Óstálann Aoisbháúil Fhine Gall Picnic Sheanré Iontach ag Caisleán Shoird 25ú Iúil 2024

D’fhreastail breis agus 700 duine ar Phicnic Sheanré arna óstáil ag Aoisbháúil Fhine Gall ar an Déardaoin 25 Iúil 2024 i gCaisleán Shoird.  Chuir an fhéile bhríomhar seo tráthnóna cruthaitheachta, ceoil, damhsa, agus aclaíochta ar fáil do dhaoine os cionn 55 bliana d’aois agus ba léiriú é ar dhaoine scothaosta díograiseacha agus spreagtha Fhine Gall.

Vintage Picnic 2024

Vintage Picnic 2024

D’fhreastail breis agus 700 duine ar Phicnic Sheanré arna óstáil ag Aoisbháúil Fhine Gall ar an Déardaoin 25 Iúil 2024 i gCaisleán Shoird.  Chuir an fhéile bhríomhar seo tráthnóna cruthaitheachta, ceoil, damhsa, agus aclaíochta ar fáil do dhaoine os cionn 55 bliana d’aois agus ba léiriú é ar dhaoine scothaosta díograiseacha agus spreagtha Fhine Gall.

Ghlac na daoine a bhí i láthair páirt i réimse leathan ceardlann, lena n-áirítear ealaín ghraifítí, cruthú mandala, taispeántais éadaí seanré, agus ceangal is dathú. Dóibh siúd ar spéis leo gníomhaíochta fisiceacha, threoraigh teagascóirí gairmiúla seisiúin Ióga, Zumba, agus Taidh Tsí, rud a lig do rannpháirtithe triail a bhaint as gníomhaíochtaí nua, nó díreach a scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as atmaisféar na féile.

Darragh OBrien & Butler with Musicians Swords Castle Vintage Picnic
Mayor Vintage Picnic 2024

Chuir Rannóg Spóirt Fhine Gall cluichí gairdín éadroma ar fáil, agus dóibh siúd a raibh beagán scíthe de dhíth orthu, bhí suathaireacht cathaoireacha ar fáil. Chuir teagascóirí ón IIMS, Baile Brigín, ceardlanna sa Drumadóireacht Afracach, Ucailéile agus Bodhrán ar fáil do cheoltóirí ardaidhmeannacha.

Cuireadh siamsaíocht ar fáil don slua le léirithe ceoil beo ó ghrúpaí áitiúla; Gerry and the Plonkers as Domhnach Bat agus Grúpa Ucailéile Bhaile Bhlainséir (BUGS), ag léiriú buanna cónaitheoirí scothaosta Fhine Gall. Chruthaigh na príomhghrúpaí ceoil, na Blue Bells, agus an Seó-bhanna Ronan Collins, atmaisféar féiltiúil a bhí le brath ar fud na dtailte.

Vintage Picnic 2024
Vintage Picnic 2024
Vintage Picnic 2024
Vintage Picnic drumming

Thug Picnic Sheanré 2024, ar ar fhreastail Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly, agus Méara Fhine Gall an Comhairleoir Brian McDonagh, daoine scothaosta ar fud Fhine Gall le chéile i dtimpeallacht a chothaigh naisc agus eispéiris fhoghlama. Níos tábhachtaí fós, leag Picnic Sheanré béim ar an ngá atá le deiseanna nua a sholáthar do dhaoine scothaosta, chun lenaúint ar aghaidh ag foghlaim, ag forbairt agus ag fás, agus spraoi a bheith acu!

Councillors Vintage Picnic 2024

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian Mc Donagh, “Tá fíoráthas orm freastal ar an sárimeacht seo i gCaisleán Shoird a bhfuil cónaitheoirí Fhine Gall os cionn aois a 55 ag baint sult as. Is iontach an rud é a ndíograis agus toilteanas triail a bhaint as na gníomhaíochtaí go léir. Chomh maith lena rannchuidiú luachmhar leanúnach don tsochaí is inspioráid iad dúinn go léir a thaispeánann gur chóir an saol a cheiliúradh, is cuma cén aois atá againn.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall ‘Bhí fíoráthas orm gach duine a fheiceáil ag baint sult as an deis bualadh le seanchairde agus daoine nua ag an Picnic Sheanré. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do chinntiú gur contae é Fhine Gall ina mothaíonn daoine go bhfuil luach orthu agus ina bhfuil rochtain acu ar na seirbhísí a theastaíonn uathu chun bláthú, a bheith rannpháirteach go hiomlán, agus taitneamh a bhaint as an saol agus iad ag dul in aois. Chomh maith le bheith ina imeacht fíorthaitneamhach, is léiriú inspioráideach é an Picnic Sheanré den iliomad gníomhaíochtaí ar féidir le daoine scothaosta taitneamh a bhaint astu i bhFine Gall.’

Dúirt Naomi Weir, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, an Rannóg Forbartha Pobail “Tá sé ar fheabhas an oiread sin daoine a fheiceáil anseo inniu, ag léiriú a gcuid buanna, ag baint triail as eispéiris nua, ag bualadh le cairde agus ag ligean a scíth laistigh de Bhallaí áille an Chaisleáin i Sord. Tá an taithí shaoil shaibhir agus éasgúil, na scileanna, an ghaois agus an fuinneamh dearfach a thugann daoine scothaosta chuig a bpobail ar fud Fhine Gall thar a bheith luachmhar. Leis an bhfás tapaidh atá feicithe againn i bhFine Gall, tá sé fíorthábhachtach go leanfaimid ag ceiliúradh agus ag tacú le háit ár ndaoine scothaosta sa phobal.  Tá ról lárnach acu inár gcuid oibre chun pobail láidre chuimsitheacha a chumhachtú ar fud Fhine Gall.”

Vintage Picnic 2024
Vintage Picnic 2024