Osclaíodh Ionad Tástála COVID-19 Siúil Isteach saor ó shiomptóm san Ionad Náisiúnta Uisce, Baile Bhlainséir

Osclaíodh Ionad Tástála COVID-19 Siúil Isteach saor ó shiomptóm san Ionad Náisiúnta Uisce, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15 chun cásanna de COVID-19 a lorg go gníomhach agus an leathadh a stopadh

Covid testing centre

Osclaíodh Ionad Tástála COVID-19 Siúil Isteach saor ó shiomptóm san Ionad Náisiúnta Uisce, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15 chun cásanna de COVID-19 a lorg go gníomhach agus an leathadh a stopadh. Ná téigh ann má tá siomptóim agat. Beidh na hionaid tástála oscailte ón Déardaoin, 25 Márta go dtí Dé Céadaoin, 31 Márta ó 11 rn go 7 in. 

Preasráiteas FSS: 24 Márta 2021

Mar chuid de thástáil fheabhsaithe COVID-19 FSS do phobail áitiúla, osclófar cúig ionad tástála COVID-19 nua ‘siúil isteach, ní gá coinne a dhéanamh’ Déardaoin, 25ú Márta chun cásanna de COVID-19 a lorg go gníomhach.

Tá FSS ag oscailt na n-ionad siúil isteach i gceantair ina bhfuil líon na gcásanna an-ard. Cuideoidh méadú ar líon na ndaoine a thástáilimid linn tuiscint níos fearr a fháil ar conas agus cén fáth go bhfuil an víreas ag scaipeadh níos gasta i gceantair áirithe.

Dar le Niamh O’Beirne, Ceannaire Náisiúnta FSS um Thástáil agus Rianú:

“Níl aon siomptóim de COVID-19 ag timpeall 1 i 5 duine agus is féidir leo é a scaipeadh i ngan fhios dóibh. Molaimid do dhaoine atá ina gcónaí in aice le hionad tástála siúil isteach agus a bhfuil imní orthu faoi COVID-19, tástáil saor in aisce a fháil inniu.”

Cuideoidh tástáil ar dhaoine nach bhfuil aon siomptóim orthu cásanna dearfacha a aimsiú níos luaithe agus ligfidh sé do na daoine seo na bearta riachtanacha a ghlacadh chun daoine eile a chosaint. Cuideoidh sé seo linn slabhraí tarchuir a bhriseadh.”

Agus muid ag obair leis an Seirbhís Náisiúnta Otharcharranna, tá sé mar aidhm againn 300-500 tástáil COVID-19 a dhéanamh in aghaidh an lae ag gach ionad siúil isteach. Tá sé de chumas ag ár gconair thástála COVID-19 reatha 25,000 tástáil PCR a dhéanamh in aghaidh an lae, bunaithe ar mholtaí NPHET.

Is féidir leat an tseirbhís tástála COVID-19 siúil isteach saor in aisce a úsáid más rud é:

  •  go bhfuil tú 16 bliana d’aois agus níos sine
  •  nach bhfuil siomptóim de COVID-19 agat ach ba mhaith leat go ndéanfaí tástáil ort
  •  go bhfuil cónaí ort laistigh de 5 ciliméadar ón ionad tástála siúil isteach  
  •  nach bhfuil tástáil dhearfach déanta ort do COVID-19 le sí mhí anuas  

Caithfidh tú grianghraf aitheantais a thabhairt leat agus uimhir fón póca a sholáthar dúinn ionas gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leat le do thorthaí.

Beidh na hionaid tástála oscailte ón Déardaoin, 25 Márta go dtí Dé Céadaoin, 31 Márta ó 11 rn go 7 in.

Beidh bearta um fhadú sóisialta i bhfeidhm de réir mar a shroichfidh daoine le haghaidh tástála. Má tá na hamanta feithimh rófhada duit, tá fáilte romhat teacht ar ais lá nó am eile.

Beidh ionaid tástála siúil isteach oscailte ag na suíomhanna seo a leanas:

  •  An tIonad Náisiúnta Uisce – Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15 - D15HT9N.
  •  Staid Thamhlachta – Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24 – D24FNK6.
  •  Staid an Bhaile Ghaelaigh – An Baile Gaelach, Baile Átha Cliath 4 – D04KN77.
  •  Ionad Fóillíochta Thulach Mhór – Tulach Mór – R35A594.
  •  Carrchlós Ionad Cúraim Phríomhúil i nGráinseach Ghormáin, (Bealach Isteach ón NCR)- in aice le campas TUD - D07VPT0.

Má tá aon siomptóim chomónta de COVID-19 agat ná téigh chuig an ionad tástála siúil isteach.

Ina measc seo tá teocht ard, casacht nua, gearranáil nó caillteanas nó athrú ar do bholadh nó ar do bhlaiseadh.

Má tá aon cheann de na siomptóim seo ort, féin-aonraigh (fan i do sheomra) agus cuir glaoch ar do dhoctúir teaghlaigh. Inseoidh do dhochtúir teaghlaigh duit más gá duit tástáil COVID-19 saor in aisce a dhéanamh.