Raithneach airgid chomórtha curtha i Mullach Íde chun comóradh a dhéanamh ar Lá Waitangi

Bhí na dlúthcheangail idir Éire agus an Nua-Shéalainn le feiceáil inniu agus an tAmbasadóir Brad Burgess ag tabhairt cuairte ar Chaisleán agus Gairdíní Mhullach Íde le haghaidh searmanas plandaithe speisialta de raithneach airgid chun comóradh a dhéanamh ar Lá Waitangi.

New Zealand Ambassador Brad Burgess and Mayor of Fingal Seána Ó Rodaigh

Bhí na dlúthcheangail idir Éire agus an Nua-Shéalainn le feiceáil inniu agus an tAmbasadóir Brad Burgess ag tabhairt cuairte ar Chaisleán agus Gairdíní Mhullach Íde le haghaidh searmanas plandaithe speisialta de raithneach airgid chun comóradh a dhéanamh ar Lá Waitangi.

 Is speiceas dúchasach é an raithneach airgid sa Nua-Shéalainn, ag dul siar go dtí an ré Pliocene (thart ar 5 go 1.8 milliún bliain ó shin). Glactar leis mar shiombail d’fhéiniúlacht náisiúnta na Nua-Shéalainne ó na 1880í agus tá suntas ar leith ag baint leis do mhuintir na Māori mar sheas cruth galánta na scothach ar son neart, ceannairceacht dhiongbháilte, agus cumhacht bhuan.

 Tá clú agus cáil ar an díol spéise do chuairteoirí ag Mullach Íde dá raon iontach speiceas ón Leathsféar Theas mar gheall ar an 7ú Barún Mhullach Íde, Milo Talbot, a thug isteach go leor crann agus tor neamhchoitianta ar na tailte. Le 12 mí anuas tugadh faoi obair chun an bailiúchán de fhlóra na Nua-Shéalainne ar an láithreán a leathnú tuilleadh, agus cuireadh breis agus 25 cineál Phormiums. Tá bothán Māori agus dealbh fhíorálainn Pouwhenua leis an sníodóir adhmaid Éireannach Richie Clarke i nGairdín speisialta na Nua-Shéalainne ar na tailte freisin.

New Zealand Ambassador Brad Burgess and Mayor of Fingal Seána Ó Rodaigh

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Kia ora e kare ma, Fáilte romhat go Mullach Íde! Tá fíoráthas orm fáilte a chur roimh an Ambasadóir Burgess don searmanas plandaithe comórtha den raithneach airgid seo chun comóradh a dhéanamh ar Lá Waitangi. 

 “Tá an t-ádh linn go bhfuil caidreamh láidir againn leis an Nua-Shéalainn, agus tá grá mór ag an dá thír dá dtimpeallacht nádúrtha freisin. Tá sé sin le feiceáil go háirithe sa spás iontach atá againn anseo laistigh de na Gairdíní Múrtha ag Caisleán Mhullach Íde agus an bailiúchán de phlandaí neamhchoitianta ón Nua-Shéalainn atá le fáil.”

 Dúirt Ambasadóir na Nua-Shéalainne, Brad Burgess: “Tá sé go hiontach a bheith anseo chun cur le Gairdíní na Nua-Shéalainne i bhFine Gall, agus go háirithe raithneach airgid iontach a fheiceáil ag teacht isteach sa bhailiúchán.

 “Is ceiliúradh fíorthábhachtach é Lá Waitangi do mhuintir na Nua-Shéalainne ar fud an domhain, dáta breithe ár náisiúin nua-aimseartha. Tá nasc suntasach Éireannach ann freisin, mar ba é William Hobson a dhear an conradh agus a rugadh i bPort Láirge ár gcéad Ghobharnóir.” 

 Tá Caisleán agus Gairdíní Mhullach Íde suite ar 268 acra i bhFine Gall agus cuireann sé fáilte roimh na milliún cuairteoirí gach bliain. I 2021, thug 2.4m cuairteoir cuairt ar an láithreán álainn agus ar an sainchomhartha stairiúil, agus d’aimsigh na mílte cuairteoir an Teach Féileacán coimhthíoch agus bhain siad sásamh as na gairdíní múrtha ina bhfuil breis agus 5,000 cineál planda chomh maith. 

 Tá traidisiún an chruicéid seanbhunaithe freisin sa sráidbhaile cois farraige i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath a bhfuil an-tóir air, agus tá cluichí á n-imirt ar Dhiméin Mhullach Íde ó 1861. Bhí sé de phribhléid ag Mullach Íde an chéad mhórchluiche idirnáisiúnta de chuid na hÉireann a óstáil agus óstálann sé cluichí cruicéid aon lae chomh maith, lena n-áirítear iad siúd i gcoinne fhoireann náisiúnta na Nua-Shéalainne, na Black Caps. 

 

 

New Zealand Ambassador Brad Burgess