Oíche Chultúir Fhine Gall 2024

Culture Night 2024

íoslódáil Bróisiúr Oíche Chultúir  Culture Night Fingal brochure 

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár eicléictiúil d’imeachtaí saor in aisce a chur i láthair don Oíche Chultúir, a fhillfidh dá naoú heagrán déag Dé hAoine, an 20ú Meán Fómhair. Ar feadh oíche iontach amháin is féidir le lucht féachana iad féin a thumadh i réimse éagsúil imeachtaí ealaíne agus cultúrtha i bhFine Gall. Beidh an clár ar siúl i seacht n-ionad déag, agus beidh breis is daichead gníomhaíocht uathúil i gceist leis.

Cuirfidh ionaid ealaíon, leabharlanna, réadmhaoin oidhreachta agus eagraíochtaí cultúrtha Fhine Gall réimse leathan imeachtaí ar fáil a chuimseoidh ceol, damhsa, na hamharcealaíona, scannáin, oidhreacht, ailtireacht, turais agus taispeántais.

Óstálfaidh Leabharlanna Fhine Gall clár spreagúil d’imeachtaí a bheidh oiriúnach do theaghlaigh ag leabharlanna Mhullach Íde, Bhaile Brigín, agus Bhaile Bhlainséir, ina mbeidh léirithe ag Cóir Shoiscéalacha iontacha Bhaile Brigín agus Bhaile Átha Cliath agus Banna Práis Bhaile Bhlainséir. Beidh eachtra fantaisíochta ‘Doinsiúin agus Dragain’ ar siúl freisin; seó grinn do pháistí le ‘Rueben an Siamsóir’ agus seó draíochta le ‘Waffles Fíoriontach’.

Dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa ghinealas beidh deis bualadh leis an nginealeolaí gairmiúil, Claire Bradley, a fheagróidh bhur gceisteanna staire teaghlaigh ag Staidéir Áitiúla agus Cartlanna Fhine Gall. Is féidir le díograiseoirí na réalteolaíochta bualadh le réalteolaithe Réadlann Dhún Sinche DIAS agus turas féinthreoraithe a dhéanamh den réadlann is sine in Éirinn.

Is féidir le cuairteoirí a bheith ag súil le hoíche spreagúil le léirithe beo ar an bpríomhstáitse ag Draíocht nuair a léiríonn ‘Blanchardstown Resonance 2’, arna choimeád ag Asha Ari, réimse iontach d’amhránaithe, bannaí agus ealaíontóirí ildisciplíneacha ó Bhaile Átha Cliath 15.  Is féidir le lucht freastail Oíche Chultúir taitneamh a bhaint freisin as oíche spleodrach leis an gceoltóir mór le rá John Robb ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis. Cuireann Ár mBaile Brigín fáilte roimh chuairteoirí chuig an Mol, Cearnóg Sheoirse le haghaidh oíche dochreidte de léirithe ceoil, filíochta agus taispeántais ealaíne. Beidh Institiúid Cheoil agus Amhrán na hÉireann, áis cheoil den scoth i mBaile Brigín, ag glacadh páirt san Oíche Chultúir chomh maith, agus beidh aíonna in ann sult a bhaint as ceol beo éagsúil agus turais ar halla ceolchoirme Lark a bhfuil duaiseanna buaite aige.

I measc na mbuaicphointí eile tá réimse de thurais ar an réadmhaoin oidhreachta is fearr i bhFine Gall. Fiosraigh stiúideonna agus gailearaí ealaíne Chaisleán Ard Giolláin, áit a mbeidh ealaíontóirí cónaitheacha agus ealaíontóirí taispeántais ar fáil chun a saothar ealaíne a phlé. Óstálfaidh Teach agus Feirm an Droichid Nua turas ar an bhfeirm oibre thraidisiúnta stairiúil le foirgnimh a théann siar go dtí an 18ú haois. Beidh oíche dhodhearmadta ag cuairteoirí ag Caisleán Mhullach Íde le turais threoraithe eisiacha a fhiosraíonn stair shaibhir cheann de na caisleáin is sine in Éirinn. Nó cad faoi cuairt a thabhairt ar dhomhan dochreidte na n-iarnród mionsamhla lámhdhéanta de chuid Cyril Fry ag Músaem Casino um Mhionsamhail Iarnóid, i gcroílár Mhullach Íde. Is féidir le díograiseoirí oidhreachta taitneamh a bhaint as turais ar Mhuilte na Sceirí, ceann de bheagán suíomhanna san Eoraip a léiríonn dhá Mhuileann Seolta agus Muileann Uisce.

Pleanáil do phlean turais Oíche Chultúir anois trí bhróisiúr Oíche Chultúir Fhine Gall a íoslódáil ag www.fingalarts.ie nó ag www.fingal.ie

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh, “Is cinnte go mbeidh Oíche Chultúir i bhFine Gall ina oíche spreagúil do chách. Tá clár bríomhar d’imeachtaí ealaíne agus cultúrtha éagsúil ann a léiríonn ár réadmhaoin oidhreachta iontach, ár n-ionaid ealaíon agus an tallann dhinimiciúil laistigh den chontae. Táim thar a bheith bródúil as ár dtiomantas do na healaíona i bhFine Gall agus is deis iontach í Oíche Chultúir é sin a thaispeáint.”

Dúirt Oifigeach Ealaíon an Chontae, Sarah O’ Neill: “Mar chuid d’imeachtaí ceiliúrtha Oíche Chultúir na bliana seo, tá sceitimíní ar an Oifig Ealaíon tráthnóna speisialta a chur i láthair ag Leabharlann Carnegie i Sord, a nuachóiríodh le déanaí, ina mbeidh léiriú ceoil ó Chór Óige Shoird atá ar fheabhas ar fad. Agus mar cheiliúradh ar Cheathrú Chultúrtha Shoird Chomhairle Contae Fhine Gall, is féidir le cuairteoirí taispeántas a fhiosrú ar an tionscadal spreagúil ailtireachta seo a dhear na hailtirí OʼDonnell + Tuomey.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá fíoráthas orm clár bliantúil gníomhaíochtaí Fhine Gall d’Oíche Chultúir a fhógairt a chuireann réimse iontach imeachtaí agus siamsaíochta ar fáil in ionaid ar fud an chontae mar cheiliúradh ar ár n-oidhreacht shaibhir chultúrtha.”

Seoladh clár Oíche Chultúir Fhine Gall ag Leabharlann Carnegie, Sord. Tá Oíche Chultúir arna thabhairt chugat ag An Chomhairle Ealaíon, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Clár Éire Ildánach i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall.

Tá gach imeacht saor in aisce le freastal air, b’fhéidir go mbeadh gá le háirithint roimh ré i roinnt ionad.

Chun an clár iomlán náisiúnta a fháil, féach www.culturenight.ie  

 

Culture Night 2024