Seolann an Chomhairle suirbhé poiblí chun eolas a dhéanamh don Phlean Corparáideach nua

County Hall

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall suirbhé poiblí inniu chun eolas a dhéanamh dá Phlean Corparáideach 2024-2029.

Tá an Plean Corparáideach nua á ullmhú faoi láthair agus cuirfear dréacht faoi bhráid chruinniú na Comhairle i mí na Nollag lena cheadú.

Iarrann an suirbhé ar fhreagróirí liosta a dhéanamh de na tosaíochtaí is tábhachtaí dóibh féin agus dá dteaghlaigh sna cúig bliana amach romhainn faoi na ceannteidil de Bhainistiú an Chontae agus an Phobail agus an Chultúir.

Beidh ar suirbhé ar fáil go dtí an 30 Meán Fómhair agus tá sé ar fáil ar líne anois. Beidh cóipeanna crua ar fáil freisin ag Áras an Chontae, Sord; Oifigí na Cathrach, Baile Bhlainséir; brainsí Leabharlann Fhine Gall agus Ionaid Phobail Fhine Gall.

“Aithneoidh an Plean Corparáideach réimsí straitéiseacha inar féidir leis an gComhairle caighdeán na beatha a fheabhsú do mhuintir Fhine Gall. Mar sin, tá sé an-tábhachtach go gcuirfeadh daoine in iúl dúinn cad iad na réimsí straitéiseacha ar gá dúinn díriú orthu,” a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Socraíonn an Plean Corparáideach ár spriocanna corparáideacha agus tiomáinean sé ár mbuiséid agus pleanannna. Ba mhaith linn a fháil amach cad iad na tosaíochtaí is tábhachtaí ar cheart a bheith againn dár leis an bpobal, mar sin tá sé tábhachtach go gcomhlánóidh an oiread daoine agus is féidir an suirbhé.”

Is féidir an Suirbhé Poiblí a chomhlánú anseo