Roineann Comhairle na nÓg a dtuairimí ar shaincheisteanna a théann i bhfeidhm ar dhaoine óga i bhFine Gall

Comhairle na nÓg question Fingal council on a range of topics

Bhí an gá le spásanna níos sábháilte laistigh agus lasmuigh do dhaoine óga le húsáid i measc an iliomad saincheisteanna a ardaíodh nuair a tháinig Comhaire Óige Fhine Gall, ar a dtugtar Comhairle na nÓg, le chéile i Sord an tseachtain seo caite. 

Is í Comhairle na nÓg an comhlacht ionadaíoch oifigiúil do ghuth óige Fhine Gall agus tá 34 duine óg ar an gComhairle a thoghtar gach bliain ó scoileanna agus pobail ar fud an chontae. Feidhmíonn na comhairlí óige seo i ngach ceann de na 31 ceantar údaráis áitiúil ar fud na hÉireann agus cuireann siad ar chumas daoine óga idir 12 go 17 mbliana d’aois a gcearta a fheidhmiú maidir le dul i bhfeidhm ar chinnteoirí ar na hábhair is tábhachtaí dóibh.

Arna comhordú ag Foróige ó 2018, tacaíonn Rannóg Pobail na Comhairle le Comhairle na nÓg Fhine Gall agus faigheann sí maoiniú ó Roinn Óige agus Leanaí an Rialtais. Cuireann sí ardán ar fáil do dhaoine óga chun tionchar a bheith acu ar chinntí i bhforbairt seirbhísí agus beartais áitiúla.

Ag cruinniú dóibh i Seomra Chomhairle Contae Fhine Gall, thug na hionadaithe achoimre ar na saincheiseanna éagsúla a théann i bhfeidhm ar a bpiaraí i ngach ceann de na ceantair áitiúla i bhFine Gall. Leanann sé ar aghaidh óna gcomhdháil óige bhliantúil a tionóladh i mí Dheireadh Fómhair seo caite inar tháinig 89 duine óg ó Fhine Gall ar chomhaontú maidir leis na príomhábhair spéise a bheadh ina bplean oibre do 2025. Ba iad na saincheisteanna móra a tháinig chun solais ag an imeacht sin ná strus scoile agus oideachas, drugaí agus vápáil agus meabhairshláinte agus idirdhealú.

Bhain Comhairle na nÓg úsáid as fóram na seachtaine seo freisin mar dheis chun ceisteanna a chur ar an gComhairleoir James Humphreys, Méara Gníomhach Fhine Gall, agus ar Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, a mhol tiomantas Chomhairle na nÓg agus a bhí buíoch as an léargas luachmhar a roinneadh. Agus iad ag spreagadh níos mó daoine óga le dul i ngleic leis an gComhairle, dúirt siad go raibh sé ríthábhachtach go n-éistfí lena nglórtha maidir le beartais, seirbhísí agus saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar a saolta.

Comhairle na nÓg 1

Ag léiriú saincheisteanna spéise eile ar fud na hÉireann, ardaíodh na hábhair a bhaineann le tithíocht agus sábháilteacht phobail, chomh maith leis an dearcadh nach bhfuil mórán áiseanna nó áiseanna ar bith ann chun freastal ar dhaoine óga d’ainneoin go bhfuil líon mór tionscadal tógála ar siúl.

Insíodh do rannpháirtithe faoi roinnt Ionad Pobail nua a bheadh ina n-acmhainn iontach do dhaoine óga, dúradh leo gur osclaíodh áis amháin den sórt sin le déanaí i gceantar Bhaile Maidheac, agus go bhfuil tógáil ionaid i mBaile Dúill faoi lánseol. Freastalóidh na cineálacha áiseanna seo ar réimse leathan gníomhaíochtaí pobail, áineasa, oideachais agus spóirt sa cheantar, agus cuirfidh siad le seachadadh moil áineasa úrscothacha nua sa chontae.

Chomh maith leis sin, labhair toscairí tofa Chomhairle na nÓg Fhine Gall faoin strus a bhraitear go minic ar scoil agus go háirithe faoin mbrú breise a bhaineann le ham scrúduithe. Chonacthas gur chéim dhearfach chun tosaigh é spásanna níos ciúine chun staidéar a dhéanamh in áiteanna tábhachtacha mar leabharlanna.

Ag an daonáireamh deireanach bhí Fine Gall i measc na gcontaetha ab óige in Éirinn, agus ba é Baile Brigín an baile is óige in Éirinn.

Comhairle na nÓg 2