Seoladh Féile Bhealtaine Leabharlanna Fhine Gall 2022

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Féile Bhealtaine bhliantúil Leabharlanna Fhine Gall go hoifigiúil Dé Céadaoin 20 Aibreán.

Bealtaine Launch 2022

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Féile Bhealtaine bhliantúil Leabharlanna Fhine Gall go hoifigiúil Dé Céadaoin 20 Aibreán. Bhí Betty Boardman, Leabharlannaí Contae Fhine Gall, i láthair freisin. Tá an Fhéile féin mar chuid de cheiliúradh náisiúnta na hÉireann ar na healaíona & cruthaitheacht de réir mar a théann muid in aois agus a ritheann ar feadh mhí na Bealtaine. Filleann an Fhéile ar chraobhacha leabharlainne Fhine Gall don chéad uair le 2 bhliain tar éis di a bheith ar siúl go hiomlán mar fhéile ar líne le linn 2020 & 2021.

I mbliana tugtar cuireadh do dhaoine páirt a ghlacadh i gcúrsa 4 seachtaine ióga cathaoir, cúrsa ríomhaireachta do dhaoine fásta ag díriú ar Google agus a chuid táirgí, cúrsa ealaíne le John Carpenter & sraith ceardlann ar scríbhneoireacht chruthaitheach ag baint úsáide as na cúig chéadfa agus cuimhní luachmhara. Beidh caint aireachais ag an bhFéile chomh maith le cainteanna bithéagsúlachta le Tearmann Rónta na hÉireann, taispeántais garchabhracha ag Otharcharr Naomh Eoin, cur i láthair ag anailísí Mintel ar athrú cleachtaidh & treochtaí aclaíochta chomh maith le caint ar tú féin a ullmhú ó thaobh aclaíochta de chun siúl go Camino. Cliceáil anseo le do thoil le clár iomlán na n-imeachtaí a fheiceáil : bealtaine-brochure-2022.pdf (fingal.ie)

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh ‘Trí chlár imeachtaí an-éagsúlachta na Bealtaine, tá deis á thabhairt do shaoránaigh Fhine Gall freastal ar cheardlanna agus chainteanna ina leabharlann áitiúil mar chuid den cheiliúradh náisiúnta cruthaitheachta seo agus muid ag dul in aois”.

Dúirt Betty Boardman, Leabharlannaí Chontae Fhine Gall, “Tá lúcháir orainn ag Leabharlanna Fhine Gall an clár imeachtaí spreagthacha seo d’Fhéile na Bealtaine Aois agus Deis a chur i láthair. Clúdaítear ceardlanna íoga, teicneolaíocht, ealaín, ceardaíocht, scríbhneoireacht chruthaitheach & sláinte sa chlár chun cruthaitheacht a chothú agus a spreagadh agus chun na scileanna agus na heispéiris a chur chun cinn ar féidir leo saol saibhir cruthaitheach a bheith mar thoradh orthu’.

Download the Brochure here: Bealtaine 2022