Mol nua spóirt agus pobail ceadaithe do Bhaile Maidheac

Aerial View Meakstown

Tá pleananna Chomhairle Contae Fhine Gall do mhol áineasa nua ina soláthrófar áiseanna nua-aimseartha don phobal mórthimpeall ar Bhaile Maidheac ceadaithe ag Comhairleoirí.

Is fianaise é an tionscadal spéisiúil seo ar ghealltanas ón gComhairle maidir le leanúint lena freagracht leanúnach mar an contae is óige in Éirinn agus ciallóidh sé go mbeidh ionad pobail agus spóirt atá ag teastáil go géar ar fáil i mBaile Átha Cliath 11.

Foireann Chomhtháite Dearaidh faoi stiúir Henchion Reuter Architects a dhear an t-ionad, agus fáilteofar roimh an ionad nua sa cheantar mar ionad lárnach san fhorbairt atá á déanamh i bPáirc Bhéal Átha Liag. Creideann an Chomhairle go gcabhróidh an tionscadal suntasach seo leis an gcomharsanacht barr a cumais a bhaint amach.

Áireofar san fhoirgneamh ciorclach nua a bheidh tíosach ar fhuinneamh:

  • halla spóirt ina mbeidh trí chúirt;
  • ceithre sheomra mhóra ilchuspóra le haghaidh gníomhaíochtaí cosúil le ranganna damhsa, seisiúin ióga, Pilates, ceardlanna oiliúna agus cruinniú poiblí; seomraí feistis atá deartha do chách; agus
  • spásanna páirceála le haghaidh 40 rothar, lena n-áirítear rothair leictreacha, rothair lastais agus scútair.

Mórthimpeall an mhoil áineasa beidh siúlbhealaí do choisithe agus rotharbhealaí a chabhróidh le níos mó taistil ghníomhaigh a spreagadh sa phobal, taobh le garraíodóireacht tírdhreacha a áireofar ina measc gairdín báistí uathúil a thacóidh le bithéagsúlacht. Soláthrófar é seo sa bhreis ar fhorbairt níos leithne Pháirc Bhéal Átha Liag a sholáthróidh spásanna súgartha & aclaíochta, Gairdín pobail agus céadfach, ionad lárnach le haghaidh imeachtaí pobail agus ardán féachana a fheidhmeoidh mar áit chun féachaint ar chluichí spóirt agus áit ina mbeidh suíocháin bhreise.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Chomhairle Contae Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Bainfidh pobal Bhaile Maidheac an-tairbhe as an áis nua seo. Trí áis ilchuspóra nua-aimseartha a fhorbairt, is mian linn freastal ar riachtanais an phobail áitiúil ar bhealach ionchuimsitheach. Taobh leis an ionad féin, bainfear go leor tairbhe as athfhorbairt na páirce chun áit a chruthú do dhaoine chun a scíth a ligean agus tamall a chaitheamh i mbun aclaíochta.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Robert Burns, Stiúrthóir Tithíochta agus Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall: “Cúis áthais go bhfuil cead tugtha leanúint ar aghaidh le mol nua spóirt agus pobail a fhorbairt i mBaile Maidheac. Tacaíonn an áis seo atá deartha ag ailtirí le hinbhuanaitheacht agus le gníomhú ar son na haeráide agus cuirfidh an áis le mealltacht na timpeallachta tógtha freisin. Bainfidh an-tábhacht leis an infheistíocht seo i ndáil le forbairt leanúnach an cheantair agus níl aon amhras orm ach go ndéanfaidh sé difríocht shuntasach do cheantar agus do phobal na háite.”

Táthar ag súil go gceapfar conraitheoir ag deireadh 2022, agus go gcuirfear tús leis an obair ar an ionad spóirt nua ag tús 2023. Idir an dá linn, leanfar le dearadh mionsonraithe agus soláthar phríomhbhonneagar na páirce do pháirc Bhéal Átha Liag  in 2022 agus 2023, obair a bheidh nasctha le Clár Caipitil na Comhairle.

central-avenue-and-viewing-area