ailtireachta an chontae. Táimid ag tnúth le níos mó den mhaoiniú seo a fheiceáil á  chaitheamh ar níos mó cosanta agus caomhnaithe dár dtimpeallacht thógtha.”

Tairgeann SIOT 2025 cúnamh deontais méadaithe, ó €2,500 go €50,000, a bhuíochas le cónascadh de Sruth 1 den Chiste um Struchtúir Stairiúla isteach sa SIOT. Tá méadú tagtha freisin ar an gcéatadán maoinithe a bronnadh agus d’fhéadfaí maoiniú poiblí suas le 80% de chostas na n-oibreacha a bhronnadh. I measc na dtionscadal incháilithe tá caomhnú agus deisiú creatlach stairiúil/bunaidh na Struchtúr Cosanta, foirgnimh laistigh de Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta, Aghaidheanna Siopaí Stairiúla, agus Struchtúir Dúchasacha Neamhchosanta.

Tá foirmeacha iarratais agus eolas mionsonraithe ar fáil ar leathanach gréasáin Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall: https://www.fingal.ie/council/service/built-heritage-investment-scheme-….

Caithfear iarratais a chur isteach roimh 5I.N., DÉ hAOINE, 27Ú MEÁN FÓMHAIR 2024.