Oidhreacht ón mBaile - Toibreacha Naofa
![Holy Wells](/sites/default/files/styles/widescreen_television/public/2020-05/8-holy-well.jpg?h=43f54d8a&itok=gmFtJHEu)
Oidhreacht ón mBaile: Tá thart ar 50 tobar naofa i bhFine Gall. Díol ómóis ba ea an t-uisce chomh fada siar leis an réamhstair, nuair a chaití daoine ofrálacha i bhfoinsí uisce, aibhneacha agus lochanna - agus déanaimid aithris ar an traidisiún sin nuair a chaithimid boinn i bhfuarán inniu.
Foinsí nádúrtha atá i go leor de na toibreacha naofa i bhFine Gall. D'fhéadfadh gur dhíol ómóis a bhí sna toibreacha sin i gcónaí ach forbraíodh baint idir na toibreacha agus naoimh áirithe nó fondúireachtaí Críostaíochta.
Tá roinnt de na toibreacha, cosúil le Tobar Cholm Cille i Sord, le feiceáil ó imfhálú eaglasta; tá roinnt eile marcáilte le crann nó sceach amháin arbh fhéidir paidreacha agus ceirteacha a chrochadh air.
Deirtí freisin go raibh cumhacht leigheasach ag baint le go leor toibreacha naofa. Cheaptaí gur leigheas ar thinneas súile agus tinneas goile é tobar Fhionntain i gCill Fhionntain; leigheas ar thinneas cinn agus scornach thinn a bhíodh i dtobar Chainnigh sa Choill Naofa; agus d'úsáidtí uisce ó Thobar Mhuire i mBaile Brigín mar leigheas ar thinneas súile agus d’óltaí é chun tinneas fiacaile a mhaolú.
Chuirtí laethanta pátrúin ar siúl ag na toibreacha naofa freisin chun ceiliúradh a dhéanamh ar an naomh nó ar phátrún an tobair. San 18ú haois ba mhinic go raibh achrann ann. Bhíodh 'gach cineál deochanna agus sólaistí' ar fáil san ochtó puball a chuirtí in airde ag Tobar Mhuire i Mullach Eadrad.