Rabhadh Déardaoin Ómra roimh spraoi Lá Saoire Lúnasa

Amber Thursday Hero

Gach bliain, cuireann deireadh seachtaine saoire Lúnasa brón agus briseadh croí ar mhórán daoine, trí eachtraí báite, bóthair, dóiteáin nó ionanálú deataigh.

Is éasca deireadh seachtaine sábháilte taitneamhach a phleanáil, agus tá sé chomh héasca céanna na contúirtí a aithint, na rioscaí a sheachaint agus fanacht sábháilte. Ós rud é go mbaineann mórán daoine taitneamh as sos an tsamhraidh, agus go bhfuil mórán eile ag déanmah deireadh seachtaine Saoire Lúnasa a phleanáil, tá oifigigh sábháilteachta ag gríosú gach éinne a bheith aireach ar na rioscaí agus ar na contúirtí a mbaineann le gníomhaíochtaí dóiteáin, bóthair agus uisce mar an mbearbaicú, an snámh nó an tiomáint. .

Beidh Déardaoin Ómra ar siúl Déardaoin an 3 Lúnasa, díreach roimh dheireadh seachtaine na saoire. Comhthionscnamh atá ann idir oifigigh um shábháilteacht ar bhóithre, um shábháilteacht uisce agus um sábháilteacht dóiteáin de chuid na n-Údarás Áitiúil, na Seirbhísí Dóiteáin agus Shábháilteacht Uisce Éireann chun an fheasacht a ardú faoi na rioscaí agus na contúirtí a mbaineann le gníomhaíochtaí ar an uisce, ag tinte campa agus ag beárbaiciúnna nó le linn úsáid a bhaint as na bóithre.

Tá deireadh seachtaine saoire Lúnasa ar cheann díobh is gnóthaí i bhfad sa bhliain. De ghnáth, bíonn daoine ag treabhadh chuig an trá, chuig an abhainn nó chuig an linn snámha, téann daoine eile ar na bóithre agus téann cuid acu ag campáil nó lasann siad an beárbaiciú suas sa ghairdín nó as baile. Baineann gné thábhachtach na sábháilteachta agus na feasachta leis na gníomhaíochtaí seo go léir.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Clr. Adrian Henchy: “Tá sé tábhachtach a bheith buíoch as am luachmhar agus as iarrachtaí misniúla ár gcuid sheirbhísí éigeandála a aithint, ní trí ualaí breise a chur orthu, ach trí aire a thabhairt dúinn féin agus dóibh siúd atá thart orainn. Déanann an tsábháilteacht ní hamháin sinn féin a chosaint ach cabhraíonn sí le hacmhainní ríthábhachtacha na seirbhísí éigeandála a spárail dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu leo. Déanaimis an chosc a chur mar chéad líne na cosanta againne.”

Dar le Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Ethna Felton: “Agus aghaidh á thabhairt againn ar na pleananna i gcomhair na Deireadh Seachtaine Saoire againne, ná déanaimis dearmad go gcaithfidh sábháilteacht agus folláine an mhuintir thart orainn a chur chun tosaigh i gcónaí. Is deis í ‘Déardaoin Ómra’ le hiarracht dearfach tús áite a thabhairt don tsábháilteacht le linn na deireadh seachtaine gnóthaí seo, agus is deis freisin í fasach a leagan síos maidir le gach ceiliúradh amach anseo. Ag dul le meoin na haontachta agus an phobail, déanaimis faire ar a chéile, ionas nach gcuirfear áthas na deireadh seachtaine saoire faoi scáth na dtimpistí a d'fhéadfaí a sheachaint.”

Sábháilteacht ar Bhóithre

I measc na bpríomhchúiseanna a mbaineann le hiompar marfach ar na bóithre, tá an luas, an tiomáint ar meisce nó ar dhrugaí, an tiomaint gan crios sábhála a chaitheamh agus an tuirse ar an tiománaí. Is féidir imbhualadh a bheith mar thoradh ar a leithéid, rud a fhágann gortuithe tromchúiseacha nó marfacha d’úsáideoirí bóithre ina dhiaidh. Is féidir le bás amháin ar an mbóthar aonair dul i bhfeidhm ar iomlán an phobail, rud a d'fhéadfadh tionchar marthanach a fhágaint ina dhiaidh ar feadh blianta fada.

Dúirt Andrew Nolan, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach agus Oifigeach Sábháilteachta ar Bhóithre de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall: “Bíonn síór-éileamh ar na Seirbhísí Éigeandála againne, agus leis an deireadh seachtaine gnóthach seo ag druidim isteach orainn, iarraimid ar an bpobal cloí le treoirlínte poiblí na sláinte agus na sábháilteachta. Trína leithéid bearta a chomhlíonadh, is féidir linn le chéile an brú ar na seirbhísí ríthábhachtacha seo a laghdú agus sábháilteacht gach éinne a chinntiú. Ní hamháin go gcabhraíonn an chomhoibriú eadrainn leo siúd atá ag obair go dian dícheallach chun sinne a chosaint ach cuidíonn sé le folláine an phobail ar fad."

Amber Thursday 1

Sábháilteacht Uisce

Moltar do gach éinne go rachaidh siad ag snámh ag ceantar ainmnithe na snámha ina bhfuil gardaí tarrthála ar dualgas. Muna bhfuil aon ceantar ainmnithe na snámha i ngar duitt, déan snámh ag ceantar traidisiúnta aitheanta na snámha ina cuireadh baoithe fáinne ar fáil. Cinntigh i gcónaí go bhfuil an baoi fáinne ina bhosca buí sula dtéann tú isteach san uisce.

Nuair a thagann an uisce fuar i dteagmháil le do chraiceann, tagann turrainge fuar ort a d'fhéadfadh rialú do chumas análaithe a chailliúint láithreach bonn chomh maith le meadhrán agus scaoll. Fiú amhain nuair a bhíonn an t-uisce socair agus go bhfuil cumas láidir na snámha agat, is féidir turraing an uisce fuar an baol báite tobann a mhéadú go mór. Dóibh siúd a dtagann slán as seo, ach nach bhfuil in ann éirí as an uisce, tagann an hipiteirme agus fuarú na matán mar as fuarú forásach an choirp, rud a fhágann cumas na snámha a éirí níos deacra fós nó fiú amhain dodhéanta.

Be safe on the water this Summer

Amber Thursday 2

Sábháilteacht Dóiteáin

Glaotar ar an tseirbhís dóiteáin chun déileáil le cineálacha éagsúla na n-eachtraí i rith na bliana seachas eachtraí dóiteáin, eachtraí tráchta agus eachtraí tarrthálacha. Is féidir le deireadh seachtaine saoire Lúnasa a bheith ina thréimhse an-ghnóthach don tseirbhís mar d’fhéadfadh méadú suntasach teacht ar líon na nglaonna chun dul i ngleic le tinte fiáine, tinte foraoise, tinte lasmuigh faoin aer, tinte beárbaiciú nó dóiteáin tí le linn na tréimhse seo.

Ba chóir go mbeadh an pobal ar an eolas faoi na rioscaí a mbaineann le tinte faoin aer, sa teach nó sa ghairdín. Ní thuigeann gach éinne i gcónaí cé chomh tapa agus is féidir le dóiteán scaipeadh nó cé chomh tapa agus is féidir le heachtra beag a fhás ina ábhar tromchúiseach mura ndéantar á bhainistiú go sábháilte. Meabhraítear don phobal freisin gan beárbaiciú nó tine champa a lasadh i bpáirceanna, i limistéir fhiáine nó in áit ar bith in aice le fásra nó le crainn agus a bheith aireach nach gcaithfear aon bhuta toitín ar an talamh.

Amber Thursday 3

Tá tuilleadh eolais le feiceáil ag amberthursday.ie.