Seoladh Leabhair an Údair Gerard Ronan, as Domhnach Bat

Tá Gerard Ronan, údar roinnt leabhar bunaithe ar ghnéithe de stair áitiúil Fhine Gall, go háirithe ceantar Phort Reachrann, díreach tar éis a dá leabhar is déanaí a fhoilsiú. 

Gerard Ronan Book Launch

Tá Gerard Ronan, údar roinnt leabhar bunaithe ar ghnéithe de stair áitiúil Fhine Gall, go háirithe ceantar Phort Reachrann, díreach tar éis a dá leabhar is déanaí a fhoilsiú. Rinne Leas-Mhéara Fhine Gall, an Comh. Cathal Boland an dá theideal nua seo  a sheoladh ag Staidéar Áitiúil agus Cartlann Fhine Gall, 46 An tSráid Thuaidh, Sord, Dé Luain 24 Deireadh Fómhair.
Sna leabhair, the Seduction of Benedict Arthur, agus The Falsest Rogue: Rev. Matthew Pilkington Vicar of Donabate, léimid scéalta ríspéisiúla beirt phearsana ó stair Dhomhnach Bat san ochtú haois déag. Foilsíodh na leabhair seo le tacaíocht ó Chomhairle Contae Fhine Gall.

Dúirt an Comh. Boland: “Tá áthas orm an deis a thapú an dá leabhar seo scríofa ag Gerry Ronan a sheoladh. Cuireann siad leis an liosta de shé theideal roimhe ata foilsithe aige go dtí seo. Is mór an tsuim atá agam sa stair, agus tá lúcháir orm go bhfuil léargais iontacha léirithe ag Gerry arís sa dá leabhar seo ar na carachtair a mhúnlaigh stair leithinis Dhomhnach Bat agus Phort Reachrann. Mar a scríobh an scríbhneoir aistí Meiriceánach Ralph Waldo Emerson (1803-1882): ‘There is one mind common to all individual men, of the works of this mind history is the record…’. Books such as these afford us all the opportunity to see and reflect on those who shaped our communities and may well provide inspiration for us to do so much more.”

Dúirt Gerard Ronan, “Ní féidir liom buíochas a dhóthain a ghabháil le Leabharlanna Fhine Gall as tacú leis an tionscadal seo agus as ligean dom na scéalta seo a insint. Tá súil agam go gcuireann siad ar bhealach beag éigin leis taitneamh a bhainfidh daoine as an leithinis agus go gcuirfidh siad leis an mórtas áite. Mar an dá cheann deiridh i sraith de dheich gcinn, tugann na leabhair seo léargas ar chineál oidhreachta atá an-difriúil ó na hocht gcinn atá foilsithe cheana, ach ag an am céanna  tá siad chomh spéisiúil agus chomh siamsúil leis na leabhair sin”.

Gerard Ronan Book Launch

Tá scéal duine de na daoine is deighiltí i stair na hÉireann inste in The Falsest Rogue: Rev. Matthew Pilkington, Vicar of Donabate. Líomhnaítear go ndearna an tUrr. Matthew Pilkington iarracht uair amháin a leanaí a dhíol ina sclábhaithe agus a bhean chéile a chur i mbun striapachais lena chairde Libertíneacha d’fhonn colscaradh a fháil. Ar feadh beagnach trí bliana is tríocha, d’oibrigh sé mar Bhiocáire Anglacánach Dhomhnach Bat, ba mhinic a chaith sé a chuid ama agus a aird ní ar riachtanais spioradálta a thréada a bhí ag dul i laghad i gcónaí, ach ar a Dictionary of Painters — an chéad lámhleabhar speisialtóireachta  scríofa i mBéarla  — a raibh clú agus cáil air. Chabhraigh sé freisin le Bailiúchán Ealaíne Cobbe a bhunú ag Teach an Droichid Nua.

Tá  scéal faoi bhunús Theach Ghort na Mara, agus conas a d’athraigh muintir  Arthur na Cabraí Móire go Muintir Arthur Ghort na Mara inste in The Seduction of Benedict Arthur. Ní raibh Benedict Arthur ach seacht mbliana déag nuair a phós sé Catherine Hacket, a bhí ocht mbliana is tríocha ar a laghad, i 1712. Bheadh na líomhaintí meabhlaithe agus fuadaigh a lean a bpósadh rúnda ina n-ábhar conspóide dlíthiúil a raibh clú agus cáil air agus a thógfadh beagnach dhá scór bliain le réiteach. Toisc nach raibh sé in ann colscaradh, bhí air fanacht go dtí go bhfuair Catherine bás, i 1749, go bhféadfadh Benedict a bhean choibhche agus a leanaí a dhlisteanú sa deireadh agus iad a bhogadh isteach sa Teach Mór Pallaidiach galánta a thóg sé ar chladach Inbhear an Mhóinéir Leathain, atá i ngar do shráidbhaile Dhomhnach Bat.

Tá Gerard Ronan ina údar ar ocht leabhar roimhe seo agus iad foilsithe mar chuid de chomhfhiontar ceithre bliana (2019-2022) le Comhairle Contae Fhine Gall. Is iad na leabhair staire áitiúla/na beathaisnéisí atá scríofa aige  ná William Kelly of Portrane: Forgotten Hero of the Famine and land War (2019); The Round Towers of Fingal: Their Hidden History (2019); Sophia Parnell-Evans: Feminism, Politics and Farming in 19th Century Portrane; agus Margaret Evans – Poet of Portrane. Is meascán de fhicsean agus míniú ar an gcúlra stairiúil iad a úrscéalta do pháistí/a leabhair bhéaloidis áitiúil agus a leabhair staire. Is iad teidil a leabhar do leanaí ná The Legend of Goban (2021); The Legend of Joseph Daw (2021); Lucky Kate (2021); agus The Old Man and The Tower (2021).

Tá leabhair Gerard Ronan go léir ar fáil ó Leabharlanna Fhine Gall.

Gerard Ronan Book Launch Mayor Betty