Seolann Comhairle Contae Fhine Gall an Tionscnamh Pobail Bí Gníomhach

Fingal County Council Unveil Community Get Active Initiative

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarradh ar chlubanna spóirt agus ar an bpobal áitiúil teacht le chéile chun cabhrú le daoine bheith gníomhach nuair a chuirfear deireadh le srianta an Rialtais agus nuair a cheadófar do dhaoine dul i mbun gníomhaíochtaí arís.

Mar chuid de “Dúshlán - Club Gníomhach”, tá Oifig Spóirt Fhine Gall tar éis dul i gcomhpháirtíocht le Cruicéad Laighean, leis an FAI, le Rugbaí Laighean agus le Leadóg Éire, chun bealach taitneamhach a chabhróidh le daoine an chéim thábhachtach sin a thógáil chun go mbeidh 2021 níos gníomhaí ná anuraidh. Tá an tionscnamh dírithe ar gach duine, ach go háirithe orthu siúd a raibh sé deacair dóibh bheith gníomhach i rith na paindéime.

A bhuí leis an gcistiú a fuarthas ó Spórt Éireann, tá an clár sé seachtaine seo saor in aisce do gach club spóirt i bhFine Gall. Tosóidh sé nuair a scaoilfear srianta an Rialtais agus tá sé deartha go speisialta chun timpeallacht shábháilte, thaitneamhach agus spreagúil a sholáthar, a chuirfidh ar chumas na rannpháirtithe iad féin a neartú agus a leibhéal aclaíochta a fheabhsú.

Táthar ag iarraidh ar chlubanna spóirt grúpaí reathaíochta, siúil agus/nó rothaíochta a bhunú do bhaill den chlub agus do dhaoine nach baill iad araon, chun cuidiú leo bheith níos gníomhaí go háitiúil agus bheith sábháilte ag an am céanna.

Mar chuid de na cláir shiúil, reathaíochta nó rothaíochta a mhairfidh sé seachtaine, beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag reáchtáil seisiúin ‘Eolas faoin gCothú’ ar líne agus a bheidh saor in aisce, do gach rannpháirtí mar aon le seisiún ar líne ‘Ag Dul i dTaithí ar an Aclaíocht’ chun tacaíocht agus comhairle sláinte a thabhairt do rannpháirtithe chun go bhfanfaidh said ar an gclár.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr David Healy: “Déanann na grúpaí spóirt i bhFine Gall éacht oibre ar son an phobail agus bheadh sé iontach dá nglacfadh oiread is féidir díobh páirt sa tionscnamh iontach seo. Táimid tar éis a fhoghlaim ón COVID go dtéimid i neart nuair a oibrímid le chéile. Mar sin, oibrímis chun go mbeidh Fine Gall ar an bpobal is gníomhaí in  Éirinn a luaithe is a chuirfear deireadh le srianta an rialtais.”

Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Contae Fhine Gall: “Tá ról lárnach ag clubanna spóirt sa tsochaí agus ag na hoibrithe deonacha atá ina mbun. Is féidir leo labhairt go díreach leis na céadta duine laistigh de ghrúpa amháin agus is féidir leo daoine, idir óg agus aosta, a spreagadh go díreach chun dul ag siúl, ag rith agus ag rothaíocht. Tá sé feicthe againn go léir le míonna beaga anuas cé chomh tairbheach is atá sé páirt a ghlacadh san aclaíocht fhisiciúil agus cinnte go mbeidh torthaí dearfeacha ann maidir leis an tsláinte agus an fholláine mar thoradh ar an gclár seo dóibh siúd a ghlacann páirt ann.”

Le haghaidh tuilleadh eolais ar conas is féidir le do chlub áitiúil clárú agus chun tuilleadh a fhoghlaim faoin tionscnamh ‘Dúshlán – Club Gníomhach’, féach https://bit.ly/fingalactiveclub