Seoladh Tuarascála Tionscadail Tuí Fhine Gall 2022

Tá áthas an domhain ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil an tuarascáil ar Thionscadal Tuí Fhine Gall 2022, a d’ullmhaigh Carrig Conservation International ar son Oifig Oidhreachta Fhine Gall, á sheoladh.

Fingal Thatch Project report Launch

Tá áthas an domhain ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil an tuarascáil ar Thionscadal Tuí Fhine Gall 2022, a d’ullmhaigh Carrig Conservation International ar son Oifig Oidhreachta Fhine Gall, á sheoladh. Bhí an seoladh, ag Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony ar siúl ar an 16 Feabhra sa Casino Mhullach Íde, foirgneamh tuí athchóirithe álainn a bhfuil tábhacht stairiúil suntasach ag baint leis d’oidhreacht ailtireachta Fhine Gall. 

Is nasc fisiciúil iad foirgnimh cheann tuí Fhine Gall idir na glúnta atá thart agus an lá atá inniu ann agus léiríonn siad traidisiún dúchasach inar cuireadh eolas ar theicnící tógála, ábhair áitiúla, scileanna agus ceardaíochta síos feadh sraith gan bhearna leis na céadta bliain. 

Mar is amhlaidh ar fud na hÉireann, tá laghdú ag teacht ar fhoirgnimh tuí Fhine Gall í na 1950idí ar a laghad. Ní hamháin go ndéanann Tionscadal Tuí Fhine Gall doiciméadú ar an stoc foirgneamh ceann tuí atá fágtha sa Chontae ach chuaigh sé i dteagmháil leis an bpobal agus le caomhnóirí foirgneamh ceann tuí, chun tuiscint níos fearr a fháil ar na saincheisteanna a chuireann leis an gcaill.

Fingal Thatch project launch Fingal Staff

Fingal Heritage Officer Christine Baker, County Architect Fionnuala May, Fingal Chief Executive AnnMarie Farrelly with  Mayor of Fingal Cllr Howard Mahony, Architectural Conservation Officer Helena Bergin and Barry O'Reilly

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony, ‘Is gné thábhachtach den tionscadal seo stair shóisialta an tuí i bhFine Gall a ghabháil.’ Dúirt sé freisin ‘Chuir úinéirí tuí agus tuíodóir iad féin grianghraif, agus cuimhní cinn agus tradisiúin a taifeadadh ar léarscáil scéal digiteach do na glúnta atá le teach.’

Dúirt an Príomhfheidhmeannach Fhine Gall AnnMarie Farrelly ‘Cuireann torthaí an tionscadail, a chuirtear i láthair sa suirbhé a rinneadh leis an tuiscint níos leithne ar thuí in Éirinn sa lá atá inniu ann’. Lean sí ar aghaidh  ‘Ionas gur féidir gníomhartha dearfacha, cosúil leis na cinn de dheontais Stitch in Time de chuid Oifig Caomhantais Fhine Gall, a chur i bhfeidhm chun an acmhainn chríochnaithe chultúrtha seo a chosaint’.

Dúirt Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker ‘Go raibh míle maith ag gach duine a chuidigh leis an tionscadal – úinéirí, tuíodóirí, agus baill de na pobail a roinn a gcuimhní cinn agus grianghraif. Gabhaim buíochas freisin le baill ghrúpa stiúrtha an tionscadail, le comhairleoirí an Carrig Conservation agus leis an gComhairle Oidhreachta, as a n-ionchur agus a dtacaíocht’.

Tá an tuarascáil, an gasaitéar, an léarscáil scéal, agus físeáin ar fáil le íoslódáil agus le féachaint orthu ar https://www.fingal.ie/fingal-thatch-project-and-report Thacaigh an Chomhairle Oidhreachta leis an tionscadal seo agus comhlíonann sé cuspóirí Phlean Oidhreachta Fhine Gall 2018-2023

Fingal Thatch Project Launch Design team

Fingal Heritage Officer Christine Baker, Peter Cox Managing Director at Carrig Conservation International with  Mayor of Fingal Cllr Howard Mahony, Editor Leila Budd and Sinead Hughes Report Writer

Fingal Thatch Tradition - Thatch Project Video