Síníonn an Chomhairle conradh don Chreat Comhairleach do Thionscadail Choisithe agus Rothaíochta Bhaile Átha Cliath 15
Tá conradh sínithe ag Comhairle Contae Fhine Gall le RPS Consultants ar luach suas le €5 milliún do Thionscadail Bealaí Coisithe agus Rothaíochta i gceantar Bhaile Átha Cliath 15.
Fuair an Rannóg Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh creat páirtí amháin do sheirbhísí comhairleoireacha innealtóireachta nuair a ceapadh RPS Consultants. Is é an chéad tionscadal a aithníodh ná an Droichead Coisithe agus Rothaíochta agus Droichead Ghránaird, Bóthar Chaisleán Cnucha. Beidh an Tionscadal seo mar chuid den bhealach idir Baile Bhlainséir go Caisleán Cnucha a shainaithnítear mar phríomhbhealach radúil sa Phlean Ghréasán Rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Agus é ag fáiltiú roimh an síniú, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh ‘’cruthóidh an tionscadal bealach sábháilte agus taitneamhach do choisithe agus rothaithe ar fud mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 15. Feabhsóidh sé nascacht idir na ceantair mhóra chónaithe agus tráchtála i mBaile Bhlainséir/Caisleán Cnucha agus Stáisiún Traenach Chaisleán Cnucha. Is iontach an tairbhe a bheidh ann do dhaoine agus don chomhshaol!’’
Beidh an droichead molta suite ag Droichead Ghránaird, Bóthar Chaisleán Cnucha, agus trasneoidh sé Iarnród Bhaile Átha Cliath-Mhaigh Nuad agus an Chanáil Ríoga, in aice leis na droichid bhóthair atá ann cheana féin thar an gcanáil agus an iarnród. Soláthróidh sé íosleithead soiléir de 4.50 méadar ar leithead, le rochtain do choisithe agus rothaithe amháin, lena n-áirítear cosaint ghaoithe, soilsiú oíche agus sonraíocht agus feidhmíocht ardchaighdeáin.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall ‘’seachadfar Droichead Ghránaird trí úsáid a bhaint as modhanna tógála a íoslaghdaíonn tionchair shóisialta agus chomhshaoil, i gcomhréir lenár dtiomantas do chleachtais fhorbartha inbhuanaithe. Cuireann sé réiteach cost-éifeachtúil ar fáil a íoslaghdaíonn cothabháil amach anseo agus, nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh sé ina acmhainn iontach don phobal áitiúil.
Dúirt Willie Madden, Stiúrthóir Bainistíochta RPS Consultants ‘’tar éis a bheith ag obair go dlúth le Comhairle Contae Fhine Gall ag seachadadh roinnt scéimeanna suntasacha thar thréimhse fhada, tá fíoráthas ar RPS leanúint lenár gcaidreamh láidir sna blianta atá le teacht mar chuid den cheapachán seo le huasghrádú a dhéanamh ar phríomhbhonneagar Taistil Ghníomhaigh i gceantar Bhaile Átha Cliath 15."
Soláthróidh an tionscadal seo bealaí rochtana fresin ón droichead ó thuaidh go dtí acomhal Bhóthar Phlásóg na Rós/Chaisleán Cnucha agus ó dheas go dtí acomhal Bhóthar Lóiste an Labhrais/Bhóthar Chaisleán Cnucha.