Soilsíonn Comhairle Contae Fhine Gall sé fhoirgneamh mar chuid den tionscnamh Lonraigh Do Sholas

I measc na bhfoirgneamh a soilsíodh, bhí ceithre fhoirgneamh oidhreachta - Caisleán Shoird, Caisleán Bhrí Mhór, Caisleán Ard Giolláin agus an Casino i Mullach Íde - chomh maith le Halla an Chontae i Sord agus na hOifigí Cathartha i mBaile Bhlainséir.

.

Shoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall sé fhoirgneamh aitheanta ar fud an chontae mar chuid den tionscnamh náisiúnta chun solas a lonrú ar son na ndaoine tinne, na n-oibrithe sa líne thosaigh agus aon daoine eile a bhfuil tionchar ag Covid-19 orthu.

I measc na bhfoirgneamh a soilsíodh, bhí ceithre fhoirgneamh oidhreachta - Caisleán Shoird, Caisleán Bhrí Mhór, Caisleán Ard Giolláin agus an Casino i Mullach Íde - chomh maith le Halla an Chontae i Sord agus na hOifigí Cathartha i mBaile Bhlainséir.

Mhol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien an tionscnamh. Bhí sé i láthair nuair a soilsíodh Caisleán Shoird in éineacht leis an Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Turasóireachta, Emer O'Gorman, agus baill foirne den Aonad Bainistíochta Éigeandála i gComhairle Contae Fhine Gall.

"Dar liom is smaoineamh iontach é solas a lonrú ar son na ndaoine ar fad a bhfuil tionchar ag an bpaindéim Covid-19 orthu. Cuireann sé teachtaireacht amach do mhuintir Fhine Gall agus muintir na hÉireann go bhfuilimid ag troid i gcoinne an víris seo le chéile," a deir an Méara.