Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta á Fógairt ag Comhairle Contae Fhine Gall

Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall Scoláireachtaí a thairiscint do dhaltaí Dara Leibhéal Fhine Gall a bheidh ag freastal ar chúrsaí cónaithe Gaeilge sa Ghaeltacht. 

Gaeltacht 2025

Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall Scoláireachtaí a thairiscint do dhaltaí Dara Leibhéal Fhine Gall a bheidh ag freastal ar chúrsaí cónaithe Gaeilge sa Ghaeltacht.  Tar éis an tsuim mhór a léiríodh sa scéim, a tugadh isteach don chéad uair i 2024, tá fíoráthas orainn leanúint ar aghaidh do 2025 agus 10 bpáirtscoláireacht á dtairiscint againn. Fógrófar na hiarrthóirí rathúla roimh fhéile Sheachtain na Gaeilge nuair a bheidh an Ghaeilge á cur chun cinn againn ar feadh coicíse le linn mhí an Mhárta.

Beidh 10 bpáirtscoláireacht de €500 an ceann ar fáil agus tá siad oscailte do dhaltaí a bhfuil cónaí orthu i bhFine Gall nó atá ag freastal ar scoil dara leibhéal i bhFine Gall. Déanfar cinneadh maidir leis na hiarrthóirí rathúla le crannchur agus fáilteofar roimh iarratais ó dhaltaí a bhfuil leibhéal ar bith Gaeilge acu a fhad is go mbeidh siad ag freastal ar Chúrsa Gaeltachta i 2025.  Íocfar an Scoláireacht le tuismitheoir nó le caomhnóir an dalta agus beidh ar iarrthóirí rathúla fianaise a sholáthar ar áirithint/íocaíocht deimhnithe don Choláiste Gaeltachta.  Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná Dé Domhnaigh, 16ú Feabhra, 2025 agus cuirfear na hiarrthóirí rathúla ar an eolas an tseachtain dár gcionn.

Fáilteofar roimh dhaltaí rathúla freastal ar cheolchoirm Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl in Áras an Chontae, Sord ar an 12ú Márta 2025, áit a mbeidh deis acu pictiúr a ghlacadh le Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh.  Níl sa cheolchoirm ach ceann amháin den iliomad imeachtaí a bheidh ar siúl i bhFine Gall do Sheachtain na Gaeilge – tá sonraí iomlána le fáil ag https://www.fingal.ie/seachtain-na-gaeilge-2025

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: ‘Mar dhíograiseoir Gaeilge mé féin, tá fíoráthas orm a fheiceáil go leanfar le Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta Chomhairle Contae Fhine Gall do 2025. Is iontach an scéal é seo do thuismitheoirí agus daltaí Fhine Gall a thuigeann na buntáistí a chuireann cúrsaí Gaeltachta ar fáil do dhéagóirí a mbíonn an-spórt acu agus a dhéanann cuimhní buana agus iad ag cur lena scileanna Gaeilge i dtimpeallacht spraoiúil.’

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: ‘Bhí an-áthas orainn leanúint leis an scéim Scoláireachtaí seo chun cuidiú le teaghlaigh Fhine Gall leis an gcostas a bhaineann le dalta a chur chun na Gaeltachta. Léiríonn an tsuim ollmhór i scéim na bliana seo caite neart phobal na Gaeilge i bhFine Gall agus táimidne i gComhairle Contae Fhine Gall tiomanta don ghrá seo dár dteanga dhúchais sa Chontae a chothú agus tacú leis.’

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir le tuismitheoirí nó caomhnóirí an fhoirm iarratais ar líne atá ar fáil ag an nasc seo a leanas a chomhlánú.

link https://www.fingal.ie/ga/gaeltacht