Seoladh Féile Staire Fhine Gall 2024 agus foilsiú Léann Fhine Gall 5

I mbliana, beidh an fhéile ar siúl ó Dé Luain an 1 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh an 13 Deireadh Fómhair 2024 ar fud na gcraobhacha leabharlainne againne i bhFine Gall, agus beidh Lá na Staire sa Leabharlann ar siúl Dé Sathairn an 5 Deireadh Fómhair sa Leabharlann nua-athchóirithe Carnegie ag an tSráid Thuaidh, Sord.

Festival of History 2024 launch

Íoslódáil Fingal Festival of History Brochure

Fáilte go dtí an t-ochtú Féile bhliantúil na Staire Fhine Gall a sheol Méara Fhine Gall, an Clr. Brian McDonagh, i Saorleabharlann Carnegie, Sord, ar an 10 Meán Fómhair 2024. I mbliana, beidh an fhéile ar siúl ó Dé Luain an 1 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh an 13 Deireadh Fómhair 2024 ar fud na gcraobhacha leabharlainne againne i bhFine Gall, agus beidh Lá na Staire sa Leabharlann ar siúl Dé Sathairn an 5 Deireadh Fómhair sa Leabharlann nua-athchóirithe Carnegie ag an tSráid Thuaidh, Sord. Déanfar Léann Fhine Gall, iris staire na háite a dhíríonn ar stair Fhine Gall a thaifeadadh agus a nochtadh ó na laethanta is sia siar go dtí an lá atá inniu ann,  a athsheoladh freisin ag an bhféile.

Arsa Méara Fhine Gall, An Clr. Brian McDonagh: “Cuireann sé an-áthas orm tús a chur leis an ochtú Féile na Staire Fhine Gall. Déanfaidh mórán imeachtaí suimiúla i bhFéile na bliana seo, i gcomhar le hathsheoladh Léann Fhine Gall, muintir an phobail a nascadh le scéalta an-spéisiúla i stair Fhine Gall agus leis na daoine móra le rá a bhí mar chuid di.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Is imeacht bhliantúil chomh tábhachtach sin í Féile na Staire Fhine Gall, agus is iontach an rud é an clár arna eagrú don bhliain 2024 a fheiceáil. I gcomhar le hathsheoladh Léann Fhine Gall ag foireann Staidéar Áitiúil agus Cartlainne Fhine Gall, is féidir le muintir Fhine Gall ceangal a dhéanamh lena chuid oidhreachta.”

Dar le Leabharlannaí an Chontae, Betty Boardman, ‘‘Táimidne i Roinn Leabharlanna Chomhairle Contae Fhine Gall an-bhródúil as Léann Fhine Gall a athsheoladh tar éis roinnt blianta caillte. Mar aon le clár an-suimiúil na gcainteanna agus na n-imeachtaí dár n-ochtú Féile Staire Fhine Gall, tugann an t-irisleabhar léargas na laethanta a bhí do mhuintir Fhine Gall.”

 

Launch of Fingal Studies 5

I measc na n-imeachtaí a mbeidh ar siúl ag an bhFéile, tá deich gcainteanna, pop-mhúsaem, agus rian oidhreachta le téamaí ag cuimsiú sráidainmneacha Bhaile Brigín, an spiaireacht, an feallmharú agus an cur chun báis le linn Chogadh na Saoirse in Éirinn, an cosc ​​ar shiamsaíocht le linn Chogadh na gCarad, básanna as Fine Gall le linn an Chéad Chogadh Domhanda, ag déanamh taighde ar an stair áitiúil agus Cogadh deiridh na Talún, chomh maith le caint ag an staraí, craoltóir agus údar aitheanta Myles Dungan.

I measc na n-imeachtaí a mbeidh ar siúl ag an bhFéile, tá deich gcainteanna, pop-mhúsaem, agus rian oidhreachta le téamaí ag cuimsiú sráidainmneacha Bhaile Brigín, an spiaireacht, an feallmharú agus an cur chun báis le linn Chogadh na Saoirse in Éirinn, an cosc ​​ar shiamsaíocht le linn Chogadh na gCarad, básanna as Fine Gall le linn an Chéad Chogadh Domhanda, ag déanamh taighde ar an stair áitiúil agus Cogadh deiridh na Talún, chomh maith le caint ag an staraí, craoltóir agus údar aitheanta Myles Dungan.

 

Mar chuid de Lá na Staire sa Leabharlinn i Saorleabharlann Carnegie, beidh ceathrar cainteoirí ag plé le hábhair chomh héagsúil leis an gconspóid faoi sholáthar an uisce i Mullach Íde – “Who should pay for the Water (Cé hé ba cheart a íoc as an Uisce)”- saol an tseirbhísigh i dtithe mór tuaithe Fhine Gall  – “Dismissed – to the general joy of ye family (Briste as an bpost – cúis áthais don teaghlach i gcoitinne)” - ag cónaí agus ag obair ar Eastát Cheann Iúir, an Ros –“Aspects of the history of Kenure House & Estate (Gnéithe stair Áras agus Eastát Cheann Iúir)” - agus na feabhsuithe a rinneadh ar Chaisleán Bhinn Éadair ag tús an 20ú haois – “Ancient pile undergoes improvement (Feabhas á chur ar an gcarn ársa)”. 

Táimid ag obair arís i gcomhar i mbliana  le Cumann Oidhreachta Chluain Saileach agus Bhaile an Phóirtéaraigh. Bí leo ar shiúlóid threoraithe 90 nóiméad trí oidhreacht nádúrtha agus thógtha Chluain Saileach agus na Canálach Ríoga. Tá preab-mhúsaem á oscailt ag Cumann Staire Bhaile Brigín agus a Cheantair inar féidir taisteal arís trí stair an bhaile.

Festival of History 2024 launch

Déanfar tús a chur arís le Léann Fhine Gall ag an bhféile freisin. Foilsíodh an iris ar dtús idir na blianta 2010 agus 2015, agus taispeánann sí flúirse na taighde stairiúla agus tallann na scríbhneoireachta atá ar fáil sa chontae. Tá an stair náisiúnta tógtha ar an mbunús áitiúil; ceanglaíonn sí sinne lenár n-áit dúchas agus cabhraíonn sé linn cá háit as a dtagaimid a thuiscint.

Cuimsíonn Imleabhar 5 meascán de gach sórt scéal as gach áit Fhine Gall. Insíonn Garry Ahern scéal iontach an Chaptaein Paddy Saul agus an príomhról aige  i stair luath na eitlíochta in Éirinn, ar nós an úsáid a baineadh as trá Phort Mearnóg mar rúidbhealach. Tugann Frank agus Molly Wearity cur síos ar ghairm iontach an ghníomhaí agus an fheachtasaí shóisialta Paddy Murphy agus tugann Bernard Kelly réamh léargas dúinn ar an tionscadal um iad siúd as Fine Gall a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda a aithint chmh maith lená gcomóradh in a dhaiadh sin. Beidh scéalta le hinsint ann maidir le Reilig Bhrí Mhór agus le hEaglais Bhanríon na Síochána i nGleann Meáin, agus déanann Peter Rooney cur síos ar ghairmréim ilghnéitheach Harry Rooney, iarshaighdiúir an Chéad Chogadh Domhanda a bhunaigh an Comhlacht Fingal Motor sa bhliain 1919. Scaipfear Léann Fhine Gall tríd na leabharlanna brainse le linn Féile Staire Fhine Gall le leagan rLeabhar á chur ar fáil freisin trí BorrowBox.

Tá súil againn go mbeidh rud éigin spéise ann do gach éinne ag Féile Staire Fhine Gall. Tá gach imeacht saor in aisce don phobal, ach d’fhéadfadh go mbeadh teorainn á imirt maidir le líon an lucht freastail le ligean isteach; mar sin, moltar áirithint a dhéanamh. Tá bróisiúr Fhéile Staire Fhine Gall 2024 ar fáil chomh maith tríd na leabharlanna brainse agus ar líne ag  www.fingal.ie/libraries

 Tá tuilleadh eolais ar fáil ó: 01 8704486 / a%72c%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]

Féile na Staire Fhine Gall 2024 /Fingal Festival of History 2024