Seoladh Maker Space Fhine Gall ag Leabharlann Bhaile Bhlainséir

Sheol Méara Fhine Gall, an Clr Seána Ó Rodaigh, an Leasmhéara Clr Daniel Whooley, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall Anne-Marie Farrelly, Leabharlannaí an Chontae Betty Boardman agus an Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach Lilian Whelan Maker Space Fhine Gall ag Leabharlann Bhaile Bhlainséir go hoifigiúil.

Launch of Makerspace

Sheol Méara Fhine Gall, an Clr Seána Ó Rodaigh, an Leasmhéara Clr Daniel Whooley, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall Anne-Marie Farrelly, Leabharlannaí an Chontae Betty Boardman agus an Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach Lilian Whelan Maker Space Fhine Gall ag Leabharlann Bhaile Bhlainséir go hoifigiúil.

Is spás pobail ilfheidhme, cruthaitheach agus oideachais é The Maker Space i Leabharlann Bhaile Bhlainséir. Tá réimse áiseanna agus uirlisí sa spás lena n-áirítear ríomhairí glúine, printéir 3T agus gearrthóir vinile. Tá an spás inrochtana, dinimiciúil agus cuimsitheach seo i gcroílár ghealltanais Chomhairle Contae Fhine Gall faoin tionscnamh ó Éire Ildánach. Tá sé mar aidhm ag an gclár Maker Pobail Fhine Gall cruthaitheacht a thógáil agus a thacú i bpobail laistigh de cheantar Fhine Gall. 

Oibríonn an fhoireann Maker Space le scoileanna i gceantar Fhine Gall chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga chun leas iomlán a bhaint as na háiseanna atá ar fáil. Oibríonn siad freisin i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chun deiseanna oideachais aosaigh a chur ar fáil.  Éascaíonn an spás foghlaim STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic) i suíomh neamhfhoirmiúil do dhaltaí a chomhlánaíonn a gcuid foghlama inscoile.

Tá an Cruthaitheoir Cónaithe Kate Delaney ó Make Create Innovate i mbun Maker Space Fhine Gall. Faigheann Kate tacaíocht ó Rhona Byrne, Andrew Carson agus Catrina Carrigan. Tá réimse ceardlann chuimsitheach forbartha ag an bhfoireann dírithe ar gach aois agus cúlra. Tá sé mar aidhm ag na ceardlanna seo fiosracht, cruthaitheacht, smaointeoireacht chriticiúil agus scileanna réiteach fadhbanna a chur chun cinn i measc rannpháirtithe.

Launch of Makerspace 1

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh gur spás daonlathach agus cuimsitheach é Maker Space Fhine Gall atá oscailte do gach ball den phobal agus tá sé mar aidhm acu foghlaim neamhfhoirmiúil agus pobail a spreagadh in áit inrochtana inar féidir le daoine óige agus aosta spraoi, dearadh, nuáil agus foghlaim.

Feabhsóidh an tionscadal nuálach seo faoi stiúir na leabharlainne deiseanna foghlama agus áiseanna pobail i bhFine Gall.

Dúirt Leabharlannaí an Chontae Betty Boardman go gcuireann an Makerspace nua ag Leabharlann Bhaile Bhlainséir timpeallacht nuálach, cruthaitheach agus chomhoibritheach ar fáil don phobal i mBaile Átha Cliath 15 agus i mórcheantar Fhine Gall. Dúirt sí freisin gur ghlac leabharlanna poiblí go luath leis an teicneolaíocht nua i gcónaí agus go leanann an Makerspace den nós seo ag cur deiseanna ar fáil don phobal chun foghlaim agus smaointe a fhorbairt.

D’fhéadfaí eolas faoi cheardlanna agus tráthnóna oscailte atá le teacht a fháil ar leathanaigh Facebook, Twitter agus Instagram Leabharlanna Fhine Gall.

https://www.facebook.com/FingalLibraries

https://twitter.com/fingallibraries

https://www.instagram.com/librariesfingal 

Dfhéadfaí leathanach tiomnaithe Maker Space Fhine Gall a leanúint freisin ag:

https://twitter.com/fingalmakers 

Tá imeachtaí leabhair anseo: Fingal Makerspace Events | Eventbrite

 

Launch of Makerspace 2