Míníonn Sraith Agallaimh Ionad Faisnéise Dírí na hEorpa, Baile Bhlainséir an Comhaontú Glas don Eoraip

D'eagraigh Ionad Faisnéise Dírí na hEorpa, Baile Bhlainséir, i gcomhar le Leabharlanna Fhine Gall, sraith agallaimh ar líne le déanaí a bhí dírithe ar an gComhaontú Glas don Eoraip a mhíniú.

The European Green Deal

D'eagraigh Ionad Faisnéise Dírí na hEorpa, Baile Bhlainséir, i gcomhar le Leabharlanna Fhine Gall, sraith agallaimh ar líne le déanaí a bhí dírithe ar an gComhaontú Glas don Eoraip a mhíniú. Cuireadh cúig agallamh san iomlán ar siúl agus cuireadh ceann amháin ar siúl gach lá idir an 2 agus an 6 Samhain. Ba é cuspóir na sraithe agallamh an pobal a chur ar an eolas ar an gComhaontú Glas don Eoraip: a chuspóirí agus snáitheanna éagsúla.

D'oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, an chomhdháil agus thug an Leabharlannaí Contae, Betty Boardman, aitheasc. D'eagraigh Bainisteoir Europe Direct Bhaile Bhlainséir, Siobhán Walshe, agus an Comhordaitheoir Cúnta Barry O’Carroll, a chuir na hagallaimh ar siúl.

Mhínigh Méara  Fhine Gall, David Healy, agus tús eolais á thabhairt aige, “Is é aidhm na sraithe seo d’agallaimh le saineolaithe ar an gComhaontú Glas don Eoraip cuid de phríomhshnáitheanna den chomhaontú agus na tionchair ar dóigh dóibh a bheith acu ar bhonn domhanda agus scála áitiúil a mhíniú ar bhealach neamhchasta.” Lean sé air, “I bhFine Gall in Éirinn, san Eoraip agus ar fud an domhain tá dúshlán coiteann romhainn aistriú go sochaí agus geilleagar inbhuanaithe i mbithsféar atá ag téarnamh le haeráid shábháilte chobhsaí. Tá ról lárnach ag gach duine againn chun é seo a thabhairt i gcrích.”

Phléigh an cúigear agallaithe raon ábhar. Rinneadh an chéad agallamh an 2 Samhain le Jonathan Claridge, Ceann Cumarsáide ag Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn. Thug Jonathan tús eolais bunúsach ar an gComhaontú Glas don Eoraip agus mhínigh sé a phríomhchuspóirí. Ar lá 2, labhair muid le Patrick O’Riordan faoin gComhaontú Glas  agus Ciste Aistriú Cóir (Just Transition) a mhaoiniú. Is comhairleoir eacnamaíoch é Patrick ag Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn. Labhair an Dr Sinéad McCarthy, taighdeoir ag Teagasc faoin Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc (‘Farm to Fork’) Dé Céadaoin, an 4 Samhain.

Bhí FPE Bhaile Átha Cliath Ciarán Cuffe inár dteannta ar lá 4 chun Dlí Aeráide na hEorpa agus an Straitéis Bithéagsúlachta a phlé. Ar an lá deiridh, chuireamar agallamh ar Aoife Sheridan ón Roinn Forbartha Eacnamaíochta, Fiontar agus Turasóireachta ag Comhairle Contae Fhine Gall. Mhínigh Aoife tionchar an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta agus labhair sí faoi chuid de na tionscadail chomhshaoil ​​atá á gcur i bhfeidhm ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Bhí gach agallamh faisnéiseach agus fíorspéisiúil agus d’fhreagair na hagallaithe roinnt ceisteanna a chuir baill den phobal roimh ré. Fuarthas aiseolas dearfach ar líne agus roinneadh na físeáin go forleathan. Bhí sé dúshlánach ár gcomhdháil bhliantúil a thiontú go formáid ar líne ach lig sé dúinn lucht féachana leathan a bhaint amach freisin. Tá beagnach 1000 duine tar éis féachaint ar an tsraith go dtí seo.

Ag labhairt di faoin ócáid, dúirt an Leabharlannaí Contae Betty Boardman:

“De ghnáth reáchtáilfí imeacht mar seo i gceann dár leabharlanna nó ag ionad comhdhála, ach tá sé dodhéanta é seo a dhéanamh mar gheall ar COVID 19. Trí na hagallaimh a chur ar siúl ar líne, leanann Ionad Faisnéise Dírí na hEorpa i Leabharlann Bhaile Bhlainséir de bheith mar ardán éifeachtach faisnéise agus díospóireachta ar ábhair Eorpacha. "

 

Is féidir na cúig agallamh go léir a fheiceáil ag an nasc seo a leanas:  https://www.youtube.com/playlist?list=PLhLZ_o7ug6_8Ah_mlXYSbMeJFK2MQA4Oz

 

ciaran-cuffe-interview
EGD Social Media Graphic