Osclaítear príomhphíosa de bhonneagar straitéiseach i mBaile Átha Cliath 15
Tar éis obair fhairsing ar cuireadh tús léi i 2021, osclaíodh Acomhal Snugborough go hoifigiúil inniu atá suite feadh cheann de na bealaí is gnóthaí i mBaile Átha Cliath, ag léiriú seachadadh tionscadail ilmhilliún euro a mbeidh feabhsuithe iompair suntasacha i gceantar Bhaile Átha Cliath 15 i gceist leis.
D’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh, in éineacht leis an Aire Airgeadais, Jack Chambers TD agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD an t-acomhal. Nochtadh plaic chun seachadadh an phríomhthionscadail atá suite ar dhébhealach an N3 a chomóradh.
Lonnaithe ag Acomhal 2 den N3, rinne an t-Údaráras Náisiúnta Iompair cómhaoiniú ar an bpríomhthionscadal bonneagair straitéisigh. Tá rotharbhealaí nua ar an droichead os cionn an N3 agus An Tulcha, agus ag an am céanna feabhsaítear inrochtaineacht chuig Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir. Chun ligean don scéim seo teacht chun críche, rinneadh breithniú cúramach ar an mbealach is fearr chun an tionchar ar an sreabhadh laethúil tráchta ó na hoibreacha a mhaolú.
Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: “Léiríonn an t-uasghrádú seo ár dtiomantas do thaisteal gníomhach, inrochtaineacht agus nascacht a fheabhsú. Cabhróidh sé le feabhas a chur ar shaincheisteanna brú tráchta ar an líonra agus cuireann sé feabhsuithe suntasacha ar fáil do choisithe, do rothaithe agus tiománaithe i mBaile Bhlainséir agus sna ceantar máguaird. Tá gné taistil ghníomhaigh an tionscadail ar aon dul le Plean Líonra Rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair.”
Cuimsíonn an tionscadal ilstórach seo líonra íosbhealaigh taistil ghníomhaigh faoi Bhóthar Snugborough a sholáthraíonn nasc atá feabhsaithe go mór idir Seanbhóthar na Coirre Duibhe, Gleann na Tulchann, Páirc an Choireáin agus Sráidbhaile Bhaile Bhlainséir.
Dúirt an tAire Airgeadais, Jack Chambers: ‘’Léiríonn Uasghrádú Acomhal Snugborough feabhas a bhfuil géarghá leis ar an socrú acomhail a bhí ann roimhe seo a rachaidh chun leasa comaitéirí, cónaitheoirí áitiúla, cuairteoirí chuig an réigiún chomh maith leo siúd a bheidh ag rothaíocht agus ag siúl. I measc na gcuspóirí atá seachadta ag an Uasghrádú Acomhal Snugborough tá iompar poiblí níos fearr agus nascacht taistil ghníomhaigh níos fearr a chruthú trasna an N3 dóibh siúd i mórcheantar Bhaile Bhlainséir chomh maith le sábháilteacht acomhail a mhéadú go suntasach. Tuigim gur tionscadal an-chasta a bhí anseo agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le húsáideoirí bóithre as a bhfoighne agus comhoibriú le linn na céime tógála nuair a lean 80,000 feithicil ag baint úsáide as an acomhal. Léiríonn an tionscadal seo tiomantas an Rialtais d’infheistíocht i mbonneagar bóithre chun leas a dhéanamh do na pobail anseo in Iarthar Bhaile Átha Cliath agus ar fud ár dtíre.’’
Dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman ‘’Tá fíoráthas orm oscailt oifigiúil Acomhal Snugborough a fheiceáil, agus táim cinnte go rachaidh sé go mór chun leasa daoine i mBaile Átha Cliath 15 agus níos faide i gcéin. Mar chónaitheoir i sráidbhaile Bhaile Bhlainséir, tá na buntáistí sin feicthe cheana féin agam i dtéarmaí brú tráchta laghdaithe. Le lánaí bus, rotharbhealaí, agus trasrianta coisithe nua taobh le leagan amach feabhsaithe bóithre, cabhróidh an t-acomhal nua le gach duine taisteal timpeall níos éasca. Thug an Rialtas tús áite d’infheistíocht i mbonneagar iompair, agus tá sé go hiontach é sin a fheiceáil anseo i mBaile Átha Cliath 15.’’
Dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Ethna Felten ‘’Tá an tionscadal seo ríthábhachtach chun feabhas a chur ar bhonneagar ár bpobail. Ina theannta sin, éascóidh sé inrochtaineacht fheabhsaithe don iliomad gnólachtaí atá lonnaithe i gceantar Bhaile Átha Cliath 15. Maolaíonn sé amanna feithimh agus brú tráchta freisin ag ceann de na hachomhail is mó a úsáidtear i mBaile Bhlainséir.’’
Dúirt John Lucy, Stiúrthóir Bainisteora Réigiúnaigh ag BAM: ‘’Táimid tiomanta do bhonneagar inbhuanaithe a thógáil a fhreastalaíonn ar riachtanais an tsochaí. Tá tionscadal uasghrádaithe Acomhal Snugborough ríthábhachtach d’fhorbairt áitiúil, ag maolú tráchta, ag laghdú amanna taistil, agus ag cinntiú nascacht shábháilte do chách. Tá BAM bródúil as an tionscadal casta seo a sheachadadh do Chomhairle Contae Fhine Gall. Tá rath an tionscadail seo mar thoradh ar chomhoibriú idir BAM, Clifton Scannell Emerson, Comhairle Contae Fhine Gall agus ár gcomhpháirtithe slabhra soláthair eile, comhghairdeas le gach duine a bhí páirteach ann. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin leis an bpobal as a gcuid foighne agus tuisceana le linn na n-oibreacha.’’
Mar chuid de na hoibreacha feabhsúcháin, tá múrmhaisiú ar an íosbhealach nua a dhear an t-ealaíontóir James Earley. An teideal atá air ná “The Butterfly Effect” agus ceiliúrann an saothar ealaíne iontach éagsúlacht shaibhir an fhiadhúlra agus flóra agus fána timpeall Snugborough. Agus úsáid a baint as anatamaíocht an bharr buí mar chroílár, spreagann an saothar sinn chun sláinte phearsanta agus éiceolaíoch a chur chun cinn ar bhealach eolach agus gníomhach.