Scéim um Dheontais Chaipitil d'Fhiontair Shóisialta 2021

Fingal LCDC Logo

Más fiontar sóisialta d’eagraíocht, d’fhéadfadh go gcáileodh sí do mhaoiniú faoin Scéim um Dheontais Chaipitil d'Fhiontair Shóisialta 2021. Sainmhínítear fiontar sóisialta thíos faoin mBeartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta.

Is tionscnamh amháin í an Scéim um Dheontais Chaipitil d’Fhiontair Shóisialta 2021 atá á glacadh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun tacú le fiontair shóisialta agus comhlánaíonn sí le tacaíochtaí eile arna soláthar ag an Roinn.

Meastar go rachaidh nádúr mionscála na ndeontas faoin scéim seo chun leasa go háirithe d’fhiontair shóisialta níos lú nó nuathionscanta nach mbíonn in ann dul san iomaíocht le haghaidh deontas níos mó, ach a bhfuil gá acu mar sin féin le trealamh uasghrádaithe/breise chun cabhrú leo a gcuid seirbhísí a sholáthar.

Tá an scéim á riaradh thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail ag líonra na gCoistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil  (LCDCanna) ar fud na tíre lena n-áirítear LCDC Fhine Gall.

An 15 Deireadh Fómhair, 2021 an spriocdháta chun iarratais chomhlánaithe a fháil

Féach an nasc thíos chun rochtain a fháil ar an bhfhoirm iarratais:

Foirm iarratais: 

Scéim um Dheontais Chaipitil d'Fhiontair Shóisialta 2021 Foirm Iarratais

 

Eagraíochtaí Incháilithe

Is féidir le fiontair shóisialta, mar a shainmhínítear iad sa Bheartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta (féach thíos), agus leo sin amháin, iarratas a dhéanamh faoin scéim seo. Déanfar gach iarratasóir a sheiceáil agus a dhearbhú chun a chinntiú go sásaíonn siad an sainmhíniú. Ní bhreithneofar iarratasóirí nach sásaíonn an sainmhíniú sin.

Is ionann Fiontar Sóisialta agus fiontar a bhfuil toradh sóisialta d'aidhm leis seachas brabús a ghnóthú d'úinéirí nó do gheallsealbhóirí.

Tugann an fiontar faoi na haidhmeanna sin a bhaint amach trí dhul i mbun trádála go seasta leanúnach trí earraí agus/nó seirbhísí a chur ar fáil agus trí athinfheistiú a dhéanamh ar bharrachas, ar mhaithe leis na haidhmeanna sóisialta a thabhairt i gcrích. 

Déantar é a rialú ar bhealach freagrach follasach agus tá neamhspleách ar an earnáil phoiblí.  Má dhéantar é a fhoirceannadh, ba chóir don fhiontar na sócmhainní atá aige a aistriú chuig eagraíocht eile ag a bhfuil misean den chineál céanna. 

An Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta in Éirinn 2019-2022