Seoladh na n-Acmhainní Scoile Saor in Aisce Chun Seachtain an Aeir Ghlain a Cheiliúradhi bhFine Gall

D'eisigh an Roinn Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spóirt de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall sraith acmhainní teagaisc saor in aisce do bhunscoileannaan an chontae tseachtain seo..

Is tionscnamh faoi reáchtáil Scoileanna Glasa na hÉireann é Seachtain an Aeir Ghlain, idir an 20 agus an 24 Samhain, agus díríonn teachtaireacht na bliana seo ar fhadhb na ngluaisteán ar réchasadh ag geata na scoile. Tagann astuithe níos airde as an réchasadh ná mar a thagann as an tiomáint agus, os rud é go ndéantar a leithéid i spás ina bhuil leanaí bailithe le haghaid súgradh agus le haghaidh sóisialú, fágann sin go n-análann siad na múchanna agus go dtagann laghdú mór ar cháilíocht an aeir. Iarrtar orthu siúd ag tiomáin suas go dtí geata na scoile a gcuid inneall a mhúchadh.

SAFETY FIRST POSTER

Tá an réchasadh níos coitianta sa gheimhreadh mar gheall ar an teocht íseal faoin aer. Deir An Taisce gurb é an bealach is fearr le feithicil a théamh ná á thiomáint. Ag brath ar an aimsir lasmuigh, ba chóir go bhfanfadh d’inneall te freisin ar feadh 30-60 nóiméad tar éis duit an t-inneall a mhúchadh,

Deir Oifigeach na Rothaíochta agus an tSiúil, Stephen McGinn, ‘Baineann i bhfad níos mó contúirt le réchasadh ag geata na scoile ná mar a cheaptar. Nuair a bhíonn gach inneall ag gabháil, bíonn a fhios againn go bhfuil sé deacair ar pháistí a rá cé hiad na carranna atá ag gluaiseacht agus cé hiad atá páirceáilte agus seans ann dá bhrí sin go mbogfaidh siad amach os comhair na bhfeithiclí.’

Active Travel Primary School video

Dar lena chomhghleacaí Emma Court, Oifigeach eile na Rothaíochta agus an tSiúil le Comhairle Contae Fhine Gall, is féidir le scoileanna a bheith réamhghníomhach i leith na sábháilteachta ag geata na scoile agus molann sí go rachaidh múinteoirí agus tuismitheoirí i dteagmháil leis an gComhairle chun leas a bhaint as na tacaíochtaí saor in aisce seo. ‘Táimíd díreach i ndiaidh mórán acmhainní nua a seoladh atá dírithe ar leibhéal na bunscoile lena n-áirítear póstaeir ranga, físeán spraíúil a mhíníonn na buntáistí a bhaineann le Taisteal Gníomhach, rianairí Aer Glan na hAoine, agus táimid ag tairiscint tacaíocht duine-le-duine d'aon scoil ar mhian léi aistriú méadaithe a dhéanamh i dtreo an Taisteal Gníomhach. Is féidir linn oibriú libh bus siúlóide nó rothaíochta a bhunú, cabhrú leis an oideachas um shábháilteacht ar bhóithre agus cabhrú le scoileanna le haghaidh rannpháirtíocht na dtuismitheoirí agus na gcúramóirí a spreagadh.’

Is féidir eolas ar na tacaíochtaí seo a fháil ar líne ag  https://www.fingal.ie/activetravel/active-travel-resources-schools nó is féidir leis an scoil teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann trí rPhost chuig ac%74i%76e.trave%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]

 

AIR QUALITY POSTER