Saothair as Caisleán Bhinn Éadair faighte ag Staidéar agus Cartlanna Áitiúla Fhine Gall
Tá sé fógartha ag Staidéar agus Cartlanna Áitiúla Fhine Gall go bhfuil roinnt saothar tábhachtach faighte ó na bailiúcháin i gCaisleán Bhinn Éadair.
Tá sé fógartha ag Staidéar agus Cartlanna Áitiúla Fhine Gall go bhfuil roinnt saothar tábhachtach faighte ó na bailiúcháin i gCaisleán Bhinn Éadair. Nuair a díoladh an Caisleán agus an eastát sa bhliain 2018, cuireadh ábhar an Chaisleáin agus na leabhlainne ar ceant i Meán Fómhair 2021, agus leis seo scríobhadh an chaibidil deiridh i stair an teaghlaigh ar leithinis Bhinn Éadair, a mhair 800 bliain.
Tháinig Sir Almeric Tristram, an chéad Tiarna Bhinn Éadair go hÉirinn le John de Courcy sa bhliain 1177. De réir an tseanchais, fuair sé bua ar lá féile Naomh Lorcáin, a raibh mar thoradh air go raibh leithinis Bhinn Éadair ina sheilbh aige, agus mar chomhartha buíochais, thóg sé ainm Naoimh Lorcáin. Sa bhliain 1767, bhronn Seoirse III an teideal Bíocunta Naomh Lorcáin agus Iarla Bhinn Éadair ar Thomas, a bhí ina Thiarna Bhinn Éadair ag an am. Sa bhliain 1909, fuair an tIarla Bhinn Éadair deireanach bás agus fágadh an caisleán ag a nia, Julian Gaisford.
Nuair a cuireadh ábhar Chaisleán agus Leabharlann Bhinn Éadair ar ceant, fuair Staidéar agus Cartlanna Áitiúla Fhine Gall roinnt saothar a bhfuil luach stairiúla acu. Ina measc tá Atlas Eastáit Iarla Bhinn Éadair, atlas lámhscríofa déanta ag Hodges, Smith & Co. sa bhliain 1863, ina bhfuil os cionn 20 léarscáil dhathaithe de láimh a thaispeánann gach gort san eastát agus ainmneacha na dtionóntaí a bhí ina gcónaí iontu. Téann Leabhar Cíosa Chaisleán Bhinn Éadair siar go dtí 1766 – 1780 agus tá 140 leathanach ann d’iontrálacha lámhscríofa a bhaineann le tionóntaí, an méid cíosa a d’íoc siad agus aon suim a bhí gan íoc. Fuarthas freisin Aitheasc Dathmhaisithe a rinne an dathmhaisitheoir J. Hopkins. Seoladh é, thar ceann na dtionóntaí i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, go dtí an tIarla Bhinn Éadair nuair a fuair a athair bás sa bhliain 1874. Chuir naonúr de na tionóntaí a n-aimneacha leis. Is foinsí fíorthábhachtacha iad na trí shaothar seo don stair áitiúil agus theaghlaigh i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
Lena chois sin, fuair Staidéar agus Cartlanna Áitiúla Fhine Gall Almanaig ó 1765, 1775 agus 1776 in éineacht le heagrán ón mbliain 1840 de Ársaíochtaí na hÉireann le Francis Grose. Nuair a ceantáladh ábhar chaisleán Bhinn Éadair fuaireamar pictiúr uiscedhatha agus peann luaidhe “Caisleán Bhinn Éadair” dar dáta 1819, a rinne George Petrie, pictiúr uiscedhatha de “Inis Mac Neasáin” le Frederick Lawless dar dáta 1879, bunphictiúr uiscedhatha le Francis Grose dar teideal “Mainistir Mhuire”, mar aon le 6 bhunphictiúr Radharc ar Bhaile Átha Cliath, péinteáilte de láimh, le James Malton agus roinnt grianghraf de Chaisleán Bhinn Éadair.
Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Seána Ó Rodaigh “Tá áthas orm go bhfuil na saothair stairiúla, tábhachtacha seo faighte ag Staidéar agus Cartlanna Áitiúla Fhine Gall, ó Cheant Chaisleán Bhinn Éadair. Is doiciméid áille iad agus beidh siad ina ndíol suime agus ina n-acmhainn luachmhar do staraithe agus do dhaoine a bhfuil suim acu sa stair áitiúil.”
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is éadálacha iontach tábhachtach iad na saothair seo, go háirithe Atlas Eastáit Iarla Bhinn Éadair agus Leabhar Cíosa Chaisleán Bhinn Éadair, agus beidh siad ina n-acmhainn eolais iontach maidir le hEastát Bhinn Éadair agus na teaghlaigh a mhair agus a bhí ina gcónaí ann. Tá sé mar thosaíocht ag an gComhairle ár nOidhreacht a chosaint agus anois is féidir linn na saothair stairiúla seo a chaomhnú agus a chur ar fáil don phobal.”
Is í an obair a dhéanann Staidéar agus Cartlanna Áitiúla Fhine Gall ná taifid stairiúla, a bhfuil baint acu leis an gContae, a fháil, a chaomhnú agus a chur ar fáil. Tá Eastát Chaisleán Bhinn Éadair fíorthábhachtach do leithinis Bhinn Éadair. Cuirfidh na saothair seo go mór leis an eolas agus leis an tuiscint ar stair Eastát Chaisleán Bhinn Éadair agus ar Bhinn Éadair féin. Cuireann an tseirbhís fáilte roimh gach duine a bhfuil suim acu i stair áitiúil, theaghlaigh nó shóisialta Bhaile Átha Cliath, go háirithe mar a bhaineann sí le Fine Gall, agus is féidir dul i dteagmháil leo ag [email protected]