Seoladh Físeáin faoi Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall

Tá físeán nua eisithe ag Oifig Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall a chuireann obair Líonra na nÁiseanna Pobail Fhine Gall chun cinn. Bunaíodh an líonra sa bhliain 2017, agus tá 34 saoráid pobail ar fud Fhine Gall ina mball de.

Tá físeán nua eisithe ag Oifig Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall a chuireann obair Líonra na nÁiseanna Pobail Fhine Gall chun cinn. Bunaíodh an líonra sa bhliain 2017, agus tá 34 saoráid pobail ar fud Fhine Gall ina mball de.

Agus an físeán á sheoladh go hoifigiúil aige, dúirt Méara Fhine Gall Howard Mahony:

“Is mór an t-áthas a chuireann sé orm an físeán seo a léiríonn Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall a sheoladh go hoifigiúil. Ón mbliain 2017 i leith, d’oibrigh Aonad Tacaíochta Áiseanna an Phobail go dlúth le baill an líonra a dtagann as ionaid phobail ar fud Fhine Gall chun freastal ar riachtanais na n-ionad gnóthach sin acu agus chun cur ar a gcumas leanúint ar aghaidh ag cur seirbhísí a bhfuil géarghá leo ar fáil dá gcuid phobal. Léiríonn an físeán seo, arna chur le chéile ag Oifig Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall, samplaí den scoth dá leithéid oibre agus comhoibrithe.

Bhain mé an-shásamh as cuairt a thabhairt ar go leor áiseanna seo an phobail seo le linn mo thréimhse mar Mhéara ar Fhine Gall chun an obair iontach atá á dhéanamh acu a fheiceáil dom féin agus guím gach rath ar an líonra agus ar gach ball de sna blianta amch romhainn.”

Tugtar cuairt ar an lucht féachana ar na háiseanna de chuid ceithre bhall an líonra ó phobail Bhaile Lotrail, Bhaile Dúill, Bhaile Phaslóigh agus Bhaile an Huntaigh agus tugtar léargas ar leith dóibh ar conas a bunaíodh an líonra agus a dhéantar á bhainistiú.

Míníonn ionadaithe na Comhairle agus bainisteoirí na n-ionad struchtúr an líonra agus na tacaíochtaí agus na tairbhí a chuireann ballraíocht den líonra ar fáil, amhail oiliúint foirne, tacaíocht airgeadais agus máistir-ranganna agus cruinnithe bricfeasta rialta.

Sé an físeán an dara ceann i sraith a léiríonn Áiseanna Pobail Fhine Gall agus obair Aonaid Tacaíochta Áiseanna an Phobail, foireann ar leith laistigh d'Oifig an Pobail, a thugann tacaíocht agus treoir do bhaill an líonra ar fud Chontae Fhine Gall.

Is féidir an físeán a fheiceáil anseo: https://www.youtube.com/watch?v=h9APNND2yxs

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.fingalcommunityfacilitiesnetwork.ie