Nuashonrú maidir le Fógra Toirmisc 'Ná Snámh' atá fós i bhfeidhm ag an Trá Thosaigh, Baile Brigín

Bhain na torthaí uisce snámha is déanaí ó Thrá Thosaigh, Baile Brigín a tógadh ar an 25ú & 29 Lúnasa an caighdeán maidir le cáilíocht uisce ‘mhaith’ amach. Mar sin féin, tar éis dul i gcomhairle le FSS fanfaidh an fógra toirmisc ‘ná snámh’ i bhfeidhm go dtí an 9ú Meán Fómhair.

Bhain na torthaí uisce snámha is déanaí ó Thrá Thosaigh, Baile Brigín a tógadh ar an 25ú Lúnasa & 29ú Lúnasa an caighdeán maidir le cáilíocht uisce ‘mhaith’ amach. Mar sin féin, tar éis dul i gcomhairle le FSS fanfaidh an fógra toirmisc ‘ná snámh’ i bhfeidhm go dtí an 9ú Meán Fómhair nó go bhfaightear babhtaí breise de thorthaí snámha sásúla.

Fuarthas leibhéil ardaithe de bhaictéir faecach in Abhainn na Raithní laistigh de Bhaile Brigín. Tar éis imscrúduithe mionsonraithe agus tástála, aithníodh agus ceartaíodh píobán mícheangailte. Léiríonn torthaí samplála ón 25ú Lúnasa ar Abhainn na Raithní laistigh den bhaile go bhfuil E.coli fós ag leibhéil ardaithe agus go bhfuil sé ina bhaol d’uisce snámha ar an trá.

Tá Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall ag fiosrú foinsí féideartha éillithe san abhainn agus san uisce snámha agus leanfar leis na himscrúduithe seo. Leanfar le tástáil rialta ar an abhainn agus ar an uisce snámha go dtí go mbeidh an scéal réitithe.

Tógfar an chéad sampla uisce snámha eile Dé Luain 29ú Lúnasa agus táthar ag súil leis na torthaí Dé Céadaoin 31ú Lúnasa.

Is iad seo a leanas na sonraí iomlána ar thorthaí Cháilíocht an Uisce Snámha ó athshamplaí a tógadh Déardaoin 25ú Lúnasa, 2022:

• Bhain Trá Theas na Sceirí an caighdeán amach maidir le cáilíocht uisce ‘iontach’.
• Bhain Trá Thosaigh Bhaile Brigín agus Trá Loch Sionnaigh an caighdeán amach maidir le cáilíocht uisce ‘mhaith’ (tá an fógra toirmisc ‘ná snámh’ fós i bhfeidhm i mBaile Brigín).
• Bhain an t-uisce snámha neamhaitheanta ag Trá Mhullach Íde stádas ‘iontach’ amach (bratach dhearg leanúnach).

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.
Chun breathnú ar mhíniúchán ar na caighdeáin a úsáidtear chun torthaí uisce snámha a thuairisciú agus ar an measúnú ar bhaol do shláinte an tsnámhóra a mheastar a bheith ag comhlíonadh an chaighdeáin “Olc”, téigh le do thoil chuig https://www.fingal.ie/bathing-water-quality-monitoring-faqs