Plé déanta ag an gComhairle ar fhadhbanna ag Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin

Rinneadh plé ar na fadhbanna atá ag Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin le seachtainí beaga anuas ag cruinniú míosúil Chomhairle Contae Fhine Gall anocht, sa Seomra i Halla an Chontae, Sord.

I ráiteas a seoladh chuig comhairleoirí, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, gur chuir eisiúint na bhFógraí Fiuchta Uisce isteach go suntasach ar shaoránaigh agus ar ghnóthaí i bhFine Gall.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, “Is mian liom leithscéal a ghabháil leo siúd ar chuir sé seo isteach orthu agus is mian liom a dheimhniú go bhfuilimid ag obair le hUisce Éireann, an Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil, agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun na fadhbanna atá tagtha chun cinn sa Mhonarcha a réiteach.”

“Ba iad na Fógraí Fiuchta Uisce a eisíodh le déanaí na chéad fógraí a eisíodh maidir leis an uisce cóireáilte atá á chur ar fáil ag Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin, agus is cúis díomá é seo dom féin agus don fhoireann. Is í an tosaíocht atá againn, agus a bheidh againn i gcónaí, uisce óil shábháilte a chur ar fáil do phobal Fhine Gall, agus táimid lántiomanta do gach rud is féidir linn a dhéanamh chun seirbhís cheart a chur ar fáil arís ó Ionad Cóireála Léim an Bhradáin.”

Dúirt an Príomhfheidhmeannach, gur tharla na fadhbanna ba chúis le dhá Fhógra Fiuchta Uisce a eisiúint le seachtainí beaga anuas sa mhonarcha is sine ag Léim an Bhradáin, a tháirg 66% d’aschur na háise, agus d’fháiltigh sí roimh an t-uasghrádú a bhí pleanáilte ag Uisce Éireann ar an monarcha is sine agus dúirt sí go dtabharfadh Comhairle Contae Fhine Gall gach tacaíocht agus is féidir dóibh lena chinntiú go gcuirtear na hoibreacha i gcrích a luaithe agus is féidir.

Táthar ag súil go bhfógróidh FSS amárach go bhfuil deireadh le cur leis an bhFógra Fiuchta Uisce reatha i ndiaidh anailís a dhéanamh ar na samplaí a tógadh le laethanta beaga anuas.

Is féidir breathnú ar an ráiteas iomlán a chuir an Príomhfheidhmeannach ar fáil don Chomhairle anseo.

Is féidir breathnú ar chraoladh gréasáin den phlé iomlán ar na fadhbanna ag Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin anseo.