Rialacháin maidir le sciodar agus aoileach feirme a leathadh
Is meabhrúchán é seo ar na rialacháin maidir leis an gcaoi a chuirtear sciodar agus aoileach feirme ar thalamh chun rioscaí do cháilíocht an uisce mar gheall ar rith chun srutha cothaiteach a mhaolú.

Chríochnaigh an tréimhse dúnta chun Sciodar agus Aoileach Feirme a leathadh ar an 13ú Eanáir, 2025.
Is meabhrúchán é seo ar na rialacháin maidir leis an gcaoi a chuirtear sciodar agus aoileach feirme ar thalamh chun rioscaí do cháilíocht an uisce mar gheall ar rith chun srutha cothaitheach maidir le coinníollacha talún, faid mhaoláin, trealamh agus príomhphointí le tabhairt faoi deara.
COINNÍOLLACHA TALÚN;
Ní chuirfear leasacháin orgánacha ar thalamh i gcás;
- go bhfuil an talamh báite, faoi thuilte nó gur dócha go mbeidh tuilte ann.
- go bhfuil an talamh clúdaithe le sneachta nó reoite.
- go bhfuil báisteach throm tuartha laistigh de 48 uair an chloig.
- go bhfuil fána géar ar an talamh agus go bhfuil baol truaillithe uisce ag féachaint d’fhachtóirí mar bhealaí rith chun srutha dromchla, draenacha talún a bheith ann, easpa fálta sceach chun sreabhadh dromchla, riocht na hithreach agus clúdach talún a mhaolú.
FAID MHAOLÁIN;
Ní chuirfear leasachán orgánach nó uisce salach ar thalamh laistigh de:
- 5m d’aon uiscí dromchla (Tabhair faoi deara go méadaítear é seo go 10m go dtí 27/01/2025).
- 20m de líne chladaigh locha.
- 200m de phointe aistarraingthe aon uiscí dromchla, tollpholl, fuarán nó tobar a usáidtear chun uisce a aistharraingt do thomhaltas ag daoine i scéim uisce a sholáthraíonn 100m3 nó níos mó d’uisce in aghaidh an lae nó a fhreastlaíonn ar 500 duine nó níos mó,
- 100m de phointe aistarraingthe aon uiscí dromchla, tollpholl, fuarán nó tobar a úsáidtear chun uisce a aistharraingt do thomhaltas ag daoine i scéim uisce a sholáthraíonn 10m3 nó níos mó d’uisce in aghaidh an lae nó a fhreastlaíonn ar 50 duine nó níos mó,
- 25m d’aon tollpholl, fuarán nó tobar a úsáidtear chun uisce a aistharraingt do thomhaltas ag daoine seachas tollpholl, fuarán nó tobar a shonraítear in alt
TREALAMH;
Cuirfear aoileach beostoic, leasacháin orgánacha eile, eisiltigh, uisce salach agus leasacháin cheimiceacha ar thalamh ar shlí chomh cruinn agus chomh haonfhoirmeach agus is féidir.
Ní chuirfear leasacháin orgánacha ná uisce salach ar thalamh ag baint úsáide as córas imleacáin nó tancaer ar a bhfuil steallphláta aghaidh in airde, uiscitheoir sloda atá suite ar thancaer, ó bhóthar.
Ní chuirfear uisce salach ar thalamh i méideanna a sháraíonn méid iomlán de 50,000 lítear in aghaidh an heicteáir in aon tréimhse 42 lá, nó trí uisciúchán ag ráta a sháraíonn 5 mm in aghaidh na huaire.
Caithfear trealamh leata sciodair astaíochtaí ísle a úsáid chun sciodar a chur ar ghabháltais a bhfuil rátaí stocála féaraigh de 100 kg nítrigine in aghaidh an heicteáir ó bheostoc innilte ag baint leo. Baineann sé seo le gach Sciodar a tháirgeann muca. Úsáidfear trealamh astaíochtaí ísle chun aoileach beostoic a chur ar thalamh arúil nó ionchorprófar an t-aoileach beostoic laistigh de 24 uair an chloig.
Príomhphointí le Tabhairt faoi Deara:
Imscrúdú ar Sháruithe: Má fhaigheann Comhairle Contae Fhine Gall gearáin faoi leathadh sciodair nó uisce salach míchuí, déanfar imscrúdú. Déanann Comhairle Contae Fhine Gall spotseiceáil freisin ar thailte le haghaidh leathadh sciodair agus uisce salach. D’fhéadfadh fíneálacha suntasacha agus tuairisciú don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bheith mar thoradh ar sháruithe ar Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint) 2022.
Bainistíocht Uisce: Cinntigh nach ndírítear uiscí seachtracha (m.sh. uisce glan ó fhoirgnimh agus ó chlóis oscailte) chuig umair sciodair chun an toilleadh stórála a uasmhéadú.
Gabhaimd buíochas leat as do chomhoibriú maidir le cloí leis na rialacháin seo chun ár gcáilíocht uisce a chosaint.