Rath ar Fhine Gall ag Gradaim Chomhlachas Tráchtála na hÉireann

Bhuaigh tionscadal Bainistíochta Falscaí ar Cheann Bhinn Éadair an Gradam Gníomhaíochta Aaeráide.

Mayor of Fingal Cllr Brian McDongah and Senior Parks Officer Kevin Halpenny accept the Climate Action Award

D’éirigh go maith le Comhairle Contae Fhine Gall ag Gradaim Chomhlachas na hÉireann um Bharr Feabhais sa Rialtas Áitiúil nuair a bhuaigh tionscadal Bainistíochta Falscaí ar Cheann Bhinn Éadair an Gradam Gníomhaíochta Aaeráide.

Tharla an tionscadal seo, atá a stiúradh ag Kevin Halpenny, Hans Visser agus Deirdre O’Farrell ó Rannóg na bPáirceanna agus an Bhonneagair Ghlais laistigh den Rannóg Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, tar éis falscaí i gCeann Bhinn Éadair cúpla bliain ó shin. Chomhoibrigh an Chomhairle le saineolaithe idirnáisiúnta falscaí, Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Claith agus le grúpaí pobail áitiúla chun straitéis bainistíochta falscaí réamhghníomhach a fhorbairt. Áiríodh leis seo an Seanghabhar Gaelach a athchóiriú go Ceann Bhinn Éadair chun 5km de bhristeacha falscaí straitéiseacha a choinneáil in aice le ceantair chónaithe chun an baol láithreach do thithe a laghdú.

Bronnadh an Gradam ar Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh, agus ar Kevin Halpenny, Oifigeach Sinsearach Páirceanna agus Tírdhreacha, ag an searmanas bronnta in Óstán an Crowne Plaza, Seantrabh.

Agus é ag glacadh leis an ngradam, dúirt an Méara McDonagh: "Is réalta comhraicthe dóiteáin iad gabhair Bhinn Éadair mar gheall ar an obair rithábhachtach a dhéanann siad chun sláinte agus áilleacht an chinn tíre a chothabháil. Tá siad tar éis dul ó neart go neart ó tugadh isteach iad, agus is cuid lárnach iad den méid atá ar siúl againn chun réiteach níos eacnamaí agus níos inbhuanaithe a sholáthar maidir le tírdhreach iontach a bhainistiú. Táim ag tnúth le níos mó tionscnamh nuálach mar seo a thabhairt isteach ar fud an chontae chun cabhrú le torthaí aeráide agus bithéagsúlachta níos fearr a sholáthar dúinn go léir."

Kid Goats

Cuireadh Comhairle Contae Fhine Gall ar an ngearrliosta i sé chatagóir eile. Ba iad na tionscadail seo:

  • Tacú le Turasóireacht: Teilifís Chultúrtha agus Turasóireachta Fhine Gall
  • Cumarsáid: Réaltacht Fhíorúil do Leabharlanna
  • Nuálaíocht Údaráis Áitiúil: Scéim Iarfheistithe Poiblí / Príobháideach
  • Féile na Bliana: Fingal Proms 2024
  • Athbheochan Uirbeach: Tithe Stairiúla Íde a Athchóiriú le haghaidh Úsáide Nua-Aimseartha
  • Tionscnamh Aoisbháúil: Picnic Seanré


Dúirt an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: “Ba iontach an rud é a fheiceáil gur cuireadh seacht gcinn de na tionscadail a chuireamar isteach ar ghradaim na bliana seo ar an ngearrliosta, mar go léiríonn sé an leibhéal nuálaíochta agus tiomantais atá sa Chomhairle chun tionscadail a chomhlíonadh ar son mhuintir Fhine Gall. Tá fíoráthas orm gur aithníodh ár dtionscadal bithéagsúlachta ar Cheann Bhinn Éadair leis na Seanghadhair Ghaelacha as an sár-obair atá ann."

Ba é seo an 21ú uair gur reáchtáladh Gradaim Chomhlachas Tráchtála na hÉireann um Bharr Feabhais sa Rialtais Áitiúil agus mheall sé an líon is airde riamh d’iontrálacha le 191 iontráil ó 27 comhairle ar fud na tíre.

Old Irish Goats return to Howth in bid to control wildfires