Roghnaíonn Comhairle Contae Fhine Gall trí ghrúpa le haghaidh páirt a ghlacadh i gcomórtas bliantúil Bród na hÁite

Reáchtálfar an mholtóireacht i gcomórtas Bród na hÁite IPB i bhFine Gall go luath sa mhí seo chugainn agus roghnófar trí ghrúpa chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an chontae san imeacht bliantúil seo a léiríonn forbairt is fearr an phobail ar oileán na hÉireann.

Pride of Place

Déanfaidh Ionad Pobail Chaisleáin Cnuca, Pobal Lusca, agus Na Sceirí Inbhuanaithe ionadaíocht ar an gComhairle i dtrí chatagóir ar leith nuair a thagann an fhoireann mholtóireachta ar Fhine Gall Dé Luain an 2 Meán Fómhair agus Dé Máirt an 3 Meán Fómhair.

In aois 22 bhliain aige anois, feidhmíonn an comórtas, arna eagrú ag Co-operation Ireland (Comhobair na hÉireann0, mar chuid den feachtas caidreamh níos fearr an phobail a chothú ar oileán na hÉireann. Iarrann Bród na hÁite ar gach údarás áitiúil in Éirinn, idir thuaidh agus theas, na grúpaí agus na pobail siúd a n-ainmniú a ndéanann an difríocht maidir le pobail as a bheith bródúil a chruthú. Tá na grúpaí san iomaíocht i gcatagóirí éagsúla agus déanfar á moladh ina gceantair féin trí léiriú agus trí thuras a dhéanamh air.

Tá cuntas teiste den scoth ag Comhairle Contae Fingal sa chomórtas seo, tar éis di Gradam Údarás Áitiúil na Bliana a bhaint amach sa bhliain 2017, bua príomh-ghradam na Chomharsanachta Uirbeacha is Fearr arna ghnóthú ag Radharc an Chnocáin anuraidh agus gradam na dara háite don Draiocht Amharclann sa chatagóir Ceantair Ildánacha ag féile ceannais na bliana 2023 a reáchtáladh i gCathair Ard Mhacha i mí na Samhna seo caite.

Pride of Place 2024

Tá páirt á glacadh ag Pobal Lusca i mbliana i gcatagóir na bpobal le daonra os cionn 5000 acu, agus tá obair na gcapall á dhéanamh ag coiste ionadaithe príomhgheallsealbhóirí Lusca le linn an tsamhraidh ar fad maidir leis an léiriú agus leis an turas ar an gceantar, le béim ar leith ar an obair a leagadh síos i gCéad Phlean Lusk for Life (Lusca Fadsaoil) Lar an Bhaile 2024—2032 a seoladh i mí na Bealtaine.

Pride of Place 3

Beidh Ionad Pobail Chaisleán Cnucha, i Lóiste an Labhrais, ina ionadaí ar Fhine Gall i gcatagóir Pobail na Lánpháirtíochta, leis an mbéim aige ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an t-ionad mar mhol na lánpháirtíochta sa cheantar. Léireoiidh an tIonad an obair iontach atá á déanamh ag grúpaí na háite cosúil le Muslim Women Together (Mná Moslamacha Le Chéile), grúpa tacaíochta Spina Bifida Éireann agus tionscadail éagsúla na haoise gníomhacha atá bunaithe san ionad.

Pride of Place 2

Chomh maith leo siúd, cuireadh Na Sceiri Inbhuanaithe isteach sa chatagóir um Ghníomhaíocht ar son na Aeráide agus na Bithéagsúlachta. Sa chatagóir nua seo, ar dhearnadh ionadaíocht iontach anuraidh ag Gáirdín Phobal an Mhóinéir Leathaini  i Sord, i mbliana, léireoidh Skerries inbhuanaithe an iliomad tionscadal timpeallachta ​​agus bithéagsúlachta an phobail arna bhforbairt ag an ngrúpa deonach seo i mbaile na Sceirí, le mórán acu i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall.

Ag labhairt dó roimh an mbreithiúnas, dúirt Méara Fhine Gall, an Clr Brian McDonagh, “Ba mhaith liom gach ráth a ghuí ar an trí ghrúpa atá páirt á ghlacadh acu i mBród na hÁite i mí Mheán Fómhair. Níl aon damhras orm ach go leanfaidh siad ar aghaidh le traidisiún láidir grúpaí na háite agus na bpobal maidir le bród a ghnóthú d'Fhine Gall agus don Chomhairle as an gcomórtas seo a aithníonn an tábhacht ollmhór a bhaineann leis an bpobal agus leis an earnáil dheonach i saol an chontae, rud ba cheart dúinn go léir a bheith bródúil as".

Dar le Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae Fingal Annmarie Farrelly; “Is ríthábhachtach í an obair iontach á dhéanamh ag ár ngrúpaí deonacha, chomh maith leis an tacaíocht láidir a fhaigheann siad ó oifig forbairt an phobail againne do chothú spriod an phobail atá le feiceáil sa chontae agus ba cheart á aithint agus an luach saothair ceart a thabhairt uirthi. Ba mhaith liom bua agus beannacht a bhreith ar an triúir acu nuair a thugann na breithiúna cuairt ar Fhine Gall an mhí seo chugainn.”

Beidh féile ceannais comórtais IPB Bród na hÁite 2024 ar siúl i mBaile Mhuineacháin Dé Sathairn an 2 Samhain. Tá tuilleadh eolais i leith Bród na Áite le fáil ó oifigeach teagmhála na Comhairle, Rafe Costigan ag 087-2203944 or ag [email protected]