Rannpháirtíocht Phoiblí: Uiscí Snámha a Shainaithint 2024
Tá cuireadh á thabhairt do chónaitheoirí Fhine Gall a dtuairimí a nochtadh san athbhreithniú bliantúil ar uiscí snámha an Chontae
Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide. D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.
Ní mór d’údaráis áitiúla in Éirinn uiscí snámha a shainaithint gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na huiscí sin chun a chinntiú go gcomhlíonann siad dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha cháilíocht uisce. I gcásanna áirithe, is ionann na láithreacha oifigiúla snámha agus láithreacha a gcuireann údaráis áitiúla gardaí tarrthála ar fáil iontu le linn an tsamhraidh.
Ceanglaítear leis na dlíthe sin freisin go n-ullmhóidh an t-údarás áitiúil cur síos nó próifílí mionsonraithe do gach ceann de na láithreacha sainaitheanta uisce snámha ina limistéar. Ní hé amháin go gcuirfidh an t-údarás áitiúil síos sna próifílí sin ar an láthair shnámha lena mbaineann, ach cuirfidh sé síos freisin ar aon limistéir i ndobharcheantar na n-uiscí dromchla a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinse truaillithe. Áirítear leis na próifílí chomh maith measúnacht ar an mbaol truaillithe agus ar an ngníomh a dhéanfaí dá dtiocfadh aon truailliú chun cinn.
Níl aon ghanntanas spotaí snámha iontacha i bhFine Gall le taitneamh a bhaint as, agus na limistéir snámha aitheanta reatha mar seo a leanas:
- Trá Claremont, Binn Éadair
- Trá An Choinicéir, Cill Fhionntain
- An Trá Mhín, Port Mearnóg
- Trá Bhaile Carraige, Domhnach Bat
- An Sruthán, Port Reachrann
- An Trá Theas An Rois
- An Trá Thuaidh An Rois
- Trá Loch Sionnaigh
- An Trá Theas, Na Sceirí
- Trá Bhaile Brigín
Tabhair do d’aire le do thoil, cé nach bhfuil trá Mhullach Íde aitheanta mar limistéar snámha, tá garda tarrthála uirthi de réir mar a éilíonn Measúnú Riosca de chuid Shábháilteacht Uisce Éireann (Bratach Dearg Leantach).
Más rud é gur snámhaí rialta thú agus gur mhaith leat cabhrú leis an gComhairle áitiúil a chinneadh cé na láithreacha snámha ba cheart a rangú dá réir, d’fhéadfá cúnamh a thabhairt ach an méid seo a leanas a bhreithniú:
- Cén dóigh ar baineadh úsáid as an láthair shnámha go dtí seo;
- Cá mhéad duine a úsáideann an láthair;
- Cé na saoráidí atá ar fáil ag an láthair agus cé chomh hinrochtana agus atá an láthair;
- Aon saincheisteanna sábháilteachta.
Dá mba mhaith leat an trá/an abhainn, is fearr leat a mholadh mar láthair nua uisce snámha nó dá mba mhaith leat trácht a dhéanamh ar láthair reatha, déan aighneacht ar Consultation portal nó déan teagmháil le: An Roinn Oibríochtaí (Uiscí Snámha), Comhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15.
Is é an 28/9/2023 an dáta deiridh a ghlacfar le haighneachtaí.
Is féidir féachaint ar thorthaí cháilíocht na n-uiscí snámha agus ar an rangú bliantúil atá déanta orthu ag www.beaches.ie. Tá tuarascáil is déanaí an EPA ar Uiscí Snámha in Éirinn ar fáil anseo: https://www.epa.ie/publications/