Rath Ollmhór ar Ócáid Oíche Shamhna Let's Play An Ros

D’athraigh mór-ócáid Oíche Shamhna Let's Play An Ros Coillte Chionn Iúir ina suíomh draíochtúil a bhí líonta le spiorad Oíche Shamhna agus siamsaíocht teaghlaigh. Chuimsigh an ócáid ceol beo agus réimse gníomhaíochtaí, lena n-áirítear seilg puimcíní scanrúla, léirithe damhsa scáfara, reilig na marbh agus seisiúin scéalaíochta sceirdiúla.

Lets Play Rush Halloween 2024

D’athraigh mór-ócáid Oíche Shamhna Let's Play An Ros Coillte Chionn Iúir ina suíomh draíochtúil a bhí líonta le spiorad Oíche Shamhna agus siamsaíocht teaghlaigh. Chuimsigh an ócáid ceol beo agus réimse gníomhaíochtaí, lena n-áirítear seilg puimcíní scanrúla, léirithe damhsa scáfara, reilig na marbh agus seisiúin scéalaíochta sceirdiúla.

D’eagraigh foireann Let's Play An Ros, ina bhfuil baill thiomnaithe ó Bhailte Slachtmhara an Rois, Comhairle Pobail an Rois, 38ú Grúpa Gasóga an Rois, ionadaithe ó Chomhairle Contae Fhine Gall agus comhairleoirí áitiúla, ócáid Oíche Shamhna fíor-spraoiúil ar an Domhnach, 27ú Deireadh Fómhair, ag Coillte Chionn Iúir sa Ros. Bhí slua mór i láthair ag an ócáid (in ainneoin na báistí) agus ba iarracht chomhoibríoch í idir grúpaí pobail éagsúla a bhain sult as neart gníomhaíochtaí, cluichí, agus léirithe damhsa fíorchorraitheacha don teaghlach ar fad.

Le linn an tráthnóna, bhain teaghlaigh lántaitneamh as na himeachtaí ceiliúrtha, cluichí carnabhail, péinteáil aghaidheanna agus bhí an t-atmaisféar corraitheach, lán le gáire, spleodar, agus spiorad pobail. Chuir léirithe damhsa ó ghrúpaí cumasacha áitiúla leis an tsiamsaíocht, ag léiriú na cruthaitheachta agus an chumais sa Ros. Mheall na dreasa mórthaibhseacha an lucht féachana agus chuir siad le hatmaisféar na féile.

Cuireadh tuilleadh le rath na hócáide nuair a tháinig Méara uasal Fhine Gall, Brian Mc Donagh, go dtí an an ceiliúradh agus chuaigh sé i mbun cainte leis an lucht freastail. Chuir an Méara a ghliondar in iúl, á rá, "Is sampla iontach é ócáid Oíche Shamhna Let's Play An Ros den méid is féidir le grúpaí pobail a oibríonn le chéile a bhaint amach. Is léiriú é an slua atá anseo ar thiomantas agus dianobair gach duine a bhí páirteach ann. Cuireann na hócaidí seo le beogacht an Rois agus is creidiúint don phobal iad na heagraithe."

Mhol Brendan O’Reilly, Cathaoirleach Bailte Slachtmhara an Rois agus ball d’Fhoireann Let's Play An Ros tacaíocht agus rannpháirtíocht an phobail, agus tiomantas na n-oibrithe deonacha á rá, "Tá fíoráthas orainn an oiread sin daoine ón gceantar a fheiceáil i láthair. Ba chomhiarracht é agus léiríonn rath na hócáide tiomantas gach duine a bhí páirteach ann. Táimid buíoch as tacaíocht Chomhairle Contae Fhine Gall, Éire Ildánach agus an lucht freastail ar fad a chinntigh gur ceiliúradh nach ndearmadfar a bhí ann an Oíche Shamhna seo."

Gabhann Foireann Let's Play An Ros a mbuíochas le gach duine a d’fhreastail ar ócáid Oíche Shamhna agus a chuidigh agus a thacaigh léi, rud a chinntigh gur éirigh thar barr léi. Léiríonn an ócáid an spiorad láidir pobail atá beo beathach sa Ros.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le p%72%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]

Lets Play Rush Halloween 2024
Lets Play Rush Halloween 2024
Lets Play Rush Halloween 2024