Oibreacha crann, lena n-áirítear crainn a bhaint, a leasú agus a athsholáthar, sceidealta le haghaidh Diméin Ard Giolláin

Some of the trees at Ardgillan Demesne that will be removed or pruned during this month’s planned works.

Tá oibreacha crann, lena n-áirítear crainn a bhaint, a leasú agus a athsholáthar, sceidealta le haghaidh Diméin Ard Giolláin, Baile Brigín sna seachtainí amach romhainn tar éis do shuirbhé crannadóireachta roinnt crann a shainaithint a chaithfear a bhaint nó a leasú ar bhonn práinne.

Déanfar na hoibreacha in dhá chéim sa cheantar feadh na hAscaille ar an mbealach isteach agus sa Charrchlós Uachtarach laistigh den Diméin.

Rachaidh an chéad chéim de na hoibreacha beartaithe i ngleic le ‘Crainn Tosaíochta’ mar is iad seo an riosca is mó don phobal mar gheall ar a seasamh struchtúrach. Is éard a bheidh i gceist le Céim 1 ná 12 chrann poibleoige laistigh den Ascaill ar an mbealach isteach, atá go léir marbh, a leagan. Beidh oibreacha prúnála ar 24 crann i gceist le Céim 1 chomh maith. Is fuinseoga iad seo den chuid is mó, agus caithfear monatóireacht rialta a dhéanamh orthu ar bhonn ar leanúnach.

Cuimseoidh an dara céim oibreacha prúnála ar 11 chrann eile. Cuimseoidh na hoibreacha seo fáil réidh le hadhmad atá marbh agus prúnáil struchtúrach a dhéanamh chun fad saoil a fheabhsú agus aon riosca a bhaineann leis an bpobal a laghdú.

Chuimsigh Suirbhé na gCrann ag Diméin Ard Giolláin cigireachtaí aonair ar bhail agus ar shláinte na gcrann agus rinneadh measúnú riosca ar gach crann a ndearnadh suirbhé air. Aithníodh roinnt crann a bhí ag cur sábháilteacht an phobail i mbaol agus ní raibh aon rogha ag an gComhairle ach iad a bhaint. Cuirfear speicis oiriúnacha in ionad na gcrann sin in aice leis na crainn go léir a bhaintear.

Déanfar na hoibreacha crannadóireachta, lena n-áirítear leagan, prúnáil agus plandáil athsholáthair, de réir Bheartas Bainistíochta Crann Fhine Gall, Plean Bithéagsúlachta Fhine Gall agus Caighdeáin na Breataine um Chrannadóireacht.

Tá sé beartaithe tús a chur le hoibreacha Chéim 1 le linn mhí na Nollag 2020.

Úsáidfear na staidéir suirbhéireachta leanúnacha atá á ndéanamh sa Phlean Bainistíochta Coillearnach a ullmhófar le haghaidh Diméin Ard Giolláin agus a threoróidh gach obair phlandaithe agus chothabhála sa Diméin sa todhchaí.

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall a Dréacht-Straitéis Crann dar teideal “Foraois Fhine Gall, Straitéis Crann d’Fhine Gall - Dréachtcháipéis”. Tá an Dréacht-Straitéis ag dul trí Phróiseas Comhairliúcháin Poiblí Neamhreachtúil faoi láthair a leanfaidh ar aghaidh go dtí deireadh Sheachtain Náisiúnta na gCrann i Márta 2021.

Chun do thuairim a thabhairt ar Straitéis Crann Fhine Gall logáil isteach ar www.fingal.ie/news/launch-forest-fingal-tree-strategy-fingal.