Seachtain an Chuimsithe Fhine Gall 2022 – #InviteIncludeInvolve

Inclusion Week 2021

Tá rud éigin do chách sa chlár iontach atá beartaithe don cheathrú Seachtain an Chuimsithe Fhine Gall le breis agus 100 imeacht ar siúl ar fud an Chontae. Is tionscnamh de chuid Oifig Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le hOifigeach Imeasctha Fhine Gall agus Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Fhine Gall í an tseachtain seo, a  bheidh ar siúl ón 14 Samhain go dtí an 20 Samhain. 

Tá sé mar aidhm ag Seachtain an Chuimsithe Fhine Gall aird a tharraingt ar an obair dhearfach a dhéanann pobail, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile chun an t-eisiamh sóisialta agus bhochtaineacht a laghdú i bhFine Gall. 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony, “Tá áthas an domhain orm Seachtain an Chuimsithe na bliana seo a cheiliúradh, agus an oiread sin imeachtaí ar siúl tá súil agam go mbeidh deis ag gach duine a bheith páirteach. Toisc go bhfuil Fine Gall ar chean de na daonraí is éagsúla agus is dinimiciúla atá ag fás in Éirinn, tá súil agam gur féidir linn go léir rud dearfach a bhaint as imeachtaí na seachtaine seo agus ceachtanna a fhoghlaim óna chéile agus é a chur isteach inár saol laethúil.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, “Agus Daonra Fhine Gall ag dul i méid, tá sní isteach aghaidheanna nua ó gach cearn den domhan isteach sa réigiún. Is éard atá i gceist le cuimsiú ná daoine a thabhairt le chéile agus pobal fáilteach a chruthú do chách, agus bhí cáil ar Fhine Gall i gcónaí as a chairdiúlacht agus a chineáltas. Cuirimis fáilte ghnaíúil roimh ár saoránaigh nua agus sean agus cinntímis go gcuimsítear gach a bhfuil cónaí orthu i bhFine Gall ó gach cúlra agus féiniúlacht.”

Dúirt Oifigeach Imeasctha Fhine Gall Valerie McAllorum Byrne, “Tá Seachtain an Chuimsithe Fhine Gall mar chuid chomh lárnach d’obair na hOifige Forbartha Pobail anseo i bhFine Gall agus tugann sí deis dúinn na grúpaí agus na heagraíochtaí iontacha a mbímid ag obair leo ar fud an chontae a thaispeáint agus cuimsiú a chur chun tríd an tseachtain ilghnéitheach bhríomhar atá i gceist i ndáiríre do chách!”

Tá Seachtain an Chuimsithe Fhine Gall an-tábhachtach chun an fheasacht a mhúscailt faoin obair den scoth atá á déanamh ag grúpaí pobail agus ag Rannán Forbartha Pobail Fhine Gall, Oifigeach Imeasctha Fhine Gall agus an Líonra Rannpháirtíochta Pobail chun dul i ngleic le fadhb an eisiata. Chomh maith leis sin, tá sé d’aidhm ag an tseachtain seo an fheasacht a mhúscailt faoi na constaicí a bhíonn curtha ar shaoránaigh Fhine Gall gur chúiseanna iad leis an t-eisiamh sóisialta agus chun an tuiscint ar an ionchuimsiú I bhFine Gall a chur chun cinn.

Sampla de chuid de na heagraíochtaí agus de na grúpaí pobail rannpháirteacha is ea Banna Práis Bhaile Bhlainséir, Ionad Al-Awal, Ionad Acmhainní Teaghlaigh Aster, Ciorcal Sóisialta Seanóirí Mhullach Íde agus Children 4 World Children.

Soláthróidh Seachtain an Chuimsithe Fhine Gall ardán freisin do ghrúpaí agus do sheirbhísí ar nós Líonra Náisiúnta Foghlama an Chontae Thuaidh, The African Advocacy Network Ireland agus Ionad um Maireachtáil Neamhspleách Bhaile Bhlainséir chun insint do dhaoine faoin gcuid gníomhaíochtaí agus conas a bheith páirteach. 

Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce agus tá rud éigin do chách ar an gclár. Tá go leor imeachtaí le bheith rannpháirteach iontu ar nós Cúig Bhealach chun Folláine, Suiteáil Uileachuimsitheach Ealaíne inár Súile, an Vibe Afra-Éireannach dearfach trí cheol & amhráin agus Ceardlann Éagsúlachta, Cuimsithe agus Muintearas. Beidh ár bhFoireann Spóirt ag reáchtáil Chorn Cuimsiú Fhine Gall i scoileanna i rith na seachtaine, tá go leor ag tarlú inár Leabharlanna freisin agus beidh roinnt imeachtaí ar siúl a bheidh dírithe ar ár ndídeanaithe ón Úcráin a áireamh.

Mar chuid de ghníomhaíochtaí na seachtaine, beidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh i gceardlanna ar líne nó in imeachtaí fisiceacha a bheidh ar siúl ar fud an chontae. 

Chun tuilleadh eolais, clárúchán agus an féilire imeachtaí a fháil téigh ar: www.fingalcoco.iewww.fingalinclusionweek.ie 

 

Fingal Inclusion Week 2022 – #InviteIncludeInvolve