Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall 2023 – #TabhairCuireadhÁirighBíPáirteach

Inclusion Week 1

Tá rud éigin do chách sa chlár atá beartaithe don chúigiú Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall le breis agus 70 imeacht ar siúl ar fud an Chontae. Ar siúl ó Dé Luain 13ú Samhain go dtí Dé Domhnaigh 19ú Samhain, is tionscnamh de chuid Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Foireann Imeasctha Fhine Gall í an tSeachtain Ionchuimsiú Sóisialta.

Tá sé mar aidhm ag Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall aird a tharraingt ar an obair dhearfach a bhfuil baint ag pobail, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile léi chun eisiamh sóisialta agus bochtaineacht i bhFine Gall a laghdú.

Inclusion Week 2

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, “Tá lúcháir orm bheith páirteach in imeachtaí na Seachtaine um Ionchuimsiú Sóisialta i mbliana. Agus réimse leathan imeachtaí sceidealta, táim dóchasach go mbeidh deis ag gach duine a bheith páirteach. Ó tharla go bhfuil Fine Gall mar bhaile ag ceann de na pobail is éagsúla atá ag méadú go tapa in Éirinn, tá lúcháir orm glacadh leis na heispéiris dhearfacha agus na léargais luachmhara atá le tairiscint an tseachtain seo.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, “Tá Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall dírithe ar dhaoine a aontú agus pobal a chothú atá oscailte agus cairdiúil do chách. Tá Fine Gall á cheiliúradh le fada an lá as a chairdiúlacht agus a fhlaithiúlacht. Déanaimis ár bhfáilteachas clúiteach a leathnú chuig daoine nua agus cónaitheoirí le fada an lá araon, ag cinntiú go mothaíonn gach duine i bhFine Gall, beag beann ar a n-oidhreacht nó a bhféiniúlacht, fíor-braistint chómhuintearais.”

Dúirt Valerie McAllorum, Oifigeach Imeasctha Fhine Gall, “Is cuid lárnach d’obair na hOifige Forbartha Pobail anseo i bhFine Gall í Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall agus tugann sí deis dúinn na grúpaí agus na heagraíochtaí iontacha a mbímid ag obair leo ar fud an Chontae a thaispeáint agus ionchuimsiú a chur chun cinn tríd an tseachtain éagsúil agus bríomhar atá ann do chách!.”

Inclusion Week 3

Tá Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall an-tábhachtach chun feasacht a ardú ar an sár-obair atá á déanamh ag grúpaí pobail agus ag Oifig Forbartha Pobail Fhine Gall agus ag Foireann Imeasctha Fhine Gall chun eisiamh sóisialta a chomhrac. Féachann an tseachtain freisin le feasacht a ardú ar na bacainní a bhíonn ag saoránaigh Fhine Gall as a dtagann eisiamh sóisialta agus ionchuimsiú i bhFine Gall a chur chun cinn. Sampla de chuid de na heagraíochtaí rannpháirteacha agus grúpaí pobail is ea; Seanóirí an Ros, Líonra Abhcóideachta na hAfraice in Éirinn, Bothán na mBan Lusca, Ionad Pobail Cois Bhá agus Tearmann na Reathaithe.

Soláthróidh Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall ardán freisin do ghrúpaí agus do sheirbhísí ar nós Jigsaw Fhine Gall Thuaidh, Tascfhórsa Réigiúnda ar Dhrugaí Bhaile Átha Cliath Thuaidh, Foróige agus Ionad Baile Bhlainséir um Maireachtáil Neamhspleách chun insint do dhaoine faoina gcuid gníomhaíochtaí agus conas a bheith páirteach ann.

Inclusion Week 4

Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce, agus tá rud éigin do chách ar an gclár. Tá go leor imeachtaí le bheith páirteach iontu ar nós Taispeántas Leabharlann na mBan Imirceacha, Babhta Amhránaíochta Traidisiúnta Idirchultúrtha, Féile Geimhridh Mhullach Eadrad, Ag tabhairt aire do do Mheabhairshláinte, Scéalaíocht idirghníomhach & Spraoi le Muireann agus comórtas idirghlúine Cricket4all.

Beidh ár bhFoireann Spóirt ag reáchtáil Sraitheanna Déanacha san Oíche, Blitzchomórtas Peile Siúil, Ceardlann Uathachais sa Spórt agus go leor eile ag tarlú inár Leabharlanna. Mar chuid de ghníomhaíochtaí na seachtaine, beidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh in imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud an Chontae.

Chun tuilleadh eolais a fháil, clárú agus chun féilire na n-imeachtaí a fháil tabhair cuairt ar: www.fingal.ie/InclusionWeek2023  .